Éachtaint tugtha ar conas mar a tugadh an tsraith teilifíse is fearr riamh ar an bport

Labhraíonn ceardaí ‘The Sopranos’ David Chase go hionraic faoi na deamhain a spreag an tsraith cháiliúil

Éachtaint tugtha ar conas mar a tugadh an tsraith teilifíse is fearr riamh ar an bport

Níl aon cheist im aigne ach gurb é The Sopranos an tsraith teilifíse is nótáilte a craoladh riamh; an bas ar fad acu. Níl an chuid eile acu ach ag sodar ina ndiaidh, The Wire (saothar nach bhfuil chomh maith lena cháil) san áireamh. Bhí tráthúlacht ag baint le saothar David Chase i ndeireadh na nóchaidí agus tráchtaireacht bhinbeach á déanamh ar shochaí na linne. Níos tábhachtaí ná sin áfach bhí an meascán foirfe de scríbhneoireacht shnoite, scéalta cruthanta, carachtair le téagar agus aisteoirí den scoth a dhein sárshaothar de The Sopranos.

Má ghlacann tú leis gurb é Tony agus Carmela na príomhcharachtair ní heol dom aon saothar eile a chuir an oiread sin carachtair thánaisteacha, imeallacha, iontacha os ár gcomhair: Livia, Paulie, Sil, Christopher, Dr. Melfi, Janice, Junior, Vito, Ralphie, Richie, Adriana, A.J., Meadow, Artie, Johnny Sack, Phil Leotardo agus a lán eile nach iad. Cloch mhíle theilifíse nach sárófar go brách agus deacair a shamhlú go bhfuil cúig bliana is fiche gafa tharainn ó craoladh an chéad ghála.

Sa chlár faisnéise dhá ghála, Wise Guy: David Chase and The Sopranos (NOW TV) tugadh léargas dúinn ar conas mar a tugadh an saothar seo ar an bport. Bhí meascán mearaí de chloigne cainte againn ó Michael Imperioli (Christopher) agus Steven Van Zandt (Sil) go Edie Falco (Carmela), Lorraine Bracco (Melfi) agus Drea de Matteo (Adriana). Ábhar iontais dom nach raibh Robert Iler (A.J.), Jamie-Lynn Sigler (Meadow) nó Aida Turturro (Janice) i measc na gcainteoirí. Tá an chuma ar an scéal (agus cloiseann tú Chase féin á rá) gur clár faoin tsraith a bhí ann ar dtús agus gur de réir a chéile a tarraingíodh Chase isteach i lár an aonaigh.

An chéad téama, agus an ceann is láidre, ná gaol Chase lena mháthair féin. Gaol achrannach le bean a raibh deacrachtaí go leor aici. Níor chuir Chase aon fhiacail ann agus cur síos á dhéanamh aige uirthi, agus go deimhin ar a bheirt seanathar. Ba é an gaol sin a spreag é le tabhairt faoin saothar, tháinig smaoineamh an mhaifia ina dhiaidh sin. Faoi mar is eol do chách tá an gaol idir Tony (James Gandolfini) agus a mháthair Livia (Nancy Marchand) mar mháithreacha leis an gcéad shéasúr.

Léiríodh dúinn chomh maith conas mar a réab an saothar seo, agus HBO, múnla milis, saonta na teilifíse. Ina dhiaidh sin féin ní dóigh liom gur tugadh a dhóthain aitheantais do Sex and City, saothar a craoladh den chéad uair an bhliain roimhe sin. Bhí foréigean, gnéas, caint thíriúil agus carachtair ghránna againn mar aon le frithlaoch sa phríomhról. É sin ar fad agus an greann cniotáilte isteach go nádúrtha seoigh.

Gan amhras, ba é James Gandolfini, atá imithe ar shlí na fírinne, a thug beocht agus láidreacht faoi leith don saothar. Ní féidir éinne eile a shamhlú sa ról, agus is amhlaidh atá le carachtair eile na sraithe. Meabhraíodh dúinn gur fhág an carachtar lorg tromchúiseach ar Gandolfini. An scéal, agus saol an charachtair, ag éirí níos gruama de réir mar a bhog an saothar i dtreo ceann scríbe. Gandolfini ag tarrac as tobar a dheamhain féin le tabhairt faoi.

Saothar taitneamhach, slachtmhar a thugann léargas ar cheann feadhain na sraithe teilifíse ab fhearr riamh.

Fág freagra ar 'Éachtaint tugtha ar conas mar a tugadh an tsraith teilifíse is fearr riamh ar an bport'

  • WTF

    Ard-mholadh. Beidh orainn dul á fhéachaint.

  • Breathnóir1

    Sopranos, schmopranos, a Bhreandáin. Tá´s fhios ag gach duine gurb é Ros na Rún an tsraith teilifíse is fearr riamh agus nach mbeidh a shárú le fáil go deo :-)