Deireadh ag teacht le leaganacha aipe ‘Foclóir.ie’ agus ‘Teanglann.ie’

Bainfear na haipeanna foclóireachta de na córais Android agus Apple in earrach na bliana seo chugainn. Fógraíodh chomh maith nach bhfuil sé i gceist leagan clóite den fholcóir Gaeilge-Gaeilge nua a fhoilsiú

Deireadh ag teacht le leaganacha aipe ‘Foclóir.ie’ agus ‘Teanglann.ie’

Gheofar réidh leis an leaganacha aipe den Fhoclóir Nua Béarla-Gaeilge (focloir.ie) agus de na foclóirí atá ar Teanglann.ie – Foclóir Uí Dhónaill, Foclóir de Bhaldraithe, agus An Foclóir Beag.

Dúirt Cormac Breathnach, bainisteoir Thionscadal Foclóireachta Fhoras na Gaeilge, go raibh an iomarca oibre agus costais i gceist le cothabháil na n-aipeanna mar atá agus go bhfuil deireadh curtha leis an obair chothabhála sin dá bharr.

Fágann sé sin go n-oibreoidh na haipeanna go dtí go ndéanfar uasdátú ar chóras oibriúcháin an fhóin. Cheana féin, ní féidir na haipeanna a aimsiú ar na leaganacha is nua den chóras Android. Ní bheidh leagan aipe ar fáil ar Google Play ná an App Store don fhoclóir nua aonteangach Gaeilge atá le foilsiú ar líne gan mhoill ach an oiread.

Tá réiteach eile curtha in áit ag lucht na bhfoclóirí dá gcuid úsáideoirí. Táthar in ann ‘PWA’ [progressive web app] a shuiteáil díreach ón suíomh go dtí fón, ríomhaire, nó táibléad anois. Is ionann an leagan ar líne agus an PWA nua ó thaobh ábhair agus feidhmeanna de, agus tá na foclóirí ar fad, an Draoi Gramadaí, na comhaid fuaime agus ghramadaí ar fad san aip nua.

Murab ionann agus an tseanaip, áfach, ní bheifear in ann teacht ar an eolas atá sna foclóirí gan ceangal idirlín. Tá sé i gceist ag lucht an na bhfoclóirí na seanaipeanna a bhaint de na hardáin Android agus Apple faoin 30 Aibreán 2026

Difríocht shuntasach eile a bheidh idir an foclóir nua aonteangach agus NEID ná nach mbeidh leagan clóite ar fáil den fhoclóir.

Dheimhnigh lucht bainistíochta Thionscadal Foclóireachta Fhoras na Gaeilge nach bhfuil aon phlean acu faoi láthair an foclóir nua aonteangach Gaeilge atá le foilsiú ar líne ag deireadh na míosa seo a chur i gcló, mar a rinneadh i gcás an New English-Irish Dictionary (NEID).

“Ní chuirfinn as an áireamh é [go gcuirfí an foclóir i gcló] ach níl an plean sin againn faoi láthair. Bhí sé deacair leabhar a dhéanamh de NEID ach bheadh an ceann seo níos éasca, ach mar sin féin níl sé ar an gclár oibre,” a dúirt Pádraig Ó Mianáin, eagarthóir an fhoclóra.

Cuireadh NEID ar fáil den chéad uair ar líne sa bhliain 2013. Seacht mbliana ina dhiaidh sin, cuireadh leagan clóite den fhoclóir iomráiteach Béarla-Gaeilge ar fáil faoin teideal Concise English-Irish Dictionary.

Tá os cionn 10,000 cóip chlóite den fhoclóir sin díolta ó foilsíodh an leabhar ar dtús in 2020. Chaith lucht an fhoclóra athchló a dhéanamh ar an leabhar mór dearg nuair a díoladh iomlán na 8,000 a bhí sna siopaí leabhar i mí Mheán Fómhair na bliana sin.

Tá beagnach 2,000 leathanach sa Concise English-Irish Dictionary agus meáchan 2.8kg sa leabhar. Ar na leathanaigh sin, tá 31,o00 ceannfhocal Béarla chomh maith le 100 leathanach sa rannóg ‘Language and Grammar Supplement’.

Dúirt Pádraig Ó Mianáin go raibh sé ina dhúshlán mór ag lucht an fhoclóra Béarla-Gaeilge sin 31,000 ceannfhocal a roghnú as na 48,000 ceannfhocal a bhí ar an leagan ar líne agus iad a chur in oiriúint do leagan clóite. Chuir na srianta a bhí i bhfeidhm mar gheall ar an víreas corónach an bhliain sin, 2020, isteach go mór ar an bhfoireann agus iad ag iarraidh an foclóir a fhoilsiú.

Bheadh níos lú oibre i gceist an foclóir nua aonteangach Gaeilge a réiteach do na clódóirí, mar gheall ar an líon níos lú ceannfhocal atá sa leagan digiteach, agus an taithí atá ag an bhfoireann ar a leithéid de thogra anois, ach beidh siad ag díriú a n-airde faoi láthair ar ghnéithe eile d’obair na foclóireachta.

Fág freagra ar 'Deireadh ag teacht le leaganacha aipe ‘Foclóir.ie’ agus ‘Teanglann.ie’'

  • Radharc

    Caithfear an foclóir Gaeilge-Gaeilge a chur i gcló! Ní féidir bheith cinnte go mairfidh an suíomh idirlíne. An bhfuil éinne den dtuairim i ndáiríre go mbeidh focloir.ie nó teanglann.ie fós ag obair i gceann daichead bliain, nó i gceann céad bliain (an mbeidh an t-idirlíon fós ann fiú)? Tá an togra seo chomh tábhachtach sin don teanga go gcaithfimid bheith ag smaoineamh ar an bhfadtéarma agus an foclóir a chur fáil ar bhonn buan, .i. i gcló.