Deireadh seachtaine maith d’fhoirne Gaeltachta agus Craobh Chiarraí Thiar buaite ag an nGaeltacht den chéad uair ó 2008

Cé gur tháinig an drochaimsir salach ar go leor cluichí ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo caite, d’éirigh go maith le cuid mhaith de na foirne Gaeltachta a chuaigh chun páirce ar an Satharn agus ar an Domhnach

All Ireland Club Football Final 17/3/2004 Caltra vs An Ghaeltacht General View ©INPHO/Patrick Bolger
©INPHO/Patrick Bolger

Craobh Chiarraí Thiar buaite ag an nGaeltacht den chéad uair ó 2008

Screen Shot 2015-11-17 at 20.10.58
An Corn á bhronnadh ag Muiris Ó Fiannachta ar chaptaen na Gaeltachta Colm Ó Muircheartaigh ó Ard na Caithne

Is iad an Ghaeltacht seaimpíní Chraobh Sinsear Chiarraí Thiar den chéad uair le seacht mbliana anuas tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar Abhainn an Scáil sa chluiche ceannais a imríodh Dé Sathairn. Bhí gaoth láidir ag séideadh ar Pháirc an Áthasaigh agus bhí tionchar aige sin ar an imirt, gan ach cúilín amháin á fháil ag an dá fhoireann agus iad ag imirt ina gcoinne.

Ba ag Abhainn an Scáil a bhí an buntáiste sin sa chéad leath agus farasbarr de seacht gcúilín acu ag leath ama, 1-5 in aghaidh 0-1. Ba é an leaththosach láir, Genie Farrell a d’aimsigh an cúl d’Abhainn an Scáil gan ach cúig nóiméad imeartha agus thóg siad ceannas ar an gcluiche le cúig phointe as a chéile roimh deireadh an chéad leath.

Tugadh spreagadh don Ghaeltacht leath bealaigh tríd an dara leath, áfach, nuair a taispeánadh cárta dearg d’imreoir Abhainn an Scáil, Gerard Lenihan, tráth a raibh an bhearna laghdaithe acu go dtí cúig phointe.

Bhí cóir na gaoithe le fir na Gaeltachta agus imreoir sa bhreis acu, rud a chinntigh go gcoinneoidís orthu. Ní raibh ach cúig nóiméad fágtha faoin am a chuir pointe Bhriain Uí Bheaglaoich na foirne ar comhscór. Chuir Marc Ó an Ghaeltacht chun cinn den chéad uair go luath ina dhiaidh sin agus chinntigh pointí eile ó Bhrian Ó Beaglaoich agus Seán Ó Bambaire an bua dóibh, 0-12 in aghaidh 0-9.

Bhí dea-scéal ann do Phiarsaigh na Dromoda an deireadh seachtaine seo caite chomh maith agus cluiche ceannais Roinn 4 buaite acu in aghaidh Scairteach an Ghlinne. Bua compordach a bhí ann ar deireadh, 0-10 in aghaidh 0-2. Imreoidh fir Chiarraí Theas i Roinn 3 i 2016.


INPHO/Morgan Treacy
INPHO/Morgan Treacy

Cliseann ar Mhaigh Cuilinn i gcluiche ceannais Chúige Chonnacht

Ocht mbliana tar éis dóibh Craobh Idirmheánach Chonnacht a bhuachan, bhí peileadóirí Mhaigh Cuilinn ar ais sa chluiche ceannais Dé Domhnaigh ach chinn orthu an chraobh a thabhairt leo arís agus Maolla-An Cheathrú Mór ag fáil an ceann is fearr orthu le pointe, 0-9 in aghaidh 0-8.

I gcoimhlint eile a raibh tionchar ag an ngaoth uirthi, is i gcoinne na gaoithe is fearr ar éirigh leis na foirne sa chluiche seo. Nuair a chuaigh Maigh Cuilinn dhá phointe chun cinn go luath sa chluiche, ba dhealraitheach go raibh siad chun leas a bhaint as cóir na gaoithe ach tháinig geabhas ar fhoireann Mhaigh Eo ina dhiaidh sin agus d’aimsigh siad cúig phointe i gcúig nóiméad leath bealaigh tríd an chéad leath.

Bhí ceithre phointe idir na foirne, 0-8 i gcoinne 0-4, cúig nóiméad isteach sa dara leath ach d’éirigh le Maigh Cuilinn an bhearna a laghdú nuair a fuair Peter Cooke trí chúilín as a chéile. Níor éirigh leo an cluiche a chothromú ar a shon sin. Chuir Maolla-An Cheathrú Mór dhá chúilín eatarthu le scór eile agus cé go raibh leathsheans ar chúl ag Maigh Cuilinn agus an t-am beagnach caite, d’imigh seans na nGaillmheach le sruth nuair a stiúradh iarracht Gareth Bradshaw thar an trasnán.


Imreoir Chill Chartha, Stephen McBrearty, ag imirt i gcoinne an Spidéil ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2015
Imreoir Chill Chartha, Stephen McBrearty, ag imirt i gcoinne an Spidéil ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2015

Áit bainte amach ag Cill Chartha i gcluiche ceannais Faoi-21 arís

Don tríú bliain as a chéile, imreoidh peileadóirí Chill Chartha i gcluiche ceannais Faoi-21 A Dhún na nGall tar éis dóibh Ard an Rátha a bhualadh an deireadh seachtaine seo caite. Bhí farasbarr seacht bpointe ag na buaiteoirí, 2-7 i gcoinne 1-3, agus iad anois ag fanacht le buaiteoirí an chluiche leathcheannais idir Naomh Adhamhnáin agus Aodh Ruadh, cluiche a cuireadh ar ceal mar go raibh an pháirc faoi uisce.

Agus imreoirí ar nós Ryan McHugh agus Stephen McBrearty ag Cill Chartha, beirt atá ar phainéal Dhún na nGall don bhliain seo chugainn, bhí daoine ag súil le bua do Chill Chartha agus b’shin díreach a tharla. Bhí siad 0-6 in aghaidh 0-2 chun cinn ag leath ama.

Baineadh geit astu nuair a d’éirigh le Patrick Gavigan cúl a scóráil d’Ard an Rátha chun an bhearna a laghdú go dtí dhá phointe, 0-7 in aghaidh 1-2, leath bealaigh tríd an dara leath, ach d’éirigh le Ryan McHugh cúl a fháil Cill Chartha taobh istigh de dhá nóiméad. Bhí an deireadh beagnach tagtha faoin am ar aimsigh Chris Doogan cúl eile do Chill Chartha chun an dlaoi mhullaigh a chur ar chúrsaí.


Foireann Bheál Átha an Ghaorthaidh
Foireann Bheál Átha an Ghaorthaidh

Mionúir Bhéal Átha an Ghaorthaidh ag ceiliúradh

Is iad Béal Átha an Ghaorthaidh seaimpíní mionúr Iarthar Chorcaí agus an bua faighte acu ar Naomh Colum Dé Domhnaigh. Coimhlint aontaobhach go maith a bhí ann ar deireadh agus foireann na Gaeltachta ag buachan le 9 bpointe, 4-13 in aghaidh 1-13.

Bhí lámh amháin ag na buaiteoirí ar an gcorn taobh istigh den chéad ceathrú uaire agus iad 3-5 in aghaidh 0-2 chun cinn ar Naomh Colum ag an bpointe sin. Ní raibh ach dhá nóiméad imeartha nuair a d’aimsigh Donagh Seartan an chéad chúl dóibh agus ba é an t-imreoir céanna a d’aimsigh an péire eile. Tús iontach do Bhaile Átha an Ghaorthaidh.

Níorbh féidir stop a chur le Seartan agus d’aimsigh sé a cheathrú chúl díreach roimh leath ama, rud a chiallaigh go raibh a fhoireann 17 bpointe chun cinn ag an tráth sin, 4-9 in aghaidh 0-4, agus go raibh an cluiche thart mar choimhlint agus 30 nóiméad fós le n-imirt. Agus an farasbarr sin acu, ní haon iontas é nach raibh an fuinneamh céanna ag Béal Átha an Ghaorthaidh sa dara leath agus cé gur laghdaigh Naomh Colum an bhearna go dtí naoi bpointe roimh dheireadh an chluiche, ní raibh na buaiteoirí riamh i mbaol.