Deimhnithe ag Donohoe gur sáraíodh rialacha toghcháin in 2020

Tá leasú déanta anois ag an Aire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe ar a thuairisc ar a chostais toghcháin in 2020 agus é ag dearbhú gur caitheadh os cionn €1,250 níos mó ná mar a bhí luaite aige

Deimhnithe ag Donohoe gur sáraíodh rialacha toghcháin in 2020

Tá leithscéal eile gafa ag an Aire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe sa Dáil maidir leis an gconspóid a bhaineann leis na costais a chláraigh sé dá fheachtais toghcháin.

Dheimhnigh an tAire Donohoe gur sháraigh síntiús corparáideach €434, a tugadh “i ngan fhios dóibh” do pháirtí Fhine Gael i mBaile Átha Cliath Láir in 2020, rialacha toghcháin.

Tá leasú déanta anois ag an Aire ar a thuairisc ar a chostais toghcháin in 2020 agus é ag dearbhú gur caitheadh €1,256.20 níos mó ná mar a bhí luaite aige.

Aisíocfaidh a eagraíocht toghcheantair €234 leis an gcomhlacht a d’íoc as póstaeir dá chuid a chrochadh in 2020.

Ina chuid cainte sa Dáil inniu, dúirt Paschal Donohoe gur chuid a bhí san airgead sin de shíntiús corparáideach “neamhúdaraithe” a thug Designer Group, comhlacht de chuid Michael Stone, don fheachtas.

Dúirt Michael Stone ar maidin inniu gur íoc sé féin as póstaeir a chrochadh agus a bhaint anuas do na toghcháin in 2016 agus in 2020. Mhaígh Paschal Donohoe sa Dáil nach bhfuair sé amach faoin síntiús sin go dtí go raibh fiafraithe aige de Michael Stone roinnt uaireanta ar tugadh aon tacaíocht dá fheachtas.

Thosaigh an chonspóid seo uilig nuair a deimhníodh gur íoc Michael Stone as seisear fear agus veain chun póstaeir le Paschal Donohoe a chrochadh sa bhfeachtas toghcháin in 2016.

Chuir Fine Gael luach €1,057 ar an síntiús sin agus de réir na rialacha ba chóir go mbeadh sé san áireamh ag an Aire ina dhearbhú costas don olltoghchán in 2016 ach ní raibh. Is as an easnamh eolais sin a ghabh an tAire a leithscéal sa Dáil an tseachtain seo caite.

Sa Dáil tráthnóna inniu dúirt an tAire Donohoe go raibh leasú déanta chomh maith ar a fhoirm chostais d’olltoghchán 2020 ar mhaithe leis an gcostas €864 d’oibrithe agus €392.20 d’fheithiclí a caitheadh ar chrochadh póstaer a chur san áireamh.

Dúirt Donohoe gur bhain an síntiús neamhúdaraithe €434.20 le feithiclí a úsáid ar sháraigh a luach trádála €200, an uasmhéid atá ceadaithe mar shíntiús.

Tá gearán faoin scéal seo á fhiosrú ag an an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO).

Sheas Donohoe inniu leis an méid a dúirt sé go dtí seo, is é sin gur chreid sé agus na tuairiscí á seoladh chuig SIPO aige in 2016 agus in 2020 go raibh siad iomlán cruinn.

Fág freagra ar 'Deimhnithe ag Donohoe gur sáraíodh rialacha toghcháin in 2020'