Gearradh agus fuinneamh in imirt na dTiobraid Árannach, ach é luath fós

Ag an bpointe seo den fheachtas sraithe tá Loch Garman agus an Clár i mbaol a ndícháilithe

Gearradh agus fuinneamh in imirt na dTiobraid Árannach, ach é luath fós

Cuireadh tús spleodrach leis an gcéad deireadh seachtaine den tsraith mí ó shin le teacht Stoirm Éowyn maidin Dé hAoine. Más aon tslat tomhais é an méid ticéid séasúir a díoladh roimh Nollaig caithfidh go bhfuil an-suim ag leantóirí sna cluichí agus freastal maith ar na cluichí go dtí seo.

Bhí an chéad chluiche sraithe i Loch Garman agus Corcaigh ar cuairt. Bhí Corcaigh i bhfad rómhaith do na Carmannaigh atá an-ghann faoi láthair ar imreoirí a bhfuil taithí acu. Bhí bua agus taispeántas an deireadh seachtaine ag Tiobraid Árann as baile i gcoinne na Gaillimhe.

An dara deireadh seachtaine bhí an Ghaillimh, le deich n-athrú ar an bhfoireann, i bhfad níos fearr i gCill Chainnigh, mar ar thug siad leo an dá phointe sraithe.I gCorcaigh bhí sórt cogadh tnáite againn agus Luimneach ag tosú amach den chéad uair i mbliana. Chríochnaigh na foirne cothrom. Bhí bua an bhabhta i roinn 1B ag Ceatharlach agus an lámh in uachtar acu ar Phort Láirge.

Sa tríú babhta, rinne bainisteoir na Gaillimhe Micheál Donoghue sé athrú ar an bhfoireann agus thugadar an-taispeántas sa chéad leath agus iad deich gcúilín chun cinn ar sheaimpíní na sraithe agus na hÉireann, contae an Chláir. De réir tuairiscí níl aon rogha ag bainisteoir an Chláir Brian Lohan ach seans a thabhairt do scata maith imreoirí nua de bharr ráig gortuithe. Ach mar a sheasann rudaí anois tá baol an dícháilithe ag bagairt agus iad ag bun an tábla in éineacht le Loch Garman. Cuimhnigh go mbeidh an dá chontae in íochtar an tábla ag dul síos go dtí an dara roinn don chéad séasúr eile agus smaoinigh ar an míbhuntáiste a bhainfeadh leis sin .

Ní dóigh liom go bhfuil aon bhaol dícháilithe ar Thiobraid Árann agus iadsan suite ar bharr an tábla le Cill Chainnigh agus an Ghaillimh. Ba é a gcluiche in aghaidh Luimnigh an Domhnach seo caite an choimhlint is fearr de na cluichí ar fad atá imeartha go dtí seo san fheachtas sraithe. Caithfidh go bhfuil Liam Cahill thar a bheith sásta leis an dul chun cinn atá déanta acu agus bheifeá ag súil go mbeidh siad láidir i gcomórtas na Mumhan i mbliana. Bhíodar an-iomaíoch sa chluiche sin i gcoinne Luimnigh agus iad gob ar ghob leo go dtí an deireadh. Tá fuinneamh agus gearradh ina gcuid imeartha, plean soiléir acu agus iad istigh leo féin nuair a bhíonn seilbh na liathróide acu. É sin go léir ráite, is minic foirne faoi stiúir Cahill an-mhaith sa tsraith ach iad tugtha faoin am a dtosaíonn an chraobh. Feicfimid.

Pé saoithe a bhí ag smaoineamh ar fhógra báis a bhreacadh do Luimneach, bhuel, beidh orthu ábhar cainte nua a fháil, mar bunaithe ar an dá cluiche go dtí seo beidh foireann John Kiely i lár an aonaigh arís nuair a a bheidh na duaiseanna móra go léir le bronnadh i mbliana . Agus tá scata láidir imreoirí le filleadh fós, leithéidí  Sheáin Finn, Mike Casey, Barry Nash, Declan Hannon, Will O’Donoghue, Darragh O’Donovan, Cathal O’Neill, Gearóid Hegarty, Tom Morrissey, Séamus Flanagan agus Shane O’Brien. Ní raibh aon duine acu sin ar an bpáirc an Domhnach seo caite nuair a bhuaigh siad ar Thiobraid Árann. Déarfainn go bhfuil Derek Lyng sásta go leor freisin ach tuigeann sé go bhfuil mórán le déanamh fós acu.

Beidh níos mó eolais againn faoi Chorcaigh i ndiaidh an chéad chluiche eile i gcoinne na dTiobraid Árannach.

Ag an bpointe seo san fheachtas sraithe tá Loch Garman agus an Clár i mbaol a ndícháilithe.

Tá deireadh seachtaine mór na gcoláistí tríú leibhéal linn agus cluiche ceannais Chorn Mhic Giobúin á imirt inniu i lárionad CLG Chonnacht. Is iad DCU agus UL a bheidh i gcoinne a chéile, agus coláiste Átha Cliath ag iarraidh an comórtas a bhuachan den chéad uair. Tá leaideanna Luimnigh sa tóir ar a naoú craobh agus an tríú ceann le ceithre bliana.

Fág freagra ar 'Gearradh agus fuinneamh in imirt na dTiobraid Árannach, ach é luath fós'