€50m caite ar phriosún nár tógadh agus freagra aisteach an Taoisigh

Caitheann ár gcolúnaí súil ar cheacht eile ar conas airgead a chur amú agus ar fhreagra aisteach an Taoisigh ar cheist faoi chúrsaí tithíochta

00039fea-642

Seoladh plean olltoghcháin, gabhaim mo leithscéal, seoladh plean infheistíochta an Rialtais i stáisiún Heuston Dé Máirt. Cá bhfios ar socraíodh d’aon ghnó go bhfoilseofaí an plean chun aird na meán a tharraingt ó cháipéis thábhachtach eile a foilsíodh ar an lá céanna?

Tá cur síos mar is gnáth i dtuarascáil bhliantúil an Phríomh-Reachtaire Cuntas ar mhórán ranna agus foras eile stáit a chuir airgead amú, agus scata maith ceisteanna a chíorfar le linn chruinnithe an Choiste um Chuntais Phoiblí as seo go dtí an toghchán.

Ní ar státseirbhísigh ná ar fheidhmeannaigh amháin atá an milleán maidir le sciar suntasach den airgead – mar is léir ó chás an phríosúin nár tógadh.

Chaith an tSeirbhís Phríosúin €29.9m ar cheannach talún i gcontae na Mí i gcomhair príosúin nua, tar éis don Aire Dlí agus Cirt ag an am, Michael McDowell, socrú a dhéanamh i 2005 go ndúnfaí Príosún Mhoinseó i mBaile Átha Cliath. Caitheadh breis airgid ó shin ar shuirbhéireacht, ar tháillí dlí, ar bhóithre agus ar áiseanna eile.

San iomlán, a dúirt an Príomh-Reachtaire ina thuarascáil bhliantúil, tá €50.6m caite ag an Stát ar an suíomh le deich mbliana anuas. Idir an dá linn, tá airgead caite ar fheabhsaithe agus ar chillíní breise i bPríosún Mhoinseó agus i bpríosún Phort Laoise. Costas iomlán: €53.7m.

Níl aon chaint anois ar thógáil an phríosúin nua, rud a fhágann gur caiteachas gan toradh é an €50.6m a caitheadh ar an suíomh a ceannaíodh deich mbliana ó shin in aice le Cill Dhéagláin. Tá an cinneadh rialtais a rinneadh deich mbliana ó shin curtha i leataobh.

Deir an Príomh-Reachtaire Séamus McCarthy nár dearnadh cíoradh ceart ar na costais a bhain le tógáil an phríosúin nua, agus gur dearnadh measúnú suntasach faoina luach orthu.

Caoga milliún euro caite. Is fiú cuimhneamh ar an bhfigiúr agus caiteachas nua rialtais ar bith á mholadh, nó á fhógairt; na scéimeanna breátha a fógraíodh i bplean nua an rialtais san áireamh.

FREAGRA AISTEACH ENDA KENNY

Enda kenny

Céard a bhí ar intinn an Taoisigh Dé Máirt nuair a d’fhreagair sé ceist sa Dáil a bhain le cúrsaí tithíochta agus le daoine gan dídean?

Sa cheist a chuir sí ar Enda Kenny, thagair Mary Lou McDonald do bhás Alan Murphy, fear gan dídean ar frítheadh a chorp i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. Is mar seo a chuir Enda Kenny tús lena fhreagra:

Gabhaim mo bhuíochas le clann Alan Ó Murchú, go ndéana Dia trócaire ar a anam. The Deputy’s party has tabled a motion on housing…”

Agus mar sin de.

Buíochas? Do mhuintir fir a fuair bás?

Chuir briathra an Taoisigh an oiread iontais ar fhoireann Tuairisc.ie gur éist ár dtaighdeoirí  le taifead oifigiúil na Dála ar oireachtas.ie féachaint an raibh aon mhíchruinneas sa tras-scríbhinn. Ba léir ón gcéad éisteacht go bhfuil an tras-scríbhinn cruinn, ceart agus ag teacht go hiomlán leis an mbunchaint.

Glacaimid leis nach buíochas ach comhbhrón a theastaigh ón Taoiseach a rá le muintir an fhir mhairbh? Más amhlaidh atá, is dóigh go bhfeicfear ‘ceartú’ sara i bhfad ar an taifead oifigiúil, mar a cheadaítear do Theachtaí Dála nach bhfuil sásta leis an gcuntas oifigiúil ar a ndúirt said.

Cuireann Cathal Mac Coille an clár ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTÉ Raidió a hAon

Fág freagra ar '€50m caite ar phriosún nár tógadh agus freagra aisteach an Taoisigh'