D’fhéadfadh nasc a bheith idir snáthaid Johnson & Johnson agus téachtáin fola fhíor-annamha – EMA 

Cuireadh dáileadh na vacsaíne Johnson & Johnson ar athlá an tseachtain seo caite nuair a moladh sos ó úsáid na snáthaide i Stáit Aontaithe Mheiriceá

D’fhéadfadh nasc a bheith idir snáthaid Johnson & Johnson agus téachtáin fola fhíor-annamha – EMA 

Fuair an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach amach “go bhféadfadh” go bhfuil nasc idir an tsnáthaid Johnson & Johnson agus cásanna fíor-annamha de théachtáin fola neamhghnácha. 

Dúradh, áfach, gur mó na buntáistí atá ag baint leis an vacsaín ná an riosca beag a bhaineann léi.

Dúradh gur chóir daoine a chur ar an eolas faoin líon íseal cásanna de théachtáin fola neamhghnácha agus gur chóir a leithéid a liostú i measc na bhfo-iarmhairtí annamha a bhaineann leis an tsnáthaid.

Cuireadh dáileadh na vacsaíne Johnson & Johnson ar athlá an tseachtain seo caite nuair a moladh sos ó úsáid na snáthaide i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Mhol Údaráis sláinte Stáit Aontaithe Mheiriceá go n-éireofaí as an tsnáthaid Johnson & Johnson fad is a bhí scrúdú á dhéanamh acu ar shé chás de théachtáin fola neamhghnácha ag daoine a fuair an vacsaín.

Mná idir 18-48 a bhí sa seisear.

Tá vacsaín aon dáileoige Johnson & Johnson faighte cheana féin ag beagnach seacht milliún duine i Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Bhíothas ag súil le 40,800 dáileog de shnáthaid Johnson & Johnson a fháil in Éirinn an mhí seo agus tá súil le 605,000 dáileog ar fad a fháil roimh dheireadh mhí an Mheithimh.

Dúirt an EMA gur bhain formhór na dtéachtán leis an inchinn agus an bolg, dála chás AstraZeneca. 

Deir Johnson & Johnson go bhfuil siad “an-mhuiníneach” go bhfaighfear dea-scéala gan mhoill ón lucht rialaithe faoi stádas na vacsaíne aon dáileoige. 

Fág freagra ar 'D’fhéadfadh nasc a bheith idir snáthaid Johnson & Johnson agus téachtáin fola fhíor-annamha – EMA '