Dia beag ab ea an Seanadóir George Mitchell… go dtí nárbh ea

Léirigh na cáipéisí a scaoileadh an tseachtain seo caite go raibh an Seanadóir George Mitchell i dteagmháil leis an bhfoghlaí gnéis Jeffrey Epstein tar éis a chiontaithe

Dia beag ab ea an Seanadóir George Mitchell… go dtí nárbh ea

Dia beag ab ea an Seanadóir George Mitchell in Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste. Tugadh creidiúint d’iarchathaoirleach na gcainteanna in Stormont as Comhaontú Aoine an Chéasta a bhaint amach. Dá réir fuair sé ardghradam san Ollscoil a bhí bródúil as an nasc idir í agus an toscaire Meiriceánach. Chaith sé deich mbliana mar Sheansailéir, post oinigh, ó 1999 go 2009, agus údar gaisce ag an ollscoil ab ea an ceangal leanúnach sin leis.

Dia beag – go dtí nárbh ea níos mó.

Dé Luain d’fhógair an Ollscoil a scarúint ón iarSheanadóir i ngeall ar a chaidreamh leis an bhfoghlaí gnéis, Jeffrey Epstein a ciontaíodh in 2008 as striapachas cailín faoi aois; cúis aonair as liosta fada de chionta nár éisteadh. Dúirt an ollscoil i ráiteas go mbainfí ainm an tSeanadóra Mitchell den Institiúid a ainmníodh ina onóir, an Institiúid um Shíocháin Dhomhanda, Slándála agus Cheartais. Fógraíodh freisin go mbainfí anuas an dealbh, busta de leis an ealaíontóir Colin Davidson a nochtadh mar cheiliúradh cúig bliana fichead ar an gComhaontú.

Chinn údaráis na hollscoile go mbeadh sé míchuí ainm an tSeanadóra a choinneáil ar roinn nó ar fheisteas sa champas i bhfianaise gach ar fhulaing íobartaigh Epstein. Cé nár cuireadh aon choir nó mí-iompar i leith George Mitchell, a dúradar, ní mór don ollscoil a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi as ceannaireacht i gcúrsaí síochána, athmhuintearais agus an chirt, a chinntiú go mbeidh a cuid siombailí agus onóracha ag teacht leis na luachanna sin.

Léirigh na cáipéisí a scaoileadh an tseachtain seo caite go raibh an Seanadóir Mitchell i dteagmháil le Epstein tar éis a chiontaithe. Foilsíodh arís líomhaintí a rinne Virginia Giuffre gur cuireadh iachall uirthi caidreamh collaí a bheith aici le Mitchell. Shéan an t-iarSheanadóir gur casadh air í ariamh agus dúirt gur ainmnigh sí eisean in earráid nuair is duine eile a bhí i ngrianghraf.

Tháinig cealú na hollscoile ar Mitchell ceithre huaire fichead tar éis fógra ón gcomhghuaillíocht Ghael-Mheiriceánach nach mbeadh ainm an iarSheanadóra luaite le clár scoláireachta George J Mitchell feasta. Bhí brú ar Ollscoil na Ríona freisin ó roinnt céimithe, ó dhaoine ar an bhfoireann agus feachtasóirí eile. Ach an raibh bonn teann leis an gcinneadh? Ní fios.

Deirtear gur dhúirt an t-iarSheanadóir leis an ollscoil roimhe seo nach mbeadh aon cheo dochrach sna comhaid atá foilsithe anois. Ar chinn an ollscoil gurbh feall ar iontaoibh nó ar a fhocal é sin i bhfianaise na dtagairtí i nótaí Epstein do chruinnithe le Mitchell blianta tar éis a chiontaithe?

Níl a fhios againn ar tharla na cruinnithe sin in 2010 nó 2013 ach níl siad séanta agus an t-alt seo á scríobh. Mhúscail an cinneadh a thuilleadh ceisteanna. Tá an t-iarUachtarán Bill Clinton agus an t-iar-Státrúnaí Hilary Clinton luaite sna comhaid freisin. Sí Hilary Clinton Seansailéir na hOllscoile faoi láthair. An mbeidh sise le cealú?

Conas a chuir Epstein an chluain ar na daoine cumhachtacha ar fad a bhailigh sé ina thimpeall? Tá a fhios go raibh baint mhór ag dúil i saibhreas leis an bplámás nó lútáil a rinne Peter Mandelson leis. Bhí seisean ina Státrúnaí do Thuaisceart Éireann an dara huair a briseadh as rialtas Blair é mar gheall ar airgead nó cuimilt meala le lucht saibhris. Meastar nach mbeidh athbheochan i ndán dó an t-am seo.

Ach conas is féidir cur síos ar Epstein mar airgeadaí? An raibh gnóthaí airgeadais in áit na leathphingine i gcomparáid le striapachas cailíní óga? Ní léir ó chomhaid Epstein go ndearna sé iarracht a chleachtais a cheilt. Is iontach go deo an oiread daoine cliste, cumasacha nach bhfaca mí-úsáid cailíní faoi aois. Ní leor daille mar chosaint. Tá freagraí dlite do na mná óga a d’fhulaing.

Fág freagra ar 'Dia beag ab ea an Seanadóir George Mitchell… go dtí nárbh ea'