€1 milliún breise le fógairt don Taibhdhearc, straitéis náisiúnta do na healaíona Gaeilge le seoladh

Seolfaidh Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan sa Taibhdhearc sa Ghaillimh amárach an Straitéis Náisiúnta d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge

€1 milliún breise le fógairt don Taibhdhearc, straitéis náisiúnta do na healaíona Gaeilge le seoladh

Fógrófar amárach maoiniú breise d’amharclann na Taibhdheirce nuair a sheolfar straitéis náisiúnta nua d’ealaíona na Gaeilge.

Tuigtear do Tuairisc go bhfuil os cionn €1 milliún breise le fógairt d’amharclann náisiúnta na Gaeilge thar thréimhse ceithre bliana, méadú suntasach ar an deontas bliantúil €320,000 a fhaigheann an Taibhdhearc ó Roinn na Gaeltachta.

Tuigtear go bhfógróidh Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan maoiniú breise amárach chomh maith d’eagraíochtaí eile.

Agus é ag tagairt sa Dáil an mhí seo caite don mhaoiniú a chuirfí ar fáil don straitéis nua, luaigh an tAire Stáit Ealaín na Gaeltachta, An Cumann Scoldrámaíochta, an tOireachtas, Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Seolfaidh Aire Stáit na Gaeltachta Patrick O’Donovan sa Taibhdhearc sa Ghaillimh amárach an Straitéis Náisiúnta d’Ealaíona Teangabhunaithe na Gaeilge.

Tá an straitéis bunaithe ar thuarascáil taighde inar dúradh go raibh “géarchéim ar leith” i ndrámaíocht na Gaeilge “idir ghairmiúil agus amaitéarach”.

Ag labhairt dó le Tuairisc, chuir iarchathaoirleach ar Bhord na Taibhdheirce, Aodh Ó Coileáin, fáilte roimh an taighde sin agus roimh sheoladh na straitéise nua.

Dúirt sé go raibh amharclannaíocht ghairmiúil na Gaeilge fágtha le blianta “gan acmhainní cearta, gan scríbhneoirí agus gan stiúrthóirí”.

“Bhíos ar an mbord sa Taibhdhearc agus i mo chathaoirleach ar feadh tréimhse ó 2016-2021 agus bhí sé thar a bheith dúshlánach teacht ar stiúrthóirí chun dráma a léiriú, bhí sé suntasach nach raibh scríbhneoirí nua ag teacht chun cinn,” arsa Aodh Ó Coileáin.

“Tá lag trá sa drámaíocht sna hollscoileanna, mar shampla, níl aon chumann drámaíochta ag feidhmiú san ollscoil seo [Ollscoil na Gaillimhe]. Léiríonn na daoine a labhair leis na taighdeoirí go bhfuil gá le cúnamh, go bhfuil cúrsaí tite siar agus go dteastaíonn idirghabháil le cúrsaí a thabhairt chun cinn.”

Dúirt Ó Coileáin gur deis a bhí sa straitéis nua teacht i gcabhair ar dhrámaíocht na Gaeilge ar mhaithe lena forbairt.

“Tá deis anois gníomh a dhéanamh bunaithe ar an tuarascáil agus creidim gurb é an gníomh atá le déanamh ná straitéis, ach ní haon mhaith straitéis ar pháipéar mura gcuirtear i bhfeidhm í.”

Fág freagra ar '€1 milliún breise le fógairt don Taibhdhearc, straitéis náisiúnta do na healaíona Gaeilge le seoladh'