Tá duine de na cainteoirí Gaeilge a bhí á lua leis an toghchán, an t-iarAire Gaeltachta Máire Geoghegan-Quinn, nach mbeidh sí ag seasamh, rud a fhágann go bhféadfadh nach mbeidh ach cainteoir líofa amháin san iomaíocht do ról an uachtaráin.
Go dtí seo, is í an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar Catherine Connolly an t-aon chainteoir líofa Gaeilge a dheimhnigh go seasfaidh sí don uachtaránacht.
Dúirt beirt eile cainteoirí Gaeilge atá á lua le toghchán uachtaránachta an fhómhair, Éamon Ó Cuív agus Mary Hanafin, le Tuairisc nach bhfuil aon rud nua cloiste acu ó cheannáras a bpáirtí, Fianna Fáil, maidir le hainmniúcháin don toghchán.
Tá scríofa ag an iar-aire Oideachais Mary Hanafin chuig baill thofa Fhianna Fáil i dTithe an Oireachtais le cur in iúl dóibh go hoifigiúil go mbeadh sí ag lorg a dtacaíochta don ainmniúchán sa chás go roghnódh Fianna Fáil duine a chur chun cinn.
“Níl aon scéal nua agam faoi, is é an Taoiseach a dhéanfaidh an cinneadh agus beidh an freagra deireanach aige. Bhí mé ag caint le roinnt daoine faoi, agus scríobh mé chuig an bpáirtí parlaiminte mar chuirtéis mar bhí an scéal pléite agam ar na meáin agus ag Scoil Samhraidh Mhic Goill i nDún na nGall.
“Má deir an Taoiseach go mbeidh muid ag seasamh, beidh próiseas oifigiúil ann leis an iarrthóir a roghnú. Tá go leor daoine tar éis scríobh chugam, glao a chur orm, agus téacsanna a chur chugam ag rá go dtacódh siad liom ach níl aon rud oifigiúil ráite go fóill,” a dúirt Hanafin.
Dúirt sí go bhfuil an córas ainmniúcháin do thoghchán na huachtaránachta “chomh cúng sin” go bhfuil “dualgas” ar na páirtithe polaitíochta “rogha a thabhairt” do mhuintir na hÉireann agus gur chóir d’Fhianna Fáil duine a ainmniú.
“Má tá siad ag fanacht le hainmniúchán a dhéanamh, níl a fhios agam cén fáth nó cé leis a bhfuil siad ag fanacht. B’fhéidir go dtarlódh rud cosúil leis an rud a tharla do Gay Mitchell [in 2011] agus go dtitfidís as a chéile, go dtitfeadh an vóta. Ní bhfuair Gay ach 6% nó rud mar sin nuair a bhí tacaíocht a pháirtí i bhfad níos airde,” a dúirt sí.
Maidir le cumas Gaeilge a bheith ag iarrthóirí uachtaránachta, dúirt Mary Hanafin gur bhraith sí go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán ach nach gá go mbeadh sí ag duine atá ag seasamh roimh ré.
“Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach, ach ní raibh Gaeilge ag Mary McAleese sular toghadh í agus chaith sí am i nGleann Cholm Cille. Bíonn an pobal ag súil go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán, fiú na daoine nach bhfuil Gaeilge acu bíonn siad ag súil go mbeadh Gaeilge ag an uachtarán.
“Más féidir is fearr, ach tá sé níos tábhachtaí go mbeadh tuiscint acu ar an mbunreacht agus ar an ról. Níor cheart d’aon uachtarán nua tosú san áit a gcríochnaíonn an duine roimhe. Tá Michael D ar an teorainn anois ach is féidir na teorainn a bhrú amach i slite eile,” a dúirt sí.
Dúirt Éamon Ó Cuív, iar-aire Gaeltachta, nach bhfuil aon rud cloiste aige ach go bhféadfadh an páirtí fanacht go dtí tús mhí Mheán Fómhair sula ndéanfaí cinneadh cé acu an gcuirfidh nó nach gcuirfidh siad iarrthóir chun cinn.
“Tá mí eile fós ann, d’fhéadfaí fanacht go dtí tús mhí Mheán Fómhair. Ag glacadh leis go mbeidh an toghchán féin ann i mí Dheireadh Fómhair agus gan ach b’fhéidir ceathrar ag seasamh ar a mhéid, is leor seachtain don fheachtas.
“Beidh na meáin brataithe leis an toghchán, sin an fáth nach bhfuil deifir mhór orthu. Tá na meáin shóisialta agus na meáin leictreonacha an-saor le poiblíocht a dhéanamh agus is leor sé seachtaine d’éinne le feachtas a rith.
“Is buntáiste a bheadh ann fanacht, bhí nós agamsa in olltoghcháin fanacht go dtí na deich lá dheireanach. Ní bheidh spéis ag an bpobal i dtoghchán go dtí go bhfógrófar é, agus fanfaidh Fianna Fáil,” a dúirt Ó Cuív.
Dúirt sé gur cheart go mbeadh “an dá theanga oifigiúla” ag aon duine a sheasfadh d’uachtaránacht na hÉireann agus go raibh údar maith leis an éileamh sin.
“Ba cheart go mbeadh an dá theanga oifigiúla ag aon duine a chuirfí chun cinn don uachtaránacht. Ní hamháin gur rud siombalach a bheadh ann ach tá feidhm phraiticiúil leis – tá tús áite ag an nGaeilge sa Bhunreacht agus beidh an tUachtarán ag déanamh breithiúnas ar bhillí. Ba cheart go mbeadh an duine sin in ann na billí a léamh i nGaeilge,” a dúirt sé.
Dúirt sé gur fíor go bhfuil Fianna Fáil agus Fine Gael níos gaire dá chéile ná mar a bhí riamh cheana ach nach léir dó go bhfágann sé sin go dtacódh gnáthbhaill Fhianna Fáil le hiarrthóir Fhine Gael, Mairéad McGuinness, dá gcinnfeadh páirtí Mhichíl Martin gan iarrthóir dá gcuid féin a chur chun cinn.
“Tá an meon athraithe ag an mbarr ach an bhfuil sé athraithe ar an talamh? Más sin an cinneadh [gan duine a chur chun cinn] sin an cinneadh, ach chonaic mé le fada nach gá go leanfadh gnáthbhaill an treoir ón gceannaireacht maidir le cúrsaí vótála. Tharla sé le linn reifrinn a reáchtáladh le cúpla bliain anuas,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Cuív, atá ina uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge faoi láthair, gurb é a thuiscint seisean ar chúrsaí ná go mbeadh “coinbhinsiún” ann de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil le hiarrthóir don uachtaránacht a roghnú, ach go gcaithfeadh an páirtí an cinneadh a dhéanamh faoi dhuine a chur chun cinn roimhe sin.
Tá Páirtí an Lucht Oibre agus Sinn Féin fós i mbun machnaimh maidir lena n-iarrthóirí féin a chur chun cinn nó tacú le Catherine Connolly. Thug ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald, polaiteoir eile a bhfuil Gaeilge aici, le fios an mhí seo nach raibh cinneadh déanta aici faoina hainm féin a chur chun cinn.
Tá sé deimhnithe ag Fine Gael gurb í an t-iarChoimisinéir Eorpach Mairéad McGuinness a chuirfidh siad féin chun cinn.
Dúirt McGuinness agus í ina Feisire Eorpach in 2016 gur thrua léi nach ndearna sí staidéar ar theangacha agus í óg agus gur léir di go mba mhór an cúnamh di agus dá gairm é dá mbeadh níos mó ná teanga amháin aici. Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar Fhine Gael
Fág freagra ar 'D’fhéadfadh sé nach mbeadh ach an t-aon chainteoir Gaeilge amháin ag seasamh i dtoghchán na huachtaránachta i mbliana'