Duais idirnáisiúnta taighde buaite ag leabhar faoi Cré na Cille

Ar ‘Carnabhal na Marbh’ le Radvan Markus a bronnadh Duais ACIS 2023

Duais idirnáisiúnta taighde buaite ag leabhar faoi Cré na Cille

D’fháiltigh na foilsitheoirí Leabhar Breac an tseachtain seo roimh an scéala go bhfuil duais idirnáisiúnta taighde buaite ag leabhar faoi Cré na Cille le Máirtín Ó Cadhain. Carnabhal na Marbh le Radvan Markus is teideal don leabhar, a d’fhoilsigh Leabhar Breac, a bhuaigh duais Chomhdháil Mheiriceánach do Léann na hÉireann (ACIS) don bhliain seo caite.

Pléann an leabhar le húrscéal mór Mháirtín Uí Chadhain, Cré na Cille i gcomhthéacs idirnáisiúnta.

Léachtóir le Gaeilge agus leis an Léann Éireannach in Ollscoil Shéarlais i bPrág is ea Radvan Markus. Is é a d’aistrigh Cré na Cille go Seicis agus bíonn sé ag scríobh go rialta do Tuairisc, go háirithe faoi chúrsaí lár na hEorpa.

Ag labhairt dó faoin scéala dúirt Markus go raibh an-áthas air go bhfuair an leabhar an t-aitheantas seo, go háirithe ó tharla gur roghnaigh sé é a fhoilsiú i nGaeilge.

“Tá mé an-sásta go bhfuair an leabhar aitheantas mar seo, go háirithe toisc go gur bhraith mé brú áirithe ón gcóras acadúil (ní ó mo roinn féin, atá an-fhlaithiúil agus oscailte) torthaí mo thaighde a fhoilsiú i mBéarla. Ina ainneoin sin, roghnaigh mé an Ghaeilge ar chúiseanna ar leith, ómós don Chadhnach ina measc, le dóchas go sroichfeadh an leabhar a spriocphobal léitheoirí ar an mbealach sin.”

Tá súil ag Markus go spreagfaidh an t-aitheantas a fuair an leabhar seo scoláirí eile chun taighde a dhéanamh ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain.

“Tá áthas orm ó thaobh Uí Chadhain chomh maith — má chuirimid san áireamh an stádas atá aige i gcritic na Gaeilge, níl a lán monagraf scríofa air in aon chor. Bheinn an-sásta dá spreagfadh an t-aitheantas a fuair mo leabhar tuilleadh taighde ar an gCadhnach, go háirithe anois agus an oiread sin ábhar spreagúil cartlainne ar fáil.”

Bhí ardmholadh ag moltóirí ACIS don saothar. Ina gcuid tráchtaireachta, dúirt na moltóirí gur bhain siad an-taitneamh as obair chritice Carnabhal na Marbh. Luaigh na moltóirí gur léirigh Markus sa leabhar gur bhain léitheoirí na linne an-sult as an úrscéal Cré na Cille nuair a foilsíodh ar dtús é i 1949.

Rinne na moltóirí suntas freisin den iniúchadh atá sa leabhar ar ghnéithe éagsúla den úrscéal, agus iad á bplé i gcomhthéacs litríocht na hEorpa agus litríocht an domhain.

“Chomh maith leis an gcomhthéacs domhanda, pléitear an ceangal idir Ó Cadhain agus James Joyce, Samuel Beckett agus Brian Ó Nualláin; agus faigheann an léitheoir plé bríomhar ar idirthéacsúlacht sa chaibidil ar an úrscéal agus traidisiún na Gaeilge.

“Ceann de ghnéithe suntasacha an leabhair ná cé chomh cuimsitheach is atá an plé ar fhoinsí criticiúla ar Ó Cadhain, agus ar fhairsinge na tagairtí agus na hábhair atá fite san anailís,” a dúirt na moltóirí.

Leabhar ‘an-sásúil é ar gach bealach’ a dúirt moltóirí ACIS faoi Carnabhal na Marbh agus an duais á bronnadh acu.

“Is leabhar mealltach, taitneamhach amach is amach é, agus táimid cinnte gur leabhar scoláireachta tábhachtach é i dtaobh litríocht na hÉireann.”

Fág freagra ar 'Duais idirnáisiúnta taighde buaite ag leabhar faoi Cré na Cille'

  • WTF

    Comhghairdeachas leat agus libh.

  • alan titley

    Agus is maith mar atá tuillte. Laoch é an t-údar!

  • Seán Mag Leannáin

    “Ina ainneoin sin, roghnaigh mé an Ghaeilge ar chúiseanna ar leith, ómós don Chadhnach ina measc, le dóchas go sroichfeadh an leabhar a spriocphobal léitheoirí ar an mbealach sin.” Bheadh áthas ar Ó Cadhain gur roghnaigh sé an Ghaeilge don leabhar, gur fhan sé dílis don teanga féin. B’shin an rud ba thábhachtaí dó i gcónaí riamh. Comhghairdeas leis an údar. Éacht déanta aige.