Éileamh déanta go dtarraingeofaí siar iarratas pleanála d’ionad cóireála séarachais ar an gCeathrú Rua

Deir lucht feachtais nach bhféadfaí 'droch-chinneadh pleanála' a leigheas le ‘droch-chinneadh pleanála eile’ agus iad ag cur i gcoinne phlean Uisce Éireann ionad cóireála fuíolluisce agus séarachais a thógáil ag Céibh an tSrutháin 

Éileamh déanta go dtarraingeofaí siar iarratas pleanála d’ionad cóireála séarachais ar an gCeathrú Rua

Tá Coiste Chéibh an tSrutháin ag éileamh go dtarraingeofaí siar iarratas pleanála d’ionad cóireála fuíolluisce agus séarachais atá beartaithe don suíomh ag Céibh an tSrutháin ar an Cheathrú Rua i gConamara.

Is de réir moltaí a d’fhoilsigh Uisce Éireann le déanaí, agus a rinneadh i gcomhpháirt le Comhairle Chontae na Gaillimhe, atá an t-ionad úr á bheartú.

I ráiteas a chuir Coiste Chéibh an tSrutháin amach inniu dúradh gur “cúis díomá agus alltachta” don phobal é go bhfuil ionad séarachais na Ceathrún Rua á bheartú ag an chéibh, “ar  chnocán álainn nádúrtha chomh cóngarach do dhaoine”.

Dúradh nach bhfuil aon athrú ar an “seasamh láidir” a glacadh beagnach 10 mbliana ó shin, nuair a reáchtáladh feachtas i gcoinne a leithéid d’ionad cóireála séarachais a bhí le tógáil ar an láthair chéanna.

“Ní raibh agus ní bheidh aon ghlacadh ag na háitritheoirí leis an moladh go dtógfaí ionad cóireála séarachais na Ceathrún Rua i gcomharsanacht Chéibh an tSrutháin i gcroílár an bhaile agus gar de na tithe atá sa leathchiorcal thart timpeall na Céibhe.

“Creideann muid go scriosfaí freisin ceann de na háiseanna nádúrtha is luachmhaire dá bhfuil ar an gCeathrú Rua, láthair álainn cois mara lena mbaineann traidisiún láidir bádóireachta is iascaireachta,” a dúradh sa ráiteas ó Choiste Chéibh an tSrutháin.

go n-aithníonn an pobal áitiúil go gcaithfear leigheas a fháil ar an séarachas amh atá á scaoileadh i bhfarraige ag Céibh an tSrutháin, dúirt urlabhraí ón ghrúpa “nach bhféadfaí “droch-chinneadh pleanála” a leigheas le “droch-chinneadh pleanála eile” a rinneadh trí scór bliain ó shin.

Dúradh gur mian le Pobal Chéibh an tSrutháin go ndéanfaí “iarracht dháiríre réiteach feiliúnach agus cóir” a aimsiú ar fhadhb séarachais na Ceathrún Rua, “réiteach a bheadh ar an gcaighdeán is airde agus a shásódh an pobal ar fad”.

In áit ionad séarachais a thógáil, tá an coiste ag moladh go ndéanfaí forbairt ar Chéibh an tSrutháin mar áis turasóireachta ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin agus mar láthair chultúrtha, caitheamh aimsire agus iascaireachta don phobal.

Maítear i ráiteas an choiste go mbeidh an t-ionad cóireála atá á bheartú i mbliana “ar chaighdeán i bhfad níos ísle” ná an córas ar dhiúltaigh an pobal dó deich mbliana ó shin.

Tar éis feachtas láidir a reáchtáil an pobal 10 mbliana ó shin, theip ar an togra nuair nár thug comhairleoirí contae na Gaillimh a dtacaíocht dó.

Fág freagra ar 'Éileamh déanta go dtarraingeofaí siar iarratas pleanála d’ionad cóireála séarachais ar an gCeathrú Rua'