‘Mahoney Mahoney, athair na bhFrancach
Fear na gcosa dearga is na gcolpaí ramhra’.
Seanrann atá i gcúl mo chinn ó laethanta m’óige is gan éinne mórthimpeall anois a thabharfadh míniú dom ar cad a chiallaigh sé.
Tá na Francaigh ‘teacht thar sáil’, arsa an tseanbhean bhocht
Tá na Francaigh ‘teacht thar sáil’, arsa an tseanbhean bhocht
Táid a’ teacht le soilse ré, beid anseo le fáinne an lae
Is beidh ár namhaid go cráite tréith, arsa’n tseanbhean bhocht.
Amhráinín a bhíodh againn ar scoil a chanamar go fonnmhar aerach.
Tá’n Francach faobharach is a loingeas gléasta
Le crannaibh géara ar muir le seal.
‘Sé a síorscéal é go mbeidh a dtriall ar Éirinn
Is go gcuirfid Gaeil bhocht arís ‘na gceart.
Dá mba dhóigh liom fhéinig go mb’fhíor an scéal úd
Bheadh mo chroí chomh héatrom le lon ar sceach
Go mbeadh cloíte ar mhéirligh is adharc á séideadh
Ar thaobh na gréine de Shliabh na mBan.
Éirí Amach 1798 agus Mícheál fileata Ó Longáin ansan againn. ‘Siad na rannta is na línte sin, idir mhaorga agus áiféiseach, atá a’ rince i gcúl mo chinn le seachtain anuas. Mé a’ clutharú i mbaile beag ar fhód mo shinsear is gan le feiscint amach trím’ fhuinneog agam ach cúpla francach breá beathaithe a’ pramsáil go tiarnúil neamhfhiúntach i gcúinne an ghairdín.
Gan cíos, cás ná cathú orthu faid atá blaistíní bia a’ sileadh anuas chuchu ó bhoirdín beag bia na n-éan. Líonadh a mboilg an t-aon mhairg atá orthu.
Níl ag cur tinnis ormsa ach cathain a chuimhneoidh na bastairdí beaga ar a gcaincíní bréana neamhbhreátha a shá isteach sa phíp nimhiúil atá feistithe go speisialta dóibh le trí lá anuas.
“Ná bí a’ tabhairt a thuilleadh bídh dos na héin,” arsa mo chomharsa a tháinig anuas le seift na pípe . “Ní raghaidh aon fhrancach isteach in aon phíp faid atá cothú ar fáil go saoráideach aige mórthimpeall air,” ar sé.
Taithí na mblian ar an gcúram áirithe seo aige de réir dealraimh. Feirmeoir caorach. Is maith é Seán Jim Pheig leis.
Dá mba dhóigh liom fhéinig go mb’fhíor an scéal san, bheadh mo chroí chomh héatrom le lon ar sceach. Briseann sé mo chroí ionam na héanlaith bheaga a fhágaint gan bia. Cá mbeinn gan an tSiobháinín Bhuí is a brollach gléineach?
An lon dubh is an chéirseach
is an fhuiseoigín le chéile, an smóilín bhinn bhréagach ina ndiaidh ins gach áit,
an chuach i measc an méid sin,
a’ seinimt dánta is dréachta…
Ardú croí iad gach maidin is tráthnóna. Ach anois go bhfuil cead raide ag an bhfrancach táimse ar aon dul le Godot, a’ feitheamh go foighneach le faoiseamh.
Súil agam nach feitheamh fada ar chosa laga agam é.
Fág freagra ar 'Deirtí gur laghdú gach anró é a roinnt ach ní plá amháin atá i gCorca Dhuibhne'