Laoighseach Ní Choistealbha
‘Mis ag Geataí na Tríonóide’ le Biddy Jenkinson
‘Tá sé an-deacair dom dán amháin a roghnú sa chatagóir seo. Is breá liom ‘Multi-tasking’ le Louis de Paor agus ‘Comhrá ar shráid’ le Máire Mhac an tSaoi… ach inniu, roghnóidh mé ‘Mis ag Geataí na Tríonóide’ le Biddy Jenkinson, a foilsíodh sa chnuasach Dán na hUidhre.
Grá uilíoch a mhothaíonn an carachtar Mis sa dán seo. Éiríonn a grá don daonnacht ‘mar thaoille thar na clocha / a muirniú / á ndathú / a n-iomshruthlú’. Glacann Mis, an bhean fhiáin ón fhoraois, le daoine mar atá: ‘na pusanna, geancanna, pislí aoise, beola dochta / áilleacht a mharaigh le héad mé.’
Cuireann an dán i gcuimhne dom go gcaithfidh tú doras an chroí a choinneáil ar faonoscailt. B’fhéidir nach féidir titim i ngrá le hachan duine ar chlár na cruinne seo. Ach, mar a deir Mis, ‘murar thugas grá glan dóibh / thugas taitneamh / agus grá riabhach’.
Seán Mac Risteaird
‘Laoi Cumainn’ le Cathal Ó Searcaigh
Is deacair an ní é an dán grá is fearr liom a roghnú, mar is dócha gur eispéireas domhanda uilíoch an grá, agus ní haontas an ní é go bhfuil a rian le feiceáil go minic i bhfilíocht chomhaimseartha na Gaeilge.
Tá an t-uafás dánta aiteacha grá ann, go háirithe ó pheann Chathail Uí Shearcaigh, Sam Uí Fhearraigh, Eoin McEvoy agus Chiara Ní É. Fillim go mion minic ar luathdhán de chuid Uí Shearcaigh, atá mar cheannródaí na filíochta aití, is é sin ‘Laoi Cumainn’.
Sa dán seo, déantar mianta ghrá an reacaire a nochtadh go paiteanta dá leannán agus is ann a chruthaítear sraith chumhachtach d’íomhánna a thugann teanga don ghrá aiteach. Mar is eol d’éinne a raibh caidreamh grámhar acu, is ceart go n-eascraíonn an tsábháilteacht ón gcaidreamh céanna, mar gurb í an mhuinín a bhíonn i gcroí caidrimh ghrá, faoi mar a phléitear thíos:
Anocht agus tú sínte síos le mo thaobh
a chaoin mhic an cheana,
do chorp teann téagartha, aoibh na hóige ort,
anseo tá mé sábháilte
cuachta go docht faoi scáth d’uchta: sleánna cosanta do sciathán
mo chrioslú go dlúth
óir is tusa mo laoch, an curadh caol cruaidh
a sheasann idir mé agus uaigneas tíoránta na hoíche
Alan Titley
Dán ón 15ú nó ón 16ú
haois
Tá an grá go hiontach agus go hálainn agus go diamhair agus go
míorúilteach. Ach dearmadtar go minic gur de a thagann páistí ar an
saol. Mar sin, ní miste cuimhneamh ar an dán seo ón 15ú nó ón 16ú
haois:
‘Féach leat, ó féach leat’
Féach leat, ó féach leat
Dála na clainne nach ceart:
Gach ní is leat is leo,
Is gach ní is leo ní leat.
Ailbhe Ní Ghearbhuigh
‘Leaba Shíoda’ le Nuala Ní Dhomhnaill
‘Leaba Shíoda’ le Nuala Ní Dhomhnaill mo rogha-sa. Is breá liom na híomhánna ón dúlra agus fuaimeanna na bhfocal. Léadh amach é lá ár mbainise.
Na fiúisí ag ísliú
a gceanna maorga
Ag umhlú síos don áilleacht
Os a gcomhair
Is do phriocfainn péire acu
Mar shiogairlíní
Is do mhaiseoinn do chluasa
Mar bhrídeog
Máirín Nic Eoin
m’fhear céile a chaith sé lá i gcóma is mé ag féachaint amach fuinneoga
an tseomra feithimh ar an solas ag dorchú amuigh ar an mbá
idir Dún Laoghaire is Beann Éadair, is ar theacht is imeacht na taoide:
trácht trom ar an mbóthar mar a raibh an saol Fódlach ag rith sall
is anall, ag plódú ar nós na nduilleog a bhí ag péacadh ar gach aon chrann:
– é seo go léir a thabhairt faoi ndeara is áit a dhéanamh dó id’ chroí gan pléascadh
é seo uile is an móta Normannach a chonac is mé ag gabháil na slí,
áit éigin faoin dtuath in aice le Cill Mhaighneann i gCo. na Mí –
An Obair. Sin í an obair. Sin í an obair nach éasca.
Fág freagra ar '‘Murar thugas grá glan dóibh, thugas taitneamh agus grá riabhach’'