Éan ‘Gaeltachta’ i mbaol a dhíothaithe – staidéar idirnáisiúnta

Bhíodh an traonach le fáil go fairsing ar fud na hÉireann tráth ach níl ach 168 éan fágtha sa tír anois agus a bhformhór acu sin i gcontae Mhaigh Eo agus i nGaeltacht Chonamara agus Dhún na nGall

Éan ‘Gaeltachta’ i mbaol a dhíothaithe – staidéar idirnáisiúnta

Tá an t-éan ‘Gaeltachta’, an traonach, i measc na gcúig speiceas Éireannacha atá i mbaol a ndíothaithe, dar le staidéar domhanda a foilsíodh le deireanas. Maítear sa staidéar a foilsíodh sa iris Proceedings of the National Academy of Sciences go bhfuil “an séú mórdhíothú” ar tí a tharlaithe, mar gheall ar ghníomhaíochtaí an chine dhaonna.

Bhíodh an traonach le fáil go fairsing ar fud na hÉireann tráth ach níl ach 168 éan fágtha sa tír anois agus a bhformhór acu sin i gcontae Mhaigh Eo agus i nGaeltacht Chonamara agus Dhún na nGall.

Is é an traonach an fauna is mó atá i mbaol a dhíothaithe in Éirinn dar leis an staidéar, agus bail níos measa air ná mar atá ar an ialtóg, an cnádán, an bheach, agus an eascann.

Le dhá bhliain anuas, caitheadh os cionn €560,000 ar Chlár Caomhnaithe na dTraonach, scéim Rialtais leis an traonach a shábháil. Comhthogra atá anseo idir Cairde Éanlaith Éireann agus an Royal Society for the Preservation of Birds atá ar bun ón mbliain 1991.

Bhí an traonach le fáil i bhFear Manach agus áiteanna eile in Éirinn an t-am sin, ach le dhá bhliain anuas níor airíodh traonach ar bith i gCalaí na Sionainne agus tá a líon tite go mór i Maigh Eo chomh maith.

Thit líon na dtraonach in Éirinn arís i mbliana ó 183 go 168. Ar oileáin Dhún na nGall is measa atá an traonach buailte, áit ar thit a líon i mbliana ó 86 go 63.  Tháinig méadú ar líon na dtraonach i gConamara, áfach, ó 13 go 19.

Tá fairtheoir éan fostaithe ag an NPWS le súil a choinneáil ar an traonach ó bhí 2010 ann. Tá ceantar speisialta caomhnaithe aitheanta ag an eagraíocht anois chomh maith agus deontas agus íocaíochtaí eile ar fáil d’fheirmeoirí a dhéanann iarracht gan cur isteach ar an traonach ar a gcuid talún.

Rinneadh staidéar ar 27,600 ainmhí mar chuid den mhórstaidéar domhanda seo agus bhí 177 mamach ina measc. Maíodh go bhfuair “na billiúin pobal ainmhithe” bás ar fud an domhain de bharr an chine dhaonna.

“Ar ndóigh is léir go mbeidh iarmhairtí tromchúiseacha éiceolaíochta, eacnamaíochta agus sóisialta ag an díothú bitheolaíoch seo. Íocfaidh an duine go daor as an díothú seo a dhéanamh ar an t-aon bheatha atá ar eolas againn ar an domhan seo,” an ráiteas duairc a rinneadh ag deireadh an staidéir.

Fág freagra ar 'Éan ‘Gaeltachta’ i mbaol a dhíothaithe – staidéar idirnáisiúnta'

  • Mánus

    Is frása míchruinn “éan Gaeltachta” nó tá an traonach in áiteanna eile sa tír seo agus thar lear.

  • Seosamh Mac Ionnrachtaigh

    Tá an traonach gann sa taobh seo tíre.