D’fhostaigh fórsaí cosanta Iosrael Gaeilgeoirí chun cúléisteacht le teachtaireachtaí rúnda Gaeilge

Bhíodh nós ag saighdiúirí as Éirinn iompú ar an nGaeilge chun an dallamullóg a chur ar fhórsaí Iosrael agus a gcéilí comhraic Hezbollah a bhíodh ag iarraidh cúléisteacht lena teachtaireachtaí íogaire

D’fhostaigh fórsaí cosanta Iosrael Gaeilgeoirí chun cúléisteacht le teachtaireachtaí rúnda Gaeilge

D’fhostaigh fórsaí cosanta Iosrael cainteoirí Gaeilge chun cúléisteacht le teachtaireachtaí idir saighdiúirí Éireannacha a bhí ar dualgas síochána leis na Náisiúin Aontaithe sa Liobáin sna 1980idí, dar le hiarshaighdiúirí.

Bhíodh nós ag na saighdiúirí as Éirinn iompú ar an nGaeilge chun an dallamullóg a chur ar fhórsaí Iosrael agus a gcéilí comhraic Hezbollah a bhíodh ag iarraidh cúléisteacht leis na teachtaireachtaí ina seolaidís eolas íogair rúnda.

Dúirt roinnt iarshaighdiúirí agus iaroifigigh in arm na hÉireann leis an Irish Examiner gurbh léir dóibh i dtús na n-ochtóidí go raibh fórsaí cosanta Iosrael agus a leathbhádóirí an South Lebanon Army (SLA) ag cúléisteacht leo mar go mbíodh siad “chomh tapa sin” ag gníomhú maidir le teachtaireachtaí a seoladh d’aon ghnó i nGaeilge.

De réir na tuairisce san Irish Examiner,  níor thóg sé i bhfad ar na hIosraelaigh tuiscint a fháil ar an ‘gcód Gaeilge’ agus bhí oifigeach amháin cinnte fiú go bhfaca sé iarbhaill d’arm na hÉireann i measc na nIosraelach.

Dúirt iar-oifigeach sinsearach amháin de chuid arm na hÉireann nach aon ábhar iontais dó anois go dtuigfeadh fórsaí Iosrael gan mhoill gur Gaeilge a bhí á labhairt agus go n-earcóidís Gaeilgeoirí chun cúléisteacht leis na teachtaireachtaí, nó go gcuirfidís ag foghlaim na Gaeilge a mbaill féin.

Dúirt iarshaighdiúir eile gur casadh baill d’Fhórsaí Cosanta Iosrael air a raibh tuin chainte na hÉireann go láidir acu agus dúirt oifigeach eile a bhí ar dualgas sa Liobáin gur cuireadh comhairle air a bheith cúramach agus Gaeilge á labhairt aige agus an Ghaeilge a labhraíodh sé a bheith chomh rúndiamhair agus ab fhéidir toisc go raibh an chuma ar an scéal go raibh tuiscint na teanga ag na hIosraelaigh.

De réir na tuairisce san Irish Examiner, ní léir an amhlaidh gur chuir Fórsaí Cosanta Iosrael nó Mossad gníomhairí go hÉirinn chun Gaeilge a fhoghlaim.

Dúirt urlabhraí ó Ambasáid Iosrael gur oth leo a rá nach bhfuil “aon eolas” acu faoin scéal.

Fág freagra ar 'D’fhostaigh fórsaí cosanta Iosrael Gaeilgeoirí chun cúléisteacht le teachtaireachtaí rúnda Gaeilge'

  • Aonghus

    Bhí againn iarraidh orthu cáipéis na Roinne Oideachais i dtaobh mhí-úsáid leanaí a aistriú go Gaeilge. Mar dhaoine a shlánaigh a dteanga féin seans gur túisce a dhéanfiadís sin ná na Seoiníní s’againne!

  • tom

    Fag faoi na hIosraelaigh an Ghaeilge a thabhairt slan. Shalom a dhuine.