Tá sé curtha in iúl ag iarbhunscoil Bhéarla i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath nach bhfuil sé i gceist leanúint ar aghaidh le plean iompú ina Gaelcholáiste an bhliain seo chugainn.
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley anuraidh go ndéanfaí scoil comhoideachais lán-Ghaeilge de CBS Sráid Synge agus gurb iad na daltaí a bheadh ag dul isteach sa gcéad bhliain in 2026/2027 an chéad dream a bheadh ag fáil oideachas lán-Ghaeilge sa scoil.
De réir tuairisce ag RTÉ, áfach, tá sé ráite ag bord bainistíochta na scoile nach bhfuil sé i gceist leanúint ar aghaidh leis an bplean sin.
“Ní bheidh muid ag leanúint ar aghaidh le rollú an Ghaelcholáiste in 2026,” a dúirt bord bainistíochta CBS Synge Street i litir a cuireadh chuig an Roinn Oideachais.
Níl sé soiléir an bhfuil an scoil ag iarraidh an plean a chur ar athlá nó é a chaitheamh i dtraipisí go hiomlán.
I ráiteas a d’eisigh Cumann na Meánmhúinteoirí, Éire (ASTI) ar maidin, dúradh go rabhthas ar lorg cruinniú leis an Roinn Oideachais agus le pátrún na scoile, Iontaobhas Scoileanna Edmund Rice, maidir leis an bplean Gaelcholáiste a dhéanamh den scoil ar bhonn práinne.
Dúradh go raibh an ASTI “an-bhuartha” go ndéanfaí athrú chomh mór sin ar scoil gan comhairliúchán ceart a dhéanamh roimh ré.
Tháinig an plean a bhí beartaithe aniar aduaidh ar mhúinteoirí na scoile agus dúradh nár cuireadh ar an eolas iad faoin athrú go dtí an lá sular fógraíodh an plean go poiblí mí Mheán Fómhair seo caite.
I ráiteas a d’eisigh múinteoirí na scoile tríd an ASTI ar maidin, dúradh go raibh “an-imní” ar na múinteoirí faoin bplean agus nach raibh aon phlé ceart déanta ag an Roinn Oideachais ná ag pátrún na scoile maidir le cén chaoi a gcuirfí an plean i bhfeidhm ná conas a dhéanfaí na múinteoirí a uasoiliúint chun go mbeadh siad in ann teagasc trí Ghaeilge sa scoil nua.
Dúradh go ndearnadh suirbhé i measc mhúinteoirí na scoile agus gur léirigh 91% díobh nach raibh siad i bhfabhar an phlean. Aontaíodh go raibh gá le Gaelcholáiste nua sa gceantar, áfach.
Bhí tuismitheoirí, múinteoirí agus daltaí ó Ghaelscoileanna sa gceantar a bhfreastalódh an scoil nua orthu i mbun agóide lasmuigh de Theach Laighean níos luaithe an tseachtain seo, sular tháinig an casadh nua sa scéal. Dúradh nach raibh aon teagmháil déanta ag an Roinn Oideachais leis na scoileanna ó rinneadh an plean a fhógairt cúig mhí ó shin.
Tá an feachtas ‘Baile Átha Cliath 2,4,6,8’ ar bun le fada ag iarraidh go mbunófaí scoil lán-Ghaeilge nua i ndeisceart Bhaile Átha Cliath chun freastal ar dhaltaí Ghaelscoileanna an cheantair.
Darren
Náireach