€7 milliún ceadaithe ag Roinn na Mara do thograí Gaeltachta

D’fhógair an tAire Stáit Timmy Dooley breis agus €6.4 milliún do Chalafort Ros an Mhíl i gConamara

€7 milliún ceadaithe ag Roinn na Mara do thograí Gaeltachta

Tá os cionn €7 milliún ceadaithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus na Mara do thograí i gceantair Ghaeltachta faoin gClár Forbartha Cuanta Iascaigh agus Bonneagar Cósta.

D’fhógair an tAire Stáit Timmy Dooley breis agus €6.4 milliún do Chalafort Ros an Mhíl i gConamara; €606,000 do chuan an Daingin i gCorca Dhuibhne; agus €110,000 do Chléire, i nGaeltacht Chorcaí.

Caithfear formhór an airgid i Ros an Mhíl ar ché uisce domhain (€4,670,000) a ceadaíodh den chéad uair in 2018 ach ar cuireadh stop leis in 2023 tar éis don ghrúpa Wild Defence Ireland cur in aghaidh na n-oibreacha a tosaíodh in 2022.

Chuir Roinn na Mara iarratas faoi bhráid an Choimisiúin Pleanála anuraidh le cead speisialta a fháil leanacht ar aghaidh leis an obair. Táthar ag súil le cinneadh faoin iarratas sin an mhí seo chugainn.

Caithfear an chuid eile den airgead atá curtha i leataobh do Chalafort Ros an Mhíl ar naoi dtogra eile sa phort Gaeltachta, áit a mbíonn idir bháid iascaigh agus bháid farantóireachta i mbun oibre.

Tá €200,000 le caitheamh ar chaladh bád beag ann; €150,000 le caitheamh ar chóras bainistithe tráchta agus coisithe; €250,000 le caitheamh ar athfhorbairt a dhéanamh ar áit na mbád farantóireachta go hOileáin Árann; agus €500,000 le caitheamh ar mhuirmhúr a chosnóidh an cuan.

Is ar chúrsaí “sábháilteachta agus cothabhála” a chaithfear tromlach an airgid atá ceadaithe do chuan an Daingin i gCorca Dhuibhne, agus €300,000 den €606,000 atá ar fáil ansin curtha i leataobh don obair sin. Caithfear €100,000 ar “bhearta fuinnimh” agus €100,000 eile ar an síneadh ar an gcaladh bád beag a cheadaigh an Coimisiún Pleanála le deireanas. Caithfear suimeanna níos lú airgid ar dhreideáil, ar innealra, agus ar obair a fheabhsóidh an teacht atá ag daoine faoi mhíchumas ar sheirbhísí an chuain.

I gCléire i nGaeltacht Chorcaí beidh 90% den airgead a ceadaíodh le caitheamh ar chúrsaí “sábháilteachta agus cothabhála” agus beidh an €10,000 eile le caitheamh ar “rochtain do dhaoine faoi mhíchumas”.

Tá fáilte mhór curtha ag polaiteoirí na Gaillimhe roimh an scéala go bhfuil os cionn leathmhilliún euro ceadaithe do Chalafort Ros an Mhíl. Dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar ó Fhianna Fáil, John Connolly, go bhfuil an obair atá le déanamh sa chalafort Gaeltachta “ríthábhachtach” agus go raibh “lúcháir” air gur ceadaíodh an t-airgead lena haghaidh.

“Cuirim fáilte chroíúil roimh an €6.4 milliún do Ros an Mhíl anseo i nGaillimh. Tá an infheistíocht seo ríthábhachtach do thodhchaí Ros an Mhíl agus do mhórphobal an chósta. Tá infreastruchtúr cuain atá nua-aimseartha agus sábháilte an-tábhachtach le tacaíocht a thabhairt dár n-iascairí, próiseálaithe bia mara, agus don iliomad gnólachtaí atá ag brath ar gheilleagar láidir mara,” a dúirt Connolly.

Dúirt an Seanadóir Seán Kyne ó Fhine Gael gur chuir sé féin fáilte roimh an maoiniú freisin agus go bhfuil an infheistíocht “tábhachtach dár bpobal cósta”.

Fág freagra ar '€7 milliún ceadaithe ag Roinn na Mara do thograí Gaeltachta'