Deich ndea-rún don scríbhneoir don bhliain atá romhainn…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: Deich ndea-rún don athbhliain…

Deich ndea-rún don scríbhneoir don bhliain atá romhainn…

Ní miste don scríbhneoir seasamh siar ó pheann agus páipéar ó am go chéile agus súil ghéar a chaitheamh ar na bealaí oibre atá aige. Seo linn, mo dheich rún scríbhneoireachta féin don bhliain atá romhainn.

1. Gan ligean do chúrsaí polaitíochta cur isteach ar mo chuid scríbhneoireachta. Is ea, tá an domhan i dtrioblóid mhór, ach tá úrscéal le críochnú agamsa!

2. Níos mó ama a chaitheamh gan a bheith ag scríobh. Ídítear fuinneamh an scríbhneora díreach mar a ídítear fuinneamh daoine a mbeadh ‘gnáthphost’ acu, ach ar chúis éigin bíonn an diabhal ar scríbhneoirí coinneáil orthu ag obair nuair ab fhearr sos a thógáil.

3. Níos mó ama a chaitheamh amuigh sa dúlra. Tugann farraige, foraoiseacha agus fiántas faoiseamh d’aigne a bhíonn céasta ag barraíocht focal; cuireann fuaimeanna, bolaithe agus íomhánna nua le stór prapaí na samhlaíochta. 

4. Níos mó ama a chaitheamh sa chathair. Stór prapaí de chineál amháin í an dúlra, stór prapaí de chineál eile í an chathair: ollmhargadh carachtar. 

5. Teach caifé a aimsiú le dul ag scríobh ann. Rinneadh bialann ardnósach i mbliana den chaifé a mbínn ag scríobh ann ó am go chéile, agus cé go bhfuil dhá ionad scríbhneoireachta agam i m’árasán agus binse ciúin cois farraige nuair a thagann fonn orm a bheith ag scríobh taobh amuigh, mothaím uaim áit a bhféadfainn peann a chur le páipéar ann agus comhluadar na gcustaiméirí eile mar chúlra agam. 

6. Diúltú don chlaonadh a bheith ag iarraidh chuile rud a mhíniú don léitheoir. Ní mór don scríbhneoir muinín a bheith aige as cumas an léitheora léamh idir na línte.

7. Leanúint leis an nós leabhair a thabhairt mar bhronntanais. Agus siopaí leabhar i dtrioblóid ar fud na cruinne, níor mhiste don scríbhneoir cuimhniú go bhfuil sé féin ag brath orthu.

8. Níos mó ficsin a léamh. Tá leabhair ficsin á seachaint agam le bliain anuas ar fhaitíos go gcuirfidh glórtha scríbhneoirí eile isteach ar an gcéad dréacht de shaothar nua atá idir lámha agam féin, mar a tharla dom cheana, ach a luaithe is a bheidh an chéad dréacht sin críochnaithe tabharfaidh mé faoin gcarn leabhar sin nach bhfuil léite agam fós!

9.  Scéalta a chur faoi bhráid irisí liteartha arís. Agus mé ag díriú ar an gcéad dréacht den saothar nua sin a luaigh mé thuas, thit an tóin as an nós a bhí agam leathlá a chur i leataobh gach mí chun gearrscéalta a chur faoi bhráid irisí liteartha, nó a chur isteach ar chomórtais.

10. Mo shuíomh idirlín a choinneáil suas chun dáta. Crá croí a bhíonn san obair sin, ach níl aon dul as: cad is fiú suíomh idirlín nár tugadh suas chun dáta ón am seo anuraidh?

Fág freagra ar 'Deich ndea-rún don scríbhneoir don bhliain atá romhainn…'

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Ath bhlian faoi shean agus faoi mhaise duit Alex. Go néirí le do chuid scríobhneoireachta.

  • Nuala de Paor

    Is brea liom ‘ollmhargadh carachtar’!

  • alan titley

    tagaim le gach ceann díobh gan bhréig…ach iad a chomhlíonadh. Seachas uimhir a 10, mar nil a leithéid agam. Treis leat agus ar aghaidh go deo!!!

    Alan