An t-aicsean déanta ag an gCeathrú Rua go dtí seo nuair a bhí an crú ar an táirne ach an dúshlán is mó fós le sárú

Tabharfaidh An Cheathrú Rua aghaidh ar Naomh Pádraig Uisce Chaoin i gcluiche ceannais Chraobh Shóisir Peile na hÉireann tráthnóna i bPáirc an Chrócaigh

An t-aicsean déanta ag an gCeathrú Rua go dtí seo nuair a bhí an crú ar an táirne ach an dúshlán is mó fós le sárú

An Cheathrú Rua v Naomh Pádraig Uisce Chaoin – Páirc an Chrócaigh, 3.10in (Beo ar TG4)

Tá an lá mór tagtha do mhuintir na Ceathrún Rua agus a mbealach déanta ag gach a bhfuil in ann aige sa gceantar chuig Páirc an Chrócaigh do chluiche ceannais Chraobh Shóisir Peile na hÉireann.

Is beag cur amach acu ar an bhfreasúra, Naomh Pádraig Uisce Chaoin ó Dhún na nGall, ach tá aithne na mblianta acu ar na fir a bheidh ag dul chun páirce sa dearg agus dubh agus fios acu go, pé toradh a bheidh ann, nach bhfágfaidh siad tada ina ndiaidh agus iad ag iarraidh an t-aicsean a dhéanamh don Cheathrú Rua.

Mí Iúil seo caite a thosaigh an t-aistear le cluiche i gcraobh iarthar na Gaillimhe i gcoinne chumann an Athar Uí Ghríofa/Éire Óg. Deich gcluiche ar fad atá imeartha acu idir sin agus an lá atá inniu ann agus gach ceann acu buaite ag foireann Mhaghnus Bhreathnach.

Ní gan dua a thug siad na cosa leo sna cluichí sin, áfach. Cé go raibh dhá dhrochbhliain ag an gCeathrú Rua roimhe sin, agus iad tite ón gCraobh Shinsir go dtí grád na sóisear, bhí go leor i nGaillimh den tuairim gur cheart dóibh cluiche ceannais an chontae a bhaint amach ar a laghad. Mar sin féin, bhí orthu oibriú go crua chun leithéidí Carna-Caiseal, an Fhairche agus cumann an Athair Uí Ghríofa/Éire Óg a shárú.

I gcluiche ceannais an chontae, thug an Cheathrú Rua aghaidh ar Chill Fhír Iarainn.

Drochlá ceart a bhí ann thíos i dTuaim mí Dheireadh Fómhair seo caite agus an chuma ar an scéal go raibh drochlá i ndán d’fhir na Gaeltachta. Agus iad ag iarraidh an bhearna a bhí idir na foirne a laghdú sa dara leath, chuir an Cheathrú Rua scata iarrachtaí amú. Bhíodar fós pointe chun deiridh agus cúig nóiméad den am cúitimh imeartha ach fuair Stiofán Ó Briain, captaen na foirne, deis amháin eile agus sheoil sí cic gleoite thar an trasnán chun seans eile a thabhairt don Cheathrú Rua, seans a thapaigh san am breise chun an chraobh a bhaint.

Ní raibh an jab ach leath déanta le craobh an chontae, áfach, mar bhí ar an gCeathrú Rua Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach a chloí i gcluiche ceannais eile chun an t-ardú céime go dtí an grád Idirmheánach a bhaint amach. Thóg sé tamall fada orthu a gcéilí comhraic a chur díobh ach rinneadar sin faoi dheireadh le cabhair pointí ó leithéidí Pádraig Ó Loideáin, Éanna Mac Cormaic agus Cian Ó Domhnaill.

Agus an brú sin bainte dóibh, d’imir an Cheathrú Rua le níos mó saoirse i gCraobh Chonnacht agus foireann Ghaeltachta eile, Cill Chomáin Mhaigh Eo, cloíte le seacht bpointe acu sna babhtaí leathcheannais sular bhuail siad Baile an Mhóta as Sligeach le hocht bpointe sa gcluiche ceannais.

D’fhág sin nach bhféadfadh buachaillí na Ceathrú Rua mórán scíthe a ligean aimsir na Nollag agus iad ag fáil réidh do chluiche ceannais na hÉireann agus bhí an teannas le feiceáil ina gcuid imeartha in aghaidh Bhéal Átha na gCarrr. Chuir an Cheathrú Rua tús iontach leis an gcluiche i bPáirc de hÍde agus trí phointe cláraithe acu sa chéad trí nóiméad ach tháinig fir Uíbh Fhailí ar ais go láidir ina dhiaidh sin agus thosaigh na Gaillimhigh ag déanamh botún i ndiaidh botúin.

Bhí na hógánaigh Fionán Ó Conghaile agus Maitiú Ó Domhnaill i measc siúd a sheas an fód. Fuair Ó Domhnaill  cúl tábhachtach sa dara leath, ach bhí an Cheathrú Rua fós dhá phointe chun deiridh agus an 60 nóiméad beagnach thart. Scóráil an cúl báire James Ó Flatharta cic ’45 chun na foirne a chur ar comhscór agus ba é an t-ionadaí Paudie Mac Cormaic an laoch agus cúilín an bhua faighte aige in am cúitimh.

Seachas na cluichí sin i gCraobh Chonnacht, ábhar imní do lucht na Ceathrún Rua nach bhfuil barr a maitheasa bainte amach acu ach anois agus arís, ach, ag an am céanna, údar misnigh é go bhfuil an oiread imreoirí difriúla tagtha chun cinn chun an t-aiscean a dhéanamh nuair a bhí an crú ar an tairne, idir óg agus aosta agus ón gcúl báire go dtí an fear ionaid.

Beidh laoch nó dhó eile ag teastáil i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Foireann óg iad Naomh Pádraig Uisce Chaoin – bhí gach imreoir a thosaigh cluiche ceannais Uladh faoi bhun 26 bliain d’aois – ach foireann láidir iad chomh agus an t-imreoir contae, Caolan McColgan i lár na páirce mar cheannaire orthu.

Bhuaigh siad roinnt cluichí i nDún na nGall agus in Ulaidh éasca go maith ach tá cleachtadh acu ar choimhlintí géara freisin, mar a bhí le feiceáil i gcluiche leathcheannais na hÉireann nuair a bhí orthu teacht aniar faoi thrí in aghaidh Chill Mhuire as Corcaigh agus thug na Conallaigh an lá leo ar chiceanna éirice ansin.

Níl aon amhras ach go bhfuil an dúshlán is mó a cuireadh roimh fhir na Ceathrún Rua rompu i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna mar sin. Ach tá a mianach léirithe ag na himreoirí go dtí seo agus má tá an cluiche fós idir dhá cheann na meá agus an t-am beagnach caite, bheadh sé deacair dul i gcoinne fhir Chonamara.

 

Fág freagra ar 'An t-aicsean déanta ag an gCeathrú Rua go dtí seo nuair a bhí an crú ar an táirne ach an dúshlán is mó fós le sárú'