Deiseanna eile as seo go ceann cúig bliana ag scoileanna a dhiúltaigh cur isteach ar stádas mar ‘scoil Ghaeltachta’

Tá sé tugtha le fios ag an Aire Oideachais chomh maith go bhfagfar an liúntas Gaeltachta ag múinteoirí i scoileanna a roghnaíonn gan a bheith páirteach sa Pholasaí Oideachais Gaeltachta

Deiseanna eile as seo go ceann cúig bliana ag scoileanna a dhiúltaigh cur isteach ar stádas mar ‘scoil Ghaeltachta’

Pictiúr: Laura Hutton/RollingNews.ie

Beidh deis ag scoileanna atá lonnaithe i gceantair oifigiúla Ghaeltachta a bheartaigh gan stádas mar scoil Ghaeltachta a lorg faoin bpolasaí oideachais Gaeltachta i mbliana an stádas sin a lorg arís an bhliain seo chugainn agus sna blianta beaga ina dhiaidh sin.

Dheimhnigh an tAire Oideachais Richard Bruton an méid sin da Dáil an tseachtain seo.

“…Toisc go mbaineann tréimhse cúig bliana le cur i bhfeidhm an Pholasaí, tabharfar deiseanna breise do scoileanna sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta spéis a léiriú a bheith rannpháirteach sa Scéim.

“Tá sé i gceist ag mo Roinn imlitir eile a eisiú in Earrach 2018 agus leis seo, tabharfar an deis do scoileanna nach bhfuil rannpháirteach sa Scéim in 2017 spéis a léiriú chun a bheith rannpháirteach ansin. Cuirfear deiseanna breise ar fáil le bheith rannpháirteach sa Scéim sna scoilbhlianta ina dhiaidh sin chomh maith.”

Agus ceisteanna a chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív air á bhfreagairt aige, thug an tAire le fios chomh maith go bhfágfaí an liúntas Gaeltachta ag múinteoirí i scoileanna a roghnaíonn gan a bheith páirteach sa Pholasaí Oideachais Gaeltachta.

“Níl aon mholadh sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta le hathrú a dhéanamh ar na tuarastail nó liúntais atá ag na múinteoirí faoi láthair sna scoileanna atá lonnaithe sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta.

“Is féidir liom a dheimhniú, freisin, nach bhfuil aon chinneadh déanta na liúntais Ghaeltachta a bhaint de na múinteoirí atá ag feidhmiú faoi láthair,” a dúirt an tAire Richard Bruton.

Tá foirmeacha um léiriú spéise i dtaobh aitheantais mar scoil Ghaeltachta faighte ag an Roinn Oideachais ó bheagnach 80% den 133 bunscoil sa Ghaeltacht agus ó agus níos mó ná 90% den 28 iarbhunscoil atá lonnaithe sa Ghaeltacht oifigiúil go dtí seo.

Tugadh go dtí deireadh na míosa seo do scoileanna stádas mar scoil Ghaeltachta a lorg faoin bpolasaí oideachais Gaeltachta, ach is cosúil go mbeidh deiseanna eile ag scoileanna iarratas a dhéanamh ar a leithéid de stádas le linn saolré an pholasaí.

Ní raibh an Roinn Oideachais in ann a rá le Tuairisc.ie cé acu an mbeidh nó nach mbeidh cead ag scoileanna a ghlacfaidh páirt sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta tarraingt siar ón scéim sin sna blianta amach romhainn.

Beidh na scoileanna sin a léirigh spéis an stádas a bhaint amach ag obair as seo go ceann tamaill chun an 13 “sainchritéar” atá leagtha amach sa pholasaí oideachais Gaeltachta a chomhlíonadh.

I measc na sainchritéar sin, tá clár tumoideachais dhá bhliain, “tráth nach múinfear Béarla ar bith”, agus a bheidh á chur i bhfeidhm i ranganna na naíonán. I ndiaidh ranganna na naíonán, beidh ar na scoileanna “cur chuige lántumtha” a chur i bhfeidhm ina múinfear gach ábhar, ach amháin an Béarla, trí Ghaeilge.

Tá sé i gceist ag an Roinn Oideachais liosta iomlán na scoileanna atá tar éis spéis a léiriú sa Scéim Aitheantais a fhoilsiú “in am trátha”.

Fág freagra ar 'Deiseanna eile as seo go ceann cúig bliana ag scoileanna a dhiúltaigh cur isteach ar stádas mar ‘scoil Ghaeltachta’'

  • Mánus

    An 30% des na scoileanna a vótáil in aghaidh aitheantas a lorg mar scoil “Gaeltachta” ní mór a admháil gur athbheochaint teanga theastaíonn sna ceantracha Bhéarla sin. Cén fáth go mbeadh aitheantas oifigiúil ag ceantracha mar sin mar Gaeltachtaí?