An bhfuil obair dháiríre ar siúl ar chor ar bith ag an mboc sin atá ag scríobh leis sa chúinne?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: bíonn an scríbhneoir rud beag scoite amach ón bpobal – agus is maith sin

An bhfuil obair dháiríre ar siúl ar chor ar bith ag an mboc sin atá ag scríobh leis sa chúinne?

Tá an t-alt seo ag teacht chugat ó Pháras, an chathair inar tháinig coincheap an flâneur chun cinn – an duine a chaitheann a shaol ag spaisteoireacht agus ag cur síos ar an saol ina thimpeall. Charles Baudelaire a cheap an téarma, más fíor, agus ní haon iontas é gur le cineál áirithe scríbhneora a shamhlaítear an téarma, an scríbhneoir sin a thugann tús áite ina chuid oibre do shaol na cathrach, an cineál scríbhneoireachta a chleachtaim féin.

Tá an flâneur áirithe seo tugtha don mhochéirí ach ar ámharaí an tsaoil bhí an boulangerie is gaire don óstán oscailte ag a 05:30am. D’ordaigh an flâneur caife agus pain au chocolat ina chuid Fraincise meirgí, bhuail faoi, agus thug suntas d’éinín beag, gealbhan binne, a bhí ag léimt ó urlár go cathaoir go bord, ag piocadh ar ghrabhróga na croissants a bhí fágtha ina ndiaidh ag muintir Pháras – a bhí ag teacht agus ag imeacht mar a bheadh taoide mhara ann, de réir mar a tháinig agus a d’imigh na tramanna taobh amuigh agus na traenacha sa stáisiún in aice láimhe, daoine de chuile dhath agus chuile imir agus iliomad teangacha ar a mbéal. Ach níor thug éinne acu suntas don ghealbhan binne a bhí ag léimt agus ag eitilt agus ag piocadh leis ar ghrabhróga.

Rith sé leis an flâneur ansin nár thug éinne de na custaiméirí eile an gealbhan faoi deara toisc go gcaithfidh sé go bhfuil muintir Pháras cleachtaithe ar a leithéid. Rith sé leis, díreach ina dhiaidh sin, go mbíonn an flâneur i gcónaí scoite amach ón bpobal – fiú agus é ina shuí ina measc go fisiciúil, ag slogadh siar caife agus ag alpadh siar pain au chocolat agus ag breacadh síos nótaí faoi chuile shórt agus faoi chuile dhuine agus ag cur ceisteanna air féin ar nós: cén fáth nár mhúin siad tada dúinn ar scoil faoi na teangacha neamh-Eorpacha? Dá seinnfidís téip le samplaí fuaime dúinn fiú amháin – den Volaifis, den Iarúibis, den Cheatsúis – nár bhreá an dóigh sin chun blaiseadh a thabhairt dúinn den éagsúlacht iontach ar cuid di sinn?

Tá sé i gcinniúint gach scríbhneora go gcaitheann sé a shaol rud beag scoite amach ón bpobal ina thimpeall. Fiú má bhíonn sé ina chónaí i measc a phobail féin.

Sa chéad dul síos, ní thuigeann an chuid is mó den phobal scríbhneoirí. Léann cuid den phobal leabhair, ceart go leor, ach an gceapfadh mórán de na daoine sin a bhí ag ceannach croissant agus caife le tógáil amach ag a 05:30 ar maidin agus iad ar a mbealach chuig jab i siopa, in ospidéal, i scoil nó in oifig go raibh obair dháiríre ar siúl ag an mboc sin a bhí ag scríobh leis, sa chúinne?

Sa dara dul síos, ní mór don scríbhneoir féin a chinntiú go mbeidh achar síceolaíoch éigin idir é féin agus an áit nó an pobal a bhíonn faoi chaibidil aige. Murach sin, ní bheadh an coimhthíos ná an fhiosracht ann a theastóidh uaidh chun cur síos a dhéanamh ar an saol ina thimpeall i gceart.

Bhí trí chupán caife faoin bhfiacail ag an flâneur agus bhí na scórtha de mhuintir Pháras tar éis cuairt a thabhairt ar an boulangerie sular thug duine acu, bean sna caogaidí deireanacha, suntas don ghealbhan binne. D’fhan sí ina seasamh ansin i lár an bhácúis ar feadh i bhfad tar éis di caife le tógáil amach a cheannach, ag breathnú ar an éinín, lán iontais.

Scríbhneoir a bhí inti, gan dabht.

Fág freagra ar 'An bhfuil obair dháiríre ar siúl ar chor ar bith ag an mboc sin atá ag scríobh leis sa chúinne?'

  • Siob

    an tseoid amháin in Tuairisc.ie is é do cholúnsa. Grma a Alex.