Tá fógartha ag an Roinn Sláinte go bhfuil duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe. 24 cás nua den ghalar atá deimhnithe.
2,296 duine ar a laghad atá básaithe in Éirinn ó thús na paindéime, 1,742 duine ó dheas den teorainn agus 554 ó thuaidh di.
31,299 cás den ghalar Covid-19 atá deimhnithe go dtí seo in Éirinn, 25,538 cás ó dheas den teorainn agus 5,761 cás ó thuaidh di.
Ní raibh bás ar bith le fógairt ag Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu agus cúig chás nua den ghalar a deimhníodh ó thuaidh.
Cuireadh tástáil don ghalar ar 116,146 duine sa Tuaisceart ó thús na paindéime.
26 duine a raibh toradh dearfach ar an tástáil a cuireadh orthu le seachtain anuas.
14 atá buailte ag gcoróinvíreas atá sna hospidéil ó thuaidh ach ní raibh duine ar bith acu sin in aonad dianchúraim agus níor cuireadh aon duine a raibh Covid-19 orthu san ospideál le dhá lá anuas.
Seo an 11ú lá as a chéile nach raibh aon othar a raibh Covid-19 air in aonaid dianchúraim an Tuaiscirt.
De réir na bhfigiúirí is déanaí 18 duine atá buailte ag an gcoróinvíreas atá sna hospidéil ó dheas agus deichniúr acusan atá in ICU.
Idir an dá linn, d’fhógair Uachtarán na Brasaíle Jair Bolsonaro beo ar an teilifís go raibh toradh dearfach ar thástáil a cuireadh air don Covid-19.
“Ní haon chúis imní í. Sin agat an saol. Leanann an saol ar aghaidh. Gabhaim buíochas le Dia as an saol atá agam agus as an ról a tugadh dom maidir lena bhfuil i ndán don tír iontach seo a dtugtar an Bhrasaíl uirthi a shocrú,” arsa Bolsonaro.
Tá an Bhrasaíl ar an dara tír is measa atá buailte ag an Covid-19 ach tá beag is fiú déanta go minic ag Bolsonaro den scéal agus den ghá le srianta agus leis an scoitheadh sóisialta.
Fág freagra ar 'Duine amháin eile a raibh Covid-19 air básaithe, 24 cás nua den ghalar deimhnithe'