Eagrán nua seolta den ‘leabhar gramadaí dóibh siúd nach dtuigeann leabhair ghramadaí’

Tá an ceathrú heagrán de Gramadach gan Stró! curtha in oiriúint don leagan is déanaí den Chaighdeán Oifigiúil

Eagrán nua seolta den ‘leabhar gramadaí dóibh siúd nach dtuigeann leabhair ghramadaí’

Seosamh Ó Murchú, An Gúm, agus Éamonn Ó Dónaill, údar Gramadach gan Stró!

Tá eagrán nua curtha ar fáil de leabhar gramadaí ar díoladh breis agus 17,000 cóip de go nuige seo.

Tá an t-eagrán is déanaí de Gramadach gan Stró! – an ceathrú heagrán – curtha in oiriúint don leagan is déanaí den Chaighdeán Oifigiúil, a foilsíodh ag tús mhí Iúil.

Ocht mbliana ó shin a d’fhoilsigh Gaelchultúr an chéad eagrán de Gramadach gan Stró! le hÉamonn Ó Dónall agus tá breis agus 17,000 cóip den leabhar díolta ó shin i leith. Lena chois sin, tá breis agus 1,500 duine tar éis tabhairt faoin leagan ar líne de Gramadach gan Stró!, atá le fáil ar shuíomh ríomhfhoghlama Ghaelchultúir, ranganna.com.

Deir Éamonn Ó Dónaill, údar Gramadach gan Stró! agus Stiúrthóir Oideachais Choláiste na hÉireann/Ghaelchultúir, gur mheas sé go raibh sé “riachtanach” go gcuirfí amach leagan nua den leabhar a bheadh ag teacht leis an gCaighdeán Oifigiúil nua.

“Bhí mé an-sásta leis an eagrán deireanach a d’fhoilsigh muid, ach ó tharla gur foilsíodh leagan nua den Chaighdeán Oifigiúil le gairid, mheas muid go raibh sé riachtanach go mbeadh an leabhar ag teacht go hiomlán le rialacha na teanga, mar atá siad leagtha síos ansin. B’in a spreag muid le heagrán a ceathair a chur i gcló.

“Agus an obair sin idir lámha againn, thapaigh muid an deis fosta le tuilleadh feabhais a chur ar an leabhar trí ábhar breise a chur isteach ann ina bhfuil míniú ar roinnt gnéithe den ghramadach nach raibh aon eolas tugtha orthu sna chéad trí eagrán. Tá neart ceachtanna nua curtha ar fáil againn fosta,” a deir Éamonn Ó Dónaill.

Deir Ó Dónaill go raibh “an sprioc chéanna” i gceist leis an gceathrú heagrán is a bhí leis na heagráin eile:

“Is é sin leabhar praiticiúil sothuigthe a chur ar fáil ina gcuirfí rialacha na teanga i láthair ar bhealach an-soiléir.

“‘An leabhar gramadaí dóibh siúd nach dtuigeann leabhair ghramadaí,’ mar a deirtear ar an chlúdach.”

Fág freagra ar 'Eagrán nua seolta den ‘leabhar gramadaí dóibh siúd nach dtuigeann leabhair ghramadaí’'