Drochscéal dona faoin timpeallacht…agus dea-scéal beag

Tá cur síos cruinn géar ar fhaillí gach rialtas le scór bliain sa tuairisc a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil an tseachtain seo

Drochscéal dona faoin timpeallacht…agus dea-scéal beag

Is breá le hairí rialtais agus a gcomhairleoirí a rá le hiriseoirí, nuair a bhíonn rialtas á cháineadh agus á cheistiú go géar, gur chóir dúinn cuimhneamh ar an bpictiúr iomlán.

‘Nílimid ag dul ar gcúl’, nó a leithéid a deirtear linn. Nó a déarfaí dá mbeifí ag labhairt i nGaeilge. Ní gá a rá le léitheoirí tuisceanacha Tuairisc.ie ar ndóigh go bhfuil dhá fhocal thábhachtacha ar lár ach iad intuigthe i ráitis dá leithéid.

Is ionann an chaint thuas dáiríre mar shampla agus a rá ‘nílimid ag dul ar gcúl go hiomlán’.

Is ar an scéal dochreidte a d’inis Helen McEntee sa Dáil Déardaoin agus an tuairimíocht faoin maolú ar shrianta in aghaidh an choróinvíris a cuireadh an bhéim is mó sna tuairiscí ar an saol polaitiúil le cúpla lá.

Bí cinnte go mbeidh cíoradh ar an dá ábhar riachtanach arís.

Idir an dá linn, tháinig dea-scéal agus drochscéal chugainn i rith na seachtaine a bhain le cúrsaí comhshaoil, dhá scéal a thuilleann aird. Más mian le léitheoirí an dea-scéal a léamh i dtosach, tig leo léim ar aghaidh go dtí an cheannlíne ‘Agus an dea-scéal’ thíos.

An drochscéal

Bhí cur síos cruinn géar ar fhaillí gach rialtas le scór bliain ar a laghad maidir le cúrsaí comhshaoil sa tuairisc a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil Dé Céadaoin.

Léirigh an tuairisc, atá ar fáil anseo,  go bhfuil brú á chur ar gach gné de thimpeallacht agus de bhithéagsúlacht na tíre. Seo cuid dá raibh ann:

  • Tá astaíocht gás teasa ag méadú agus ár spriocanna socraithe á sárú i gcónaí
  • Tá easpa fianaise ann a léireodh go cinnte go rachaidh ár n-astaíochtaí i laghad
  • Tá ábhar feabhais i bplean aeráide an rialtais ach níl ann ach ‘an chéad chéim’
  • Tá ábhar imní sa bhfianaise a bhaineann le gach earnáil dár dtimpeallacht
  • Tá caighdeán uisce aibhneacha na tíre ag dul in olcas i gcónaí

Tá gearradh siar ar astaíocht agus ar thruailliú chomh maith le feabhas comhshaoil den uile chineál geallta i gclár an rialtais ach is amach anseo a léireofar an gcomhlíonfar a mhórgheallúintí. Faoi láthair áfach, mar a dúirt Ardstiúrthóir na Gníomhaireachta Laura Burke agus an tuairisc á seoladh aici, ní féidir a bheith dóchasach mura ngéarófar ar fheidhmiú na mbeartas a theastaíonn i ngach réimse de shaol na tíre.

Ní cóir breithiúnas róghéar a thabhairt róluath ar thoil rialtais dul i ngleic le fadhbanna móra. Níl an rialtas reatha i gcumhacht ach le cúig mhí. Sin ráite, tá cur síos lom agus fianaise chuimsitheach sa tuairisc ar an mórshaothar agus an mór-athrú meoin a theastaíonn sa tír má táthar chun aghaidh a thabhairt dáiríre ar phríomhchontúirt ár linne.

Agus an dea-scéal…

Socraíodh ag cruinniú an rialtais Dé Máirt go gcuirfí €108 milliún ar fáil chun portaigh Bhord na Móna a athchóiriú. Deimhneoidh an tionscnamh ar a gcaithfear an t-airgead go gcoimeádfar 100 milliún tonna carbóin faoi thalamh. Meastar freisin go mbeidh na portaigh ina ndéanfar an obair ábalta 3.2 milliún tonna breise carbóin a stóráil idir seo agus 2050.

Fostófar thart ar 350 oibrí leis an obair a chur i gcrích. Cuirfear €28m ó chiste eile (ar a dtugtar Athrú Cóir nó ‘Just Transition’) ar fáil do scéimeanna forbartha, fuinnimh, oiliúna agus taighde atá beartaithe ag eagrais éagsúla atá lonnaithe in aice le portaigh i lár tíre.

Nuair a thug an tAire Comhshaoil Eamon Ryan cuairt ar phortach Loch na Buaraí i gContae Uíbh Fhailí, dúirt sé gur samplaí breátha iad an dá scéim den Athrú Cóir a chuirfeadh obair mar chaomhnóirí na bportach ar fáil d’oibrithe a bhí ag baint mhóna go dtí seo. Ní chuirfidh an plean a d’fhógair sé obair fáil do gach oibrí de chuid Bhord na Móna atá, nó a bheidh, díomhaoin sula fada, ach is céim thábhachtach chun cinn é ó thaobh fostaíochta agus chaomhnú comhshaoil de.

Iarfhocal:

Thug Teachta Dála Fhianna Fáil i Laois-Uíbh Fhailí Barry Cowen tacaíocht ó thús do na grúpaí áitiúla a d’iarr go gcuideodh an rialtas leo. Murach eachtra áirithe a tharla sular bunaíodh an rialtas, gach seans nach é Eamon Ryan ach Cowen a bheadh ina sheasamh mar aire ar bhruach an phortaigh agus an plean á fhógairt.

Ach sin scéal eile.

Fág freagra ar 'Drochscéal dona faoin timpeallacht…agus dea-scéal beag'

  • Eoghan O Neill

    Méadú ar stoirmeacha, tuilte, creimeadh cósta agus truailliú aeir, fíor-uisce agus sáile etc. de thoradh stíl bheatha bunaithe at dhó ola agus ganntanas foraoiseacha chun an farasbarr CO2 a bhaint as an aer. Tráthúil cáin a chur ar bhreosla eitealáin agus feachtas mór plandáil crann at thalamh na hÉireann.