Tá neart ama caite anois ó chuaigh Ciarraí agus Dún na nGall i mbun catha i bPáirc an Chrócaigh an samhradh seo caite. Neart ama chun ceiliúradh a dhéanamh ar lámh amháin agus neart ama chun machnamh a dhéanamh ar an lámh eile.
Beidh Dún na nGall ag súil le díoltas a bhaint amach ar an Domhnach nuair a chuirfidh siad fáilte go Béal Átha Seanaidh roimh churaidh na hÉireann don dara babhta sa tsraith náisiúnta peile.
Cé go bhfuair Ciarraí bua in éadan Ros Comáin, i gCill Airne sa chéad bhabhta, a bhuíochas do scór deireanach ag Tomás Kennedy agus cruinneas David Clifford, beidh a fhios acu féin nach raibh siad i mbarr a réime ar chor ar bith.
D’éirigh le Dún na nGall dhá phointe a chlárú an deireadh seachtaine seo a chuaigh thart chomh maith, nuair a fuair siad a gcéad bhua sa tsraith in éadan Bhaile Átha Cliath i bPáirc an Chrócaigh ó bhí 1994 ann.
Agus turas mór fada ó thuaidh le déanamh ag fir Jack O’Connor, b’fhéidir go mbeadh deis ag Jim McGuinness na créachtaí nimhneacha a chneasú agus cur leis an móiminteam atá ag Dún na nGall go dtí seo i mbliana.
Ní chuirfidh an móiminteam sin isteach nó amach ar Jack O‘Connor ar bhealach ar bith.
Ach gan ach seachtar ón bhfoireann a thosaigh i gCluiche Ceannais na hÉireann ar fáil don Ríocht inniu agus gan imreoirí tábhachtacha cosúil le Paudie Clifford, Brian Ó Beaglaoich agus Gavin White ar fáil, beidh sé deacair orthu an bua a fháil.
Ar an taobh eile den scéal, níl ach Michael Murphy in easnamh ar fhoireann Dhún na nGall agus beidh McGuinness ag súil le taispeántas mór aríst ó Michael Langan i lár na páirce, agus ó fhear Ghaoth Dobhair, Dáire Ó Baoill agus a chomarsain, Jason McGee.
Agus an teannas ag méadú le roinnt laethanta anuas, thagair O’Connor don obair ar fad atá déanta ag Dún na nGall go dtí seo i mbliana agus dúirt gur slat tomhais mhaith a bheas sa chluiche dá fhoireann.
Is iad an fhoireann baile rogha na coitiantachta don choimhlint seo ach ag an am céanna tabharfaidh an bua mór drámatúil in éadan Ros Comáin misneach mór do pheileadóirí Chiarraí agus iad ag dul chun páirce inniu.
Dún na nGall v Ciarraí – Páirc an Athar Uí Tighearnaigh, Béal Átha Seanaidh, 1:30in (Beo ar TG4)
Fág freagra ar 'Deis díoltais do Dhún na nGall in éadan churaidh chríonna Chiarraí'