Tá curtha i leith an PSNI ag bean a bhí ag freastal ar agóid ar son na Palaistíne i mBéal Feirste le deireanas go ndúirt oifigeach de chuid na seirbhíse léi go gcaithfeadh sí a hainm agus a seoladh a thabhairt i mBéarla nó go ngabhfaí í.
Dúirt Máire Mhic an Fhailí in agallamh físe leis an nuachtán The Irish News gur “baineadh siar go mór aisti” agus gur dheacair di a chreidiúint go ndúirt an póilín de chuid an PSNI an méid a dúirt sé.
“Dé Sathairn, chuaigh mé chuig an mórshiúl ar son na Palaistíne agus d’fhág mé an áit sin agus chuaigh mé ar aghaidh chuig agóid fhrithchiníoch. Dúirt duine liom ‘tá fear á cheistiú ansin mar tá sé ag caitheamh na t-léine atá ortsa’.
“Chuaigh mé sall chuige, mar sin, agus mar bhí sé ina sheasamh lena bhean sheas mé leo a fhad is a bhí na póilíní ag iarraidh labhairt leis. Ansin tháinig duine de na póilíní go dtí mé agus d’fhiafraigh sé m’ainm díom. Mar sin thug mé m’ainm dó, thug mé i nGaeilge é, agus d’fhiafraigh sé mo sheoladh díom, agus thug mé mo sheoladh dó i nGaeilge,” a dúirt Máire Mhic an Fhailí.
Mhaígh sí ansin gur imigh an póilín leis ar feadh meandair agus gur tháinig sé ar ais agus go ndúirt sé léi go gcaithfeadh sí a hainm a thabhairt i mBéarla nó go ngabhfaí í.
“Idir an dá linn, d’imigh duine eile de na póilíní leis agus é ag iarraidh a fháil amach arbh fhéidir muid a ghabháil mar gheall ar an toirmeasc atá ar [an ngrúpa] Palestine Action. Bhí sé sin tagtha ar ais agus dúirt an póilín ‘mura dtabharfaidh tú d’ainm agus do sheoladh i mBéarla, gabhfaimid thú’. Baineadh siar go mór asam. Bhí mé ag smaoineamh ‘an ndúirt sé é sin i ndáiríre’?” a dúirt sí.
Dúirt Mhic an Fhailí, a gabhadh faoi dheireadh, gur chaith sí an t-léine a bhfuil mana Palestine Action uirthi mar go dtacaíonn sí leis an ngrúpa agus lena bhfuil á dhéanamh acu.
“Ní chreidim go bhfuil rud ar bith atá in aghaidh an dlí á dhéanamh acu. Tá an rialtas i mbun gníomhartha mídhleathacha. Tá a fhios againn go bhfuil iachall ar rialtais, faoin Acht Cúirte Idirnáisiúnta 2009, an cinedhíothú a chosc.
“De réir airteagal 54 den Acht sin, tá [an rialtas] ag éascú an chinedhíothaithe trí dhéanamh páirteanna na mbuamálaithe F35 a cheadú agus trí airm a dhíol le hIosrael nuair atá a fhios acu go bhfuil Iosrael i lár cinedhíothú,” a dúirt sí.
Dúirt an PSNI i ráiteas a tugadh do The Irish News go n-aithníonn an tseirbhís póilíneachta an éagsúlacht teanga agus go gcuirtear seirbhísí ateangaireachta ar fáil saor in aisce nuair a iarrtar í. Dúradh go raibh ateangairí ar fáil ar an láthair agus ar an bhfón agus go raibh tacaíocht ar leith ann do dhaoine bodhra.
“Gabhtar daoine ar an mbonn go bhfuiltear den tuairim réasúnta go ndearnadh coir nó go bhfuil coir ar tí a déanta,” a dúradh sa ráiteas.
Breathnóir1
Jóc atá i stádas na Gaeilge sna 6 chontae. Ní féidir fianaise a thabhairt os comhair cúirte i nGaeilge má tá Béarla agat, ar a laghad dar le breitheamh amháin; ní féidir cúpla comhartha dátheangach a chur suas sa bhusáras nua i mBéal Feirste, agus anois bagraíonn póilíní ar dhuine a thug a cuid sonraí i nGaeilge.
Muiris
Níl a fhios agam cad a dhéanfaidís i gcás mo mhic mar sin, níl leagan Béarla dá ainm aige, agus muidinne inár gcónaí taobh amuigh d’Éirinn níor tugadh ach ainm Gaeilge air, níl ach ainm Gaeilge ar a theastas breithe, ainm Gaeilge a úsáidtí ar scoil air agus ainm Gaeilge atá á úsáid ar an ollscoil anois.