‘D’ith sé do chuid lipstick, Mamaí,’ a d’fhógair an Cailín Mór Beag

AG TÓGÁIL CLAINNE: ‘Cén chaoi a raibh an lá agaibh?’ Ceist neafaiseach go maith, a shílfeá…

Lipstick eating

‘Cén chaoi a raibh an lá agaibh?’ a d’fhiafraigh mé ag bord an dinnéir.

‘Ach tuige a mbíonn tú ag cur an oiread sin ceisteanna orainn an t-am ar fad?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom go mífhoighdeach.

‘Nach bhfuil a fhios agat go mbíonn chuile lá ag an scoil go maith,’ a dúirt sí. ‘Chuaigh mé isteach, bhí mé ag comhaireamh, d’fhoghlaim mé ‘H’, d’ith mé mo lón, tharraing mé pictiúr de roicéad agus chuir mé alien in aice leis, agus sin é.’  

‘Go maith,’ a dúirt mé, agus chuimhnigh mé go mb’fhéidir gur cheart dom éirí as na ceisteanna ar feadh scaithimh.

‘An tusa a chuir cúcamar isteach i mo cheapaire inniu?’ a d’fhiafraigh sí díom agus súil ghéar aici orm. Chorraigh mé i mo shuíocháin. ‘Agus céard fútsa?’ a d’fhiafraigh mé den Chailín Mór Beag.

‘Dhathaigh mé ‘nake agus bhí sé mór millteach!’ D’éirigh sí den chathaoir agus rith sí anonn chuig a mála scoile agus tharraing burla páipéir amach as. Thóg mé an saothar ealaíne uaithi agus d’aimsigh spota dó i measc na mbileog a chlúdaíonn an cuisneoir.

‘Tú féin anois?’ a d’fhiafraigh mé den Bhabaí. ‘Maith, Mamaí,’ a dúirt sé.

‘D’ith sé do chuid lipstick, Mamaí,’ a d’fhógair an Cailín Mór Beag. ‘Tá súil agam nár shlog tú é?’ a d’fhiafraigh mé de go himníoch. Labhair sé go lom. ‘Ith iptic,’ a dúirt sé. Bhí cuma na sláinte air. Is dócha nach bhfuil an béaldath chomh crua ar an mbolg is a shamhlófá a bheadh.

‘Chaith sé an rolla páipéar leithris síos sa leithreas,’ a dúirt Beainín na Naíonáin Bheaga ansin, ‘agus thriail sé mo ghruaig a chíoradh le scuab an leithris,’ a dúirt sí agus í ag gáire dá hainneoin féin.

‘Sa tráthnóna, chaith sé a bhróg isteach sa gcanáil ag na lachain,’ a dúirt sí. ‘‘’Achain’, Mamaí,’ a dúirt an Babaí gan ach leathchluas aige di. Meas tú an dtuigeann sé go bhfuil sé á chrochadh anseo, a chuimhnigh mé.

‘Bhí daoine ag cadhcáil agus léim fear isteach san uisce agus shnámh sé anonn agus fuair sé a bhróg is thug sé ar ais dhó í,’ a dúirt sí agus bís uirthi.  ‘Góga, Mamaí,’ a dúirt an Babaí.

Tháinig deireadh le tuairisc an lae. ‘An bhfuil sé seo ar fad fíor?’ a d’fhiafraigh mé den Bhabaí. ‘Níl, Mamaí,’ a d’fhreagair sé go stuama agus lean air ag ithe a dhinnéir.

Fág freagra ar '‘D’ith sé do chuid lipstick, Mamaí,’ a d’fhógair an Cailín Mór Beag'