Deichniúr eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 507 cás nua fógartha

Tá a bheannacht tugtha ag an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, do lucht leighis an tsnáthaid AstraZeneca a tabhairt do dhaoine arís

Deichniúr eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 507 cás nua fógartha

D’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil deichniúr eile básaithe de dheasca an Covid-19.

507 cás nua den ghalar a bhí le fógairt inniu. 336 othar Covid-19 a bhí sna hospidéil ar maidin agus 87 díobhsan a bhí in aonad dianchúraim. Cuireadh 43 duine san ospidéal de dheasca an víris le lá anuas.

Dé Máirt seo caite bhí an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 463,500 duine agus an dara dáileog faighte ag 168,859 duine.

Bhain 29 de chásanna an lae inniu le Gaillimh, 17 cás a bhí i gcontae na Mí agus 16 cás a bhí i nDún na nGall.

15 cás a bhí i gCorcaigh, deich gcás a bhí i bPort Láirge agus seacht gcás a bhí i gCiarraí. Níos lú ná cúig chás a bhí i Maigh Eo.

Meánráta 151 cás in aghaidh gach 100,000 duine sa stát a bhí ann le coicís anuas. Tá an ráta i gcontae na Mí (215) agus i nDún na nGall (163) níos airde ná an meánráta náisiúnta.

Ráta 131 atá i nGaillimh, 120 atá i bPort Láirge agus 87 atá i Maigh Eo. Ráta 62 atá i gCiarraí agus 46 atá i gCorcaigh, an tríú ráta is ísle sa tír.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh triúr eile a raibh an Covid-19 tolgtha aige básaithe. Deimhníodh 137 cás nua den ghalar. 166 othar Covid-19 a bhí in ospidéil an Tuaiscirt agus bhí 16 díobhsan in aonaid dianchúraim.

Bliain ón lá inniu a bhásaigh an chéad duine de dheasca an víris sa Tuaisceart.

6,679 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,103 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,576 duine ó dheas di.

344954 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 229,306 cás ó dheas den teorainn agus 115,648 cás ó thuaidh di.

Tá a bheannacht tugtha ag an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Dr Ronan Glynn, do lucht leighis an tsnáthaid AstraZeneca a tabhairt do dhaoine arís.

D’fhógair an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) inné go bhfuil an vacsaín AstraZeneca in aghaidh an choróinvíris “sábháilte agus éifeachtach”.

Dúirt Ceannasaí an EMA, Emer Cooke gur mheas an coiste gur mó na buntáistí atá ag baint leis an vacsaín ná aon riosca a d’fhéadfadh a bheith i gceist.

 

Fág freagra ar 'Deichniúr eile básaithe de dheasca an choróinvíris, 507 cás nua fógartha'