Deike Potzel – cé hí féin? Comhrá le hAmbasadóir na Gearmáine…

Labhair ár gcolúnaí le hAmbasadóir na Gearmáine a bhfuil suim aici i ngach rud ón nginiúint leictreachais go dtí an ceol clasaiceach

Deike Potzel – cé hí féin? Comhrá le hAmbasadóir na Gearmáine…

An tAmbasadóir Deike Potzel ag bronnadh cáca lá breithe ar Tomi Reichental

Fuair mé léargas le gairid ar an obair a dhéanann Ambasadóirí chun na tíre seo. I dteach cónaithe Ambasadóir na Gearmáine, Deike Potzel, a bhíomar seachtain ó shin ag dinnéar in onóir ár gcara Tomi Reichental, a bhí ag celiúradh 85 bliain d’aois. Bhí beirt ambasadóirí eile i láthair chomh maith le Deike féin.

Ach an oíche chéanna, bhí an vóta cinniúnach ar siúl ag an bPáirtí Glas, féachaint an nglacfaidís páirt sa gComhrialtas nua. Bhí vóta ar siúl ag na páirtithe eile roimhe sin ach ba mhó an tábhacht a bhain ag an bpointe sin leis na Glasaigh.

Cé go raibh gach duine ag baint pléisiúir as an dinnéar álainn a bhí curtha os ár gcomhair (agus na céimeanna riachtanacha tógtha maidir leis an scaradh sóisialta), bhí suim nach beag acu freisin sa gcomhaireamh cinniúnach. Ba léir go mbeadh siad ag tuairisciú dá gcuid rialtas ag baile, faoi gach rud a thit amach i mBaile Átha Cliath an oíche sin.

Tar éis an dinnéir agus an cáca speisialta breithlae tugtha aici do Tomi le tabhairt abhaile, rinne mé coinne le Deike labhairt léi arís faoina post anseo in Éirinn. Cúpla lá ina dhiaidh sin a ghlac an Ghearmáin ceannas ar Uachtaránacht an Chomhphobail Eorpaigh. Ach bhí roinnt rudaí pearsanta a bhí mé ag iarraidh a phlé léi i dtosach.

Chaith Deike a hóige ins an Ghearmáin Thoir – i gcathair Bheirlín, mar a tharla. Bhíodh an tuairim ann gur mó i bhfad an bhéim a leag na Cumannaigh, a bhí i gcumhacht sa nGearmáin Thoir, ar chruachás na ndaoine trí chéile agus nár thugadar aon suntas don Uileoscadh.

Shíl mé go mb’fhéidir nár chuala sí mórán agus í ag fás aníos faoin Uileloscadh agus an cinedhíothú a rinneadh ar na Giúdaigh.

Ach níor aontaigh Ambasadóir Potzel leis an tuairim sin go hiomlán. “B’fhéidir nach raibh an oiread eolais ag daoine eile is a bhí agamsa,” a dúirt sí. “D’inis mo thuistí dom faoin gcinedhíothú,” dúirt sí.

“Chonaic m’athair cuid de na traenacha sin. Gasúr óg a bhí ann ach ní dhearna sé dearmad ariamh ar an scréachaíl agus an caoineadh ó na daoine ar na traenacha. D’inis mo sheanmháthair dom faoi na Giúdaigh a bhí á n-iompar go dtí na campaí géibhinn.”

Chuir sí aithne ar Tomi go gairid tar éis di teacht anseo mar Ambasadóir sa mbliain 2017.

Fuair Tomi an bonn ‘Gradam Speisialta’ ó Uachtarán na Gearmáine, Joachim Gauck, sa mbliain 2014. D’fhiafraigh mé de Deike faoin tábhacht a bhain le bronnadh an bhoinn sin.

“Faigheann daoine speisialta é – daoine a oibríonn i réimse na carthanachta, ealaíontóirí, daoine a bhfuil rudaí suntasacha bainte amach acu i gcaitheamh a saoil. Fuair Tomi é toisc go raibh sé mar aidhm aige an stair a choinneáil ‘beo’ agus an scéal a scaipeadh i measc an aosa óig. Tá sé sin thar a bheith tábhachtach inár dtuairim.”

An tAmbasadóir, Joyce agus Tomi Reichental

Tamall ó shin, chuala mé go neamhoifigiúil gur thairg an tAmbasadóir do Tomi agus a bhean Joyce, ag tús na dianghlasála, go ndéanfadh sí a gcuid siopadóireachta bia dóibh.

Ní raibh gá leis, mar a tharla (tá a gclann féin ina gcónaí gar dóibh), ach taispeánann sé an tsuim phearsanta atá aici i ndaoine agus ina cuid oibre mar Ambasadóir.

D’fhiafraigh mé di faoi na cúraimí laethúla a bhíonn uirthi. “Tá dhá chuid in mo chuid oibre,” a d’fhreagair sí. “Ar an gcéad dul síos tá mé anseo thar ceann na Gearmáine. Téim thart ar an tír, ag freastal ar ócáidí cultúrtha agus gnó. Agus ar an dara dul síos, bím ag tuairisciú ar ais – ar nós imeachtaí na hoíche sin agus rialtas nua á chur le chéile. Tá sin thar a bheith tábhachtach mar gheall ar an mBreatimeacht.”

Ar ndóigh, níl an socrú tábhachtach trádála aontaithe fós.

Agus mar a bheifeá ag súil leis, tá an-suim sa nGearmáin i gcúrsaí síochána in Éirinn. Bhíodh scéalta faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta ar chéad leathanaigh na nuachtán ansin go tráthrialta, a dúirt sí.

D’inis sí dom go raibh Aire Gnóthaí Eachtracha na Gearmáine ar cuairt anseo anuraidh agus go raibh sé i gceist go dtiocfadh an tUachtarán féin ar cuairt Stáit ach gur tháinig cúrsaí Covid-19 sa mbealach air sin.

Ag deireadh 2018, síníodh Plean Comh-Ghníomhaíochta idir an Ghearmáin agus an tír seo agus tá an-suim aici sa mhéid a thiocfaidh as sin. “Mar shampla,” a dúirt sí, “bhí sampla ansin ar maidin – bhí comhdháil idirlín nó ‘webinar’ ar siúl againn idir an Ghearmáin agus Cumann Tráchtála na hÉireann agus bhí 140 duine ag glacadh páirte ann. Pléadh ‘mionghreillí’ nó ‘micro-grids’ agus comhoibriú i réimse an fhuinnimh.”

Chuir sé sin ag smaoineamh mé ar an mbaint a bhí ag an nGearmáin le cúrsaí fuinnimh anseo ó thús an chéid seo caite. Bhreathnaigh mé ar stair an chéad stáisiúin ginte leictreachais sa tír, i ndiaidh ár gcomhrá.

Chonaic mé gur i 1925, beagnach céad bliain ó shin, a síníodh an conradh le Siemens-Schuckertwerke chun cumhacht na Sionainne a úsáid don stáisiún in Ard na Croise.

Agus léiríonn sí go bhfuil suim aici in go leor rudaí – is féidir léi labhairt faoi ghiniúint leictreachais, nó faoin gceol clasaiceach.

Is breá léi an ceol agus an damhsa agus bíonn coirmeacha ceoil ar siúl sa teach cónaithe aici go minic.

Agus ná ceap go bhfuil a fear céile sa mbaile i mbun obair tí nó a leithéid- is é Marcus Potzel Ambasadóir na Gearmáine chuig an Afganastáin, an India agus an Phacastáin.

Sular cuireadh Deike go hÉirinn, d’oibrigh sise in Singapore agus in Teheran agus chaith sí cúpla bliain i bpost sinsearach sa Roinn Gnóthaí Eachtracha i mBeirlín, díreach roimh theacht go Baile Átha Cliath.

Beidh obair chrua roimpi sna sé mhí atá amach romhainn agus í ag coinneáil súil ghéar ar an mBreatimeacht.

Ach sa ngearrthéarma, an cúram is tábhachtaí a bheas orainn ar fad, dar léi, ná an troid i gcoinne an víris.

Tá sí ag súil go nglacfar leis an gCiste Téarnaimh sa gcéad Bhuiséad Eorpach eile. Agus tá sí ag súil go dtógfar air sin chun na heacnamaíochtaí éagsúla san Eoraip a athfhorbairt ‘i spioraid an aontais,’ mar a deir sí.

Cineál cosúil le Plean Marshall i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, shíl mé.

Agus nuair a gheobhaidh sí nóiméad di féin – beidh sí le feiceáil ag dul thart ar a rothar i gceantar Dhomhnach Broc, ag ceannach na ‘messages’ do dhuine éigin, b’fhéidir.

Fág freagra ar 'Deike Potzel – cé hí féin? Comhrá le hAmbasadóir na Gearmáine…'