€3.2 milliún á lorg ag Údarás na Gaeltachta mar chuid d’athfhorbairt Choláiste Íosagáin

Tá cead pleanála faighte ag an Údarás chun foirgneamh na seanscoile a fhorbairt mar ionad forbartha gnó, fiontraíochta agus teicneolaíochta ach tá tuilleadh maoinithe ón Rialtas de dhíth chun leanúint ar aghaidh leis an obair

€3.2 milliún á lorg ag Údarás na Gaeltachta mar chuid d’athfhorbairt Choláiste Íosagáin

Tá breis is €3 milliún á lorg ag Údarás na Gaeltachta chun tabhairt faoin chéad chéim eile d’athfhorbairt Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne.

Tá cead pleanála faighte ag an Údarás chun foirgneamh na seanscoile a fhorbairt mar ionad forbartha gnó, fiontraíochta agus teicneolaíochta ach tá tuilleadh maoinithe ón Rialtas de dhíth chun leanúint ar aghaidh leis an obair.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta, Catherine Martin le fios le gairid go raibh iarratas ar mhaoiniú “de thart ar €3.2 milliún” déanta ag an Údarás faoin gCiste um Athghinúint Forbartha Tuaithe.

Tuigtear gur i mí Bealtaine a fhógrófar cinneadh maidir leis an maoiniú.

Dúirt an tAire Martin freisin go raibh conraitheoir tógála roghnaithe ag an Údarás chun an chéad céim den fhorbairt seo a chur i gcrích faoi réir an phacáiste iomlán maoinithe a bhí ceadaithe.

Tugadh an t-eolas mar chuid de fhreagra ar cheist Dála ón Teachta Dála Aindrias Moynihan ó Fhianna Fáil.

Tá sé i gceist go mbeadh ionad gteic agus oifigí eile á dtógáil sa chéad chuid den togra. Beidh 75 spás oibre san ionad gteic, a bheidh ar an dara hurlár den phríomhfhoirgneamh, nuair a thógfar é. Beidh oifig réigiúnach Údarás na Gaeltachta agus spás oifige eile ar an chéad urlár.

Measadh roimhe seo go dtógfadh sé thart ar 12 mí an chéad chéim den fhorbairt a chur i gcrích ón uair a dtosófaí ar an obair.

Dúirt an tAire go mbeidh réimse de sheirbhísí gnó, fiontraíochta agus oiliúna á soláthar ón lárionad, tacaíochtaí do ghnóthaí nua, seirbhísí forbartha scileanna agus seirbhísí taighde san áireamh.

Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil níos mó ná €1.2m caite cheana féin ar athfhorbairt Choláiste Íosagáin chun an suíomh a ghlanadh, chun na bunseirbhísí agus infreastruchtúr a chur in áit agus chun réamhoibreacha bunriachtanacha a thabhairt chun críche.

Is in 2020 a fuair an tÚdarás cead pleanála ar dtús chun Coláiste Íosagáin a athfhorbairt ach cuireadh moill leis an obair thógála nuair a aimsíodh fadhbanna le cuid de dhíon agus de struchtúr an fhoirgnimh.

Fág freagra ar '€3.2 milliún á lorg ag Údarás na Gaeltachta mar chuid d’athfhorbairt Choláiste Íosagáin'