‘Bealach éifeachtach sábháilte í an vacsaín AstraZeneca le daoine a chosaint ón Covid-19’ – EMA

Tráthnóna a d’fhógair an EMA a gcinneadh faoi vacsaín AstraZeneca a bhí curtha ar fionraí sa tír seo agus in dháréag tír eile san Aontas Eorpach

‘Bealach éifeachtach sábháilte í an vacsaín AstraZeneca le daoine a chosaint ón Covid-19’ – EMA

Tá ráite ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) go bhfuil an vacsaín AstraZeneca in aghaidh an choróinvíris “sábháilte agus éifeachtach”.

Dúirt Ceannasaí an EMA, Emer Cooke gur mheas an coiste gur mó na buntáistí atá ag baint leis an vacsaín ná aon riosca a d’fhéadfadh a bheith i gceist.

Níl aon cheangal idir an tsnáthaid leis an ardú atá ar thinnis throimbeambólacha nó téachtáin fola, a dúirt sí.

Tráthnóna a d’fhógair an EMA a gcinneadh faoi vacsaín AstraZeneca a bhí curtha ar fionraí sa tír seo agus in dháréag tír eile san Aontas Eorpach.

Ba é breithiúnas an EMA inniu go raibh an vacsaín “sábháilte agus gur chóir í a úsáid”.

Cé nach bhféadfaí a rá go cinnte glan nach raibh aon cheangal ar bith idir an téachtadh fola an-neamhghnách agus an vacsaín, bunaithe ar fhianaise na heolaíochta cinneadh “gur bealach éifeachtach sábháilte í an vacsaín le saoránaigh a chosaint ón Covid-19”.

Dúirt an EMA go gcuirfidh siad tuilleadh eolais ar fáil faoi na rioscaí agus go gcinnteofar go mbeidh na rioscaí sin luaite leis an eolas ar fad a chuirfear ar fáil faoi tháirgí AstraZeneca

Cuirfear rabhadh ar an mbileog eolais a thabharfar do na daoine a bheidh ag fáil na snáthaide agus cur síos ar na cásanna inar tuairiscíodh fadhbanna le téachtadh fola.

Tá tuairiscí ann go raibh neamhord fola an-neamhghnách ag cur as do 30 duine as an gcúig mhilliún ar fad a fuair an vacsaín seo.

Idir an dá linn, léiríonn taighde nua go mbíonn cosaint ag daoine a fhaigheann an Covid-19 ar feadh sé mhí ar a laghad ach ní hin le rá nach bhfaigheann corrdhuine arís é agus iadsan a bhfuil an 65 bliain sáraithe acu is siocraí don dara rabht.

I dtaighde a foilsíodh san iris leighis an Lancet, tuairiscítear go mbíonn imdhíonacht ag duine ón víreas ar feadh sé mhí má bhí sé ort geábh.

Daoine a bhí faoi 65 bliain bhí cosaint 80% ach in aghaidh an dara rabht ach iadsan a bhí os a chionn ní raibh ach cosaint 47% acu.

Sa taighde a rinneadh sa Danmhairg anuraidh ní bhfuair ach 0.65% de na daoine sa triail an víreas an athuair. Bunaíodh an taighde nua seo ar thástáil a rinneadh anuraidh ar cheithre mhilliún duine sa Danmhairg (dhá thrian den phobal) mar pholasaí náisiúnta. Ní bhfuair ach 0.65% de na daoine a tholg an Covid-19 sa gcéad ráig arís é sa dara ráig. Ach daoine nár tholg an galar sa gcéad ráig, tholg 3.3% acu é sa dara ráig.

Níorbh ionann an chontúirt do chuile dhuine – 0.60% de na daoine faoi 65 a tholg an dara huair é ach tholg 0.88% de na daoine a bhí os cionn 65 an athuair an víreas.

Dúirt an Dr Steen Ethelberg, ó Statens Serum Institut na Danmhairge: “Deimhníonn an staidéar seo a raibh á rá ag daoine eile – gur annamh a fhaigheann daoine óga folláine an dara rabht den Covid-19 ach is mó seans go bhfaighidh daoine atá amach sna blianta an dara huair an galar.”

“Ós rud gur é gur measa a bhuaileann sé seandaoine, fiú cuireann sé cuid díobh den saol, tá sé an-tábhachtach iadsan a chosaint i rith na paindéime.”

 

 

 

Fág freagra ar '‘Bealach éifeachtach sábháilte í an vacsaín AstraZeneca le daoine a chosaint ón Covid-19’ – EMA'