Éifeacht na vacsaíní le feiceáil ar fud an stáit 

Deir an Dr Colm Henry, go bhfuil deireadh curtha nach mór leis an gCovid-19 mar ghalar contúirteach sna haonaid altranais

Éifeacht na vacsaíní le feiceáil ar fud an stáit 

Tá tionchar an chláir vacsaínithe in aghaidh an Covid-19 le feiceáil ar fud an stáit agus laghdú mór tagtha ar líon na mbásanna agus na gcásanna. 

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an Dr Colm Henry, go bhfuil deireadh curtha nach mór leis an gCovid-19 mar ghalar contúirteach sna haonaid altramais. 

Chomh maith leis sin, sa tseachtain dar críoch an 28 Feabhra níor deimhníodh ach 45 cás i measc oibrithe sláinte i gcomparáid le 1,000 cás sa tseachtain dar críoch an 17 Eanáir. 

Cé go raibh roinnt fadhbanna le dáileadh na vacsaíne i measc daoine os cionn 85, ba léir, a dúirt an Dr Henry, go raibh a lorg fágtha ag an tsnáthaid ar líon na gcásanna tromchúiseacha den ghalar i measc na ndaoine is leochailí.  

Dúirt Príomhfheidhmeannach an HSE Paul Reid go raibh “comharthaí iontacha” ann maidir le héifeacht na vacsaíní.

Ní bhíonn toradh dearfach anois ach ar 0.2% de na tástálacha don ghalar a dhéantar in ionaid altranais, a dúirt Reid. Dúirt sé go raibh líon na gcásanna i measc oibrithe sláinte laghdaithe ó 16% go dtí 4%. 

Bhí laghdú tagtha ar líon na mbásanna, ar líon na gcásanna agus ar líon na n-othar Covid-19 sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim. 

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin inniu go bhfaighfí 46,500 dáileog bhreise den vacsaín BioNTech-Pfizer roimh dheireadh na míosa seo. Tá margadh déanta ag an AE chun 

ceithre mhilliún dáileog den vacsaín a fháil.

Dúirt an Taoiseach go ndéanfaí dáileadh “tapaidh” ar na vacsaíní breise ach a dtiocfaidís roimh dheireadh an Mhárta.

Mhol Uachtarán Choimisiún na hEorpa Ursula von der Leyen  go hard BioNtech-Pfizer as a margadh leis an AE a chomhlíonadh. 

Mhol sí Moderna chomh maith ach dúirt sí go raibh dianchainteanna ar bun fós le AstraZeneca toisc nach bhfuil an margadh a rinneadh leo siúd á chomhlíonadh acu.

Tá ráite ag Johnson & Johnson leis an Aontas Eorpach go mbeidh deacrachtaí acu maidir le soláthar an 55 milliún dáileog den vacsaín atá geallta do bhallstáit an Aontais sa dara ráithe den bhliain.

Meastar go dtabharfaidh an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) a mbeannacht don vacsaín amárach.

De réir na bhfigiúirí is déanaí ón HSE faoin Domhnach seo caite, bhí an tsnáthaid faighte ag 525,768 duine.

375,521 a fuair dáileog amháin agus 150,247 a fuair an dara ceann. 

Tá an Rialtas faoi bhrú le tamall mar gheall ar dheacrachtaí le soláthar agus dáileadh na vacsaíní. 

Idir an dá linn, léirigh figiúirí nua a foilsíodh inniu nár tuairiscíodh aon ráig den ghalar sna scoileanna an tseachtain seo caite.

Fág freagra ar 'Éifeacht na vacsaíní le feiceáil ar fud an stáit '