DIALANN TUAIRISC: Na ceannlínte á gcumadh cheana faoin gcoimisinéir Gaeilge nua…

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

DIALANN TUAIRISC: Na ceannlínte á gcumadh cheana faoin gcoimisinéir Gaeilge nua…

An beart déanta ag Deeds

Aon iriseoir Gaeilge ar fiú iriseoir Gaeilge a thabhairt air baineann sé taitneamh as an spraoi a bhaineann le bheith ag scríobh do phobal léitheoireachta dátheangach.

Tabhartas ó dhia don chumadóir ceannlínte Gaeilge é ainm an choimisinéara teanga nua ó thuaidh, Pól Deeds.

Deirtear linn gur fear maith é Deeds idir bheart agus bhriathar agus táimid ag súil mar sin gur ceannlínte moltacha den chuid is mó a bheidh á gcumadh faoi.

Más fear gnímh é Deeds bainfimid an-sásamh as leithéid ‘An beart déanta ag Deeds’ nó, má éiríonn an-mhaith ar fad leis, ‘Gníomh gaisce déanta ag Deeds’.

Faraor, agus deis tugtha sa reachtaíocht don DUP iarrachtaí an choimisinéara nua a chur ó mhaith, b’fhéidir gur drochscéalta a bheidh le tuairisciú ó am go chéile againn.

‘Feillbheart déanta ag an DUP in aghaidh Deeds’ nó ‘Beart suarach in aghaidh Deeds’ nó a leithéid.

Agus má shílimid go bhfuil ábhairín misnigh ag teastáil ón gcoimisinéir, ní bheadh aon eagla orainn a fhógairt go bhfuil ‘Gá le gníomh ó Deeds’.

Mar ar deireadh thiar, as a chuid gníomhartha a thabharfar breithiúnas ar Deeds.

Cúpla focal Ultaise

D’fhoghlaim mé cúpla focal Ultaise an tseachtain seo agus chuir sé ag cuimhneamh mé ar an uair a dtáinig gaolta i bhfad amach le mo mháthair ar cuairt chugainn anall as Glaschú. Ba é an chéad uair againn a chloisteáil go raibh a leithéid de ghaolta againn agus ní raibh muide, ná éinne eile sa teach, baileach cinnte cén gaol a bhí ann. Ar aon nós, tháinig siad agus d’fhan siad ar feadh coicíse.

Sílim gur Béarla a bhí á labhairt acu, ach bhí sé chomh difriúil ón mBéarla a d’aithin muide go raibh sé chomh maith acu a bheith ag labhairt i dteanga eile.

Chuaigh muid i dtaithí ar an gcaint théis cúpla lá agus thuig muid go leor dhi ach éisteacht go cúramach. Ach bhí mo mháthair bhocht imithe amú ar fad inti agus gan í in ann focal amháin a aithint ó fhocal eile.

Ní raibh de leigheas aici air ach tae agus ceapairí a choinneáil leo, agus bolgaimí fuisce anois is arís sa gcaoi is go raibh chuile dhuine chomh gnóthach sin ag ithe is ag ól nach raibh sé d’am acu a bheith ag caint. Caithfidh gur éirigh go maith leis an gcleas, mar tháinig siad ar ais an bhliain dár gcionn agus an bhliain ina dhiaidh sin arís.

An focal Ultaise a d’fhoghlaim mé ó Ghráinne Ní Ghilín ar An Pod Gaeilge an tseachtain seo ná ‘flure-sucker’, an bhfuil tú in ann a dhéanamh amach cén chiall atá leis? Uirlis a bheadh ag diúl ar an urlár, cuimhnigh air, céard a bheadh ann? Ní gadhar atá i gceist agam ná nathair nimhe ach an oiread. Folúsghlantóir, nó mar a thugtar air i nGaeilge, húbhar.

Chuaigh mé ag cartadh sa bhfoclóir Ultaise le feiceáil an focal ceart é sin, nó an nath cainte nó béarlagair atá ann. Níl aon tagairt don fhocal ar an bhfoclóir Ultaise ar líne agus is é an focal atá tugtha ar ‘vacuum’ nó ‘folús’ ná ‘vacuum’. Níl mé ag rá nach focal ceart é, nó go gcaithfidh focal a bheith sa bhfoclóir le gur focal ‘ceart’ a bheadh ann.

Níl mé ag rá ach nach bhfuil sé sa bhfoclóir, só seans nach focal oifigiúil é. Ná cuir isteach i do thráchtas PhD é, mar shampla, nó ar a laghad cuir uaschamóga agus fonóta in éineacht leis. Is breá an focal é, ar aon chaoi, beidh sé á úsáid agam go rialta agus go flúirseach i mo chuid cainte as seo amach.

Focal eile a d’fhoghlaim mé ná ‘scunnered’ agus is cosúil go bhfuil cialla éagsúla ag daoine éagsúla leis. An chiall a bhaineann cuid de na daoine as ná a bheith náirithe go smior ag rud éigin a tharla. Ciall eile ná a bheith tinn tuirseach ag éisteacht le duine, “I’m scunnered listenin’ to his bletherin,” mar shampla. Focal úsáideach eile.

Ag léamh…

Fuair mé cóip an tseachtain seo den An Ghaeilge agus Lár Bhéal Feirste le Fionntán de Brún.

Thug Fionntán turas timpeall Bhéal Feirste do phobal Tuairisc i rith Oireachtas na Samhna nuair a rinne sé físeán le Darren Ó Dubhgáin agus iad i dtacsaí dubh. Thaispeáin sé na príomháiteanna a bhaineann leis an nGaeilge i gcathair Bhéal Feirste dúinn. Ba mhaith linn a rá gur bunaithe ar scannán beag Tuairisc atá an leabhar ach bhí an leabhar ann ar dtús! Sa leabhairín deas néata seo, a d’fhoilsigh An Sagart, tá treoir dhátheangach d’áiteanna agus do dhaoine a bhaineann go dlúth le stair na Gaeilge i lár Bhéal Feirste. Tabhair leat sa tacsaí dubh é an chéad uair eile go mbeidh tú i mBéal Feirste.

Fág freagra ar 'DIALANN TUAIRISC: Na ceannlínte á gcumadh cheana faoin gcoimisinéir Gaeilge nua…'