Deireadh á chur le leaganacha Béarlaithe de logainmneacha ar chóras meitreo phríomhchathair na Danmhairge

Ba é an nós a bhíodh ann ar chóras meitreo Chóbanhávan ná go ndeirtí na logainmneacha Danmhairgise mar a déarfaí i mBéarla iad

Deireadh á chur le leaganacha Béarlaithe de logainmneacha ar chóras meitreo phríomhchathair na Danmhairge

Ní bheidh leaganacha Béarlaithe de logainmneacha phríomhchathair na Danmhairge, København, le cloisteáil a thuilleadh ar chóras meitreo na cathrach. D’fhógair lucht bainistíochta na seirbhíse traenach níos luaithe an mhí seo gur mar gheall ar éileamh ó thurasóirí agus eachtrannaigh atá ina gcónaí sa chathair a rinneadh an t-athrú.

Dúradh i ráiteas a d’eisigh Metroselskabet go raibh deireadh á chur leis an “bhfoghraíocht atá beagán aisteach” a bhíonn ar logainmneacha na cathrach nuair a dhéantar fógraí i mBéarla ar a gcuid seirbhísí.

“Ba é an nós a bhíodh ann ná go ndeirtí na logainmneacha mar a déarfaí i mBéarla iad, agus é mar aidhm againn é a dhéanamh níos éasca do dhaoine nár thuig an Danmhairgis na logainmneacha a aithint.

“Léiríodh inár suirbhé, áfach, gurbh fhearr leis an móramh an fhoghraíocht Danmhairgise, agus tá muid á athrú dá réir,” a dúirt Eva Lind, stiúrthóir tráchtála an chomhlachta iompair poiblí.

Rinne Metroselskabet suirbhé i measc turasóirí agus daoine a tháinig thar teorainn isteach chun cónaí in København. Iarradh ar na rannpháirtithe éisteacht le leagan Béarla agus leagan Danmhairgise de logainm agus an ceann ab fhearr leo a roghnú. Roghnaigh an tromlach na leaganacha Danmhairgise agus iad ag maíomh gur mhaith leo na hainmneacha a fhoghlaim i dteanga na háite le go mbeidís in ann treoracha a lorg ó mhuintir na háite.

Taifeadadh na fógraí is deireanaí don chóras uirbeach traenach sé bliana ó shin. Ba iad na haisteoirí Katrine Falkenberg agus Thomas Magnussen a thug a nglór don togra agus tá Magnussen sa stiúideo arís anois le 99 fógra nua Béarla a thaifeadadh leis na logainmneacha Danmhairgise iontu.

Tá na fógraí nua le cloisteáil cheana féin ar na línte M3 agus M4 agus beidh na leaganacha nua le cur ar na seirbhísí M1 agus M2 sna seachtainí amach romhainn.

Dúirt an t-aisteoir gutha, Thomas Magnussen, go raibh air “dul i dtaithí” ar na leaganacha nua Béarla.

“Bhí orm dul i dtaithí orthu nuair a rinne muid taifeadadh ar na leaganacha nua. Cé go mbíodh daoine ag gáire faoi cé chomh greannmhar is a bhí an fhoghraíocht Bhéarla, dúirt go leor daoine eile gur thug siad braistint idirnáisiúnta do na fógraí,” a dúirt sé.

Cé nach bhfuil stádas oifigiúil ag leaganacha Béarla de logainmneacha na Gaeltachta ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm in Éirinn in 2003, níl aon iachall ar Bhus Éireann fáil réidh leis na leaganacha sin ar amchláir na mbusanna, ar éadan na mbusanna, ná ar na fógraí a dhéantar le linn na dturas. Cloistear fós ‘Na Forbacha/Furbo’, ‘An Spidéal/Spiddal’, ‘An Cheathrú Rua/Carraroe’ agus a leithéid ar an tseirbhís 424 ó chathair na Gaillimhe go Leitir Mealláin.

Fág freagra ar 'Deireadh á chur le leaganacha Béarlaithe de logainmneacha ar chóras meitreo phríomhchathair na Danmhairge'