Doire ag iarraidh na Gaillimhigh a chur dá mbuille agus deis ag Ciarraí na Jeaicíní a shárú

Imreofar an tríú babhta de Roinn 1 na Sraithe Náisiúnta Peile an deireadh seachtaine seo agus gan a fhios againn fós cé, seachas Gaillimh, atá go maith agus cé, seachas Maigh Eo, atá go dona

Doire ag iarraidh na Gaillimhigh a chur dá mbuille agus deis ag Ciarraí na Jeaicíní a shárú

Roinn 1 na Sraithe Peile Náisiúnta

Dé Sathairn, 15 Feabhra

Doire v Gaillimh – Páirc na gCeilt, 5.00in (Beo ar TG4)

Ciarraí v Áth Cliath – Páirc Aibhistín de Staic, 7.30in (Beo ar RTÉ)

Dé Domhnaigh, 16 Feabhra

Maigh Eo v Tír Eoghain – Páirc Mhic Éil, 1.45in (Beo ar TG4)

Dún na nGall v Ard Mhacha – Páirc Mhic Cumhaill, 3.45in (Beo ar TG4)

Tabharfaidh Gaillimh faoin mbóthar ó thuaidh inniu agus Pádraic Joyce agus a fhoireann ag iarraidh cur leis an tús maith a bhí acu sa tsraith i mbliana.

Tar éis do na Gaillimhigh an ceann is fearr a fháil ar Ard Mhacha sa gcéad bhabhta, bhíodar i bhfad rómhaith do Mhaigh Eo coicís ó shin i gCaisleán an Bharraigh agus an chuma orthu go bhfuil siad ag baint leas as na rialacha nua. Chiceáil Gaillimh trí scór lasmuigh den stua 40m i dtréimhse chinniúnach in aghaidh Ard Mhacha agus d’aimsíodar ocht scór arbh fhiú dhá phointe iad in aghaidh Mhaigh Eo chun a gcomharsana a chur de dhroim seoil.

Fear Chois Fharraige, Cillian Ó Curraoin, agus Shane Walsh a d’aimsigh a bhformhór agus cuma na maitheasa orthu fiú agus muid fós luath go maith sa séasúr nua. Tá leithéidí Paul Conroy agus Matthew Tierney breá ábalta an sprioc a aimsiú ó lasmuigh den stua chomh maith agus bí cinnte go dtabharfaidh John Daly faoi iarracht má thosaíonn sé anocht i nDoire.

D’fhill Rob Finnerty ar pháirc na himeartha sa gcluiche coicís ó shin chomh maith agus an chuma ar phainéal na Gaillimhe go bhfuil sé rud beag níos láidre ná mar a bhí anuraidh, nuair a chuaigh siad chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann.

Ní bhfaighidh siad tada éasca i bPáirc na gCeilt tráthnóna, áfach, go háirithe agus teipthe ar an bhfoireann baile an bua a fháil ar Chiarraí cúpla seachtain ó shin. Ba iad na hUltaigh ab fhearr cuid mhaith den chluiche sin ach sciob na Ciarraígh leo an bua le cúpla cúl deireanach sa gcluiche.

Bhí bearnaí i gcosaint Dhoire nuair a chaill siad seilbh ar an liathróid, bearnaí a fheicfear níos minice seans leis na rialacha nua, ach bhí cumas na foirne le feiceáil chomh maith agus taispeántais den scoth tugtha ag leithéidí Shane McGuigan, Brendan Rodgers, Ethan Doherty agus Paul Cassidy agus lá eile, d’fhéadfadh an cluiche a bheith buaite acu éasca go maith.

Beidh Jack O’Connor buíoch as na pointí sraithe a thug Ciarraí leo an lá sin, áfach, go háirithe agus an ceann is fearr faighte ag Dún na nGall orthu i gCill Airne an deireadh seachtaine seo caite. Is i dTrá Lí a bheidh fir na Ríochta anocht agus iad ag cur fáilte roimh Áth Cliath.

Tá sé deacair déanamh amach cé chomh maith is atá fir na príomhchathrach i láthair na huaire. Bhí bua maith acu ar Mhaigh Eo sa gcéad bhabhta ach b’fhéidir nach aon ghaisce é sin agus Maigh Eo chomh lag in aghaidh na Gaillimhe. Chlis ar Áth Cliath ansin i gcoinne Dhún na nGall coicís ó shin agus gan freagra acu ar an mbearna a chuir na Conallaigh idir na foirne sa gcéad leath. Baineann na Ciarraígh sásamh ar leith as Áth Cliath a shárú agus d’fhéadfadh go mbeadh an deis acu sin a dhéanamh anocht.

Beidh Kevin McStay ag súil le freagra óna chuid imreoirí nuair a thabharfaidh Maigh Eo aghaidh ar Thír Eoghain i bPáirc Mhic Éil amárach. Tá McStay ag iarraidh seans a thabhairt do roinnt imreoirí nua sa tsraith ach má chailleann siad tráthnóna, beidh sé deacair orthu an taoide a chasadh agus iad ag bun an tábla i Roinn 1.

Is é seo an chéad chluiche ag Tír Eoghain lasmuigh de chúige Uladh agus an bua acu ar Dhoire sa gcéad bhabhta ach bhíodar leamh go maith in aghaidh Ard Mhacha coicís ó shin. Níor imir leaids Eireagail Chiaráin sa gcéad dá bhabhta sin ach má fhilleann na Canavans agus an chuid eile don cheann seo, bheadh siad dóchasach go maith.

Dún na nGall agus Ard Mhacha a thabharfaidh aghaidh ar a chéile sa gcluiche deireanach i Roinn 1 an deireadh seachtaine seo. Beidh an ghaoth i seolta na gConallach tar éis dóibh Ciarraí a bhualadh an deireadh seachtaine seo caite ach feicfimid cén lorg a d’fhág an cluiche sin orthu agus iad anois ag imirt don tríú deireadh seachtaine as a chéile ach deis ag Ard Mhacha sos a ghlacadh ón mbua a bhí acusan ar Thír Eoghain.

Fág freagra ar 'Doire ag iarraidh na Gaillimhigh a chur dá mbuille agus deis ag Ciarraí na Jeaicíní a shárú'