Deireadh curtha ag RTÉ le craoladh ar chaint an Tánaiste a luaithe is a thosaigh sé ar an nGaeilge

Deir Conradh na Gaeilge go bhfuil sé náireach gur chuir RTÉ deireadh le freagra Gaeilge an Tánaiste a bhí ag caint lasmuigh de Thithe an Rialtais tar éis do Leo Varadkar a fhógairt go raibh sé chun éirí

Deireadh curtha ag RTÉ le craoladh ar chaint an Tánaiste a luaithe is a thosaigh sé ar an nGaeilge

An Tánaiste, Micheál Martin. Pic: Leah Farrell / © RollingNews.ie

Chuir RTÉ deireadh le craoladh beo ar ócáid phreasa leis an Tánaiste Micheál Martin nuair a thosaigh sé ag labhairt i nGaeilge.

Bhí an Tánaiste ag caint lasmuigh de Theach Laighean tar éis do Leo Varadkar a fhógairt go raibh sé chun éirí as mar Thaoiseach.

Rinneadh comhchraoladh beo ar ócáid phreasa an Tánaiste ar chlár speisialta nuachta te bruite ar RTÉ One ar an gcainéal RTÉ News.

Tar éis do cheannaire Fhianna Fáil ceisteanna ó na meáin a fhreagairt i mBéarla, thosaigh sé ag caint i nGaeilge.

Ach a luaithe is a d’aistrigh sé go dtí an Ghaeilge, cuireadh stop le craoladh a chuid cainte agus chuathas ar ais go dtí an láithreoir David McCullagh i stiúideo RTÉ.

Rinneadh píosa gearr cainte le ceannaire na nDaonlathaithe Sóisialta Holly Cairns sular tógadh briseadh.

Dúirt urlabhraí ó RTÉ gur cinneadh eagarthóireachta a bhí ann stop tobann a chur le craoladh na preasócáide.

“Tugadh le fios don fhoireann léiriúcháin go bhfreagródh an Tánaiste dhá cheist i ndiaidh dó ráiteas gairid a thabhairt ach lean an phreasócáid ar aghaidh níos faide ná mar a bhíothas ag súil,” arsa an t-urlabhraí.

“Glacadh cinneadh eagarthóireachta go n-aistreofaí an clár ar ais go dtí an stiúideo i ndiaidh freagra a bheith tugtha ar roinnt ceisteanna, ionas go bhféadfaí freagra a fháil ó aíonna an fhreasúra agus a chinntiú go mbeadh an clúdach cothrom.”

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, gur mór “an náire” gur cuireadh stop le craoladh na gceisteanna a luaithe is a thosaigh an Tánaiste ag caint i nGaeilge.

“Níl Seachtain na Gaeilge ach díreach thart agus chulamar go leor faoi dhaoine a spreagadh le Gaeilge a labhairt agus faoi leanacht le nósanna Sheachtain na Gaeilge ina diaidh, ach a mhalairt a tharla anseo agus ní den chéad uair é.

“Is spreagadh do pholaiteoirí gan Gaeilge a labhairt atá ann nuair a chuirtear stop le craoladh a gcuid cainte a luaithe is a thosaíonn siad ar an nGaeilge. Tá sé náireach go dtarlódh a leithéid. Shílfeá nach bhfuil aon tábhacht leis an méid a deirtear i nGaeilge nó leis an lucht éisteachta a bhfuil Gaeilge acu nó gur maith leo an Ghaeilge a chloisteáil.”

D’fhógair an Taoiseach Leo Varadkar tráthnóna inné go raibh sé ag éirí as mar Thaoiseach agus mar cheannaire ar Fhine Gael.

Dúirt Varadkar, a bhfuil dhá thréimhse caite aige i gceannas ar an rialtas, gurb amhlaidh go n-éireodh níos fearr le Taoiseach agus ceannaire nua ar Fhine Gael athbheochan a dhéanamh ar an bpáirtí agus ar an gcomhrialtas roimh an toghchán. Dúirt sé gurbh fhearr a chruthódh duine eile freisin maidir le polasaithe a chur i bhfeidhm agus fiúntas na bpolasaithe sin a chur in iúl don phobal.

Dúirt sé nach raibh aon phost eile ar intinn aige agus nach raibh aon phlean eile aige faoi láthair ina shaol pearsanta ná ina shaol polaitiúil.

Fág freagra ar 'Deireadh curtha ag RTÉ le craoladh ar chaint an Tánaiste a luaithe is a thosaigh sé ar an nGaeilge'

  • Caitríona Ní Cheallaigh

    Dochreidte ar fad bac a chur le deis nádurtha an Ghaeilge a chloisteáil ar RTÉ. Droch cinneadh a bhí ann.

  • Risteárd

    Tá cuid naimhdis RTÉ don Ghaeilge cosúil le naimhdeas na ndaoine a bhriseann comharthaí dátheangacha i mBeal Feirste. Ba mhaith leo nach mbeadh sí beo. Is léir go bhfuil eagla orthu roimpi. Ní teanga mharbh í tar éis an tsaoil.

  • Bertie Ó hAinmhire

    Tá sé náireach ach faraor tarlaíónn sé go minic. Sin ceann de na cúiseanna nach mbíonn fonn ar an mionlach sa Rialtas go bhfuil Gaeilge acu í a úsáid – mar shampla sa Dáil.

  • Gearóíd

    Bhí mé ag breathnú ar an gclár nuair a tharla é sin. Iompar dochreidte agus náireach ar son RTÉ.

  • Pól Ó Braoin

    Cén t-iontas é sin? Cuireann muid suas lena leithéid go laethúil, muidne lucht úsáidte na Gaeilge. Níl RTÉ na rialtas na tíre seo ag iarraidh Gaeilge a chloisteáil ná a úsáid agus sin sin. Fan go bhfeicfidh muid cén chaoi a mbeidh ag an nGaeilge agus Harris in oifig, go dtarrthaí Mac dílis Dé sinn, ach ar ndóigh sin an seanscéal cé gur scéal nua a bheidh ann.