Díolúine na Gaeilge – faic déanta le blianta

Níl an plé sa Roinn Oideachais ar cheist díolúine na Gaeilge ach ina thús, in ainneoin gur tugadh a mhalairt le fios le blianta

Daltaí i mbun scrúdú na hArdteiste. Pictiúr: Photocall Ireland

Níl oiread is cáipéis amháin i seilbh na Roinne Oideachais agus Scileanna a léireodh go bhfuil athbhreithniú idir lámha acu ar cheist díolúine na Gaeilge, in ainneoin go bhfuil a mhalairt tugtha le tuiscint le blianta anuas.

Nuair a rinne Tuairisc.ie iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) ar dhoiciméid a bhaineann leis an gceist seo a chur ar fáil, cuireadh in iúl nárbh ann do cháipéisíocht ar bith a bhain le hábhar agus go gcaithfí diúltú don iarratas dá réir.

Thug an Roinn Oideachais le fios do Tuairisc.ie nach raibh aon chomhfhreagras, plépháipéir, meamraim, miontuairiscí ná cáipéisíocht eile faoi cheist díolúine na Gaeilge ina seilbh.

Dúradh nárbh ann do dhoiciméid ar bith a measadh a bheith bainteach leis an scéal.

Os a choinne sin, bhí sé le tuiscint ó fhreagra a thug an tIar-Aire Oideachais, Ruairí Quinn, ar cheisteanna Dála in Eanáir na bliana 2012, go raibh scrúdú á dhéanamh i rith an ama ag an Roinn Oideachais ar cheist na díolúine. Níl aon mhíniú ar an easpa cáipéisíochta i bhfianaise an ráitis úd.

Thug an Roinn Oideachais le tuiscint do Roinn na Gaeltachta ag cruinniú i dtús 2013 go raibh athbhreithniú ar an gcóras díolúine maidir leis an nGaeilge ar bun.

Tháinig an méid sin chun solais i miontuairiscí a fuair Tuairisc.ie a bhain le cruinnithe an Ghrúpa Oibre idir Roinn na Gaeltachta agus an Roinn Oideachais a bunaíodh faoin Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Idir an dá linn, maítear sa tuarascáil is déanaí ar fheidhmiú na Straitéise Fiche Bliain don Ghaeilge ón Roinn Oideachais, go bhfuil “tús curtha le hathbhreithniú ar dhíolúintí ón nGaeilge”.

Mar chuid den athbhreithniú sin, déanfar taighde ar líon na ndíolúintí a iarradh, a tugadh agus a diúltaíodh roimhe seo. Féachfar freisin ar na roghanna eile curaclaim a bhí ag daltaí ar tugadh díolúine dóibh – teangacha eile san áireamh – agus déanfar staidéar ar na torthaí a fuair na daltaí sin ina gcuid scrúduithe.