Deich n-oiread páistí ag féachaint ar TG4 ó seoladh Cúla 4 Ar Scoil

De réir fhigiúirí TAM Ireland/Nielsen, bhí TG4 ar an dara cainéal is mó a mheall lucht féachana le linn am craolta Cúla4 ar Scoil 

Deich n-oiread páistí ag féachaint ar TG4 ó seoladh Cúla 4 Ar Scoil

Tá na mílte páistí Gaeltachta agus Gaelscoile á mealladh gach maidin ag Cúla4 ar Scoil, clár scoil sa bhaile TG4, de réir na bhfigiúirí lucht féachana is déanaí.

De réir fhigiúirí TAM Ireland/Nielsen, bhí TG4 ar an dara cainéal is mó a mheall lucht féachana le linn am craolta Cúla4 ar Scoil ar feadh na gceithre seachtaine i ndiaidh a sheolta.

D’fhág an rath a bhí ar Cúla4 ar Scoil  go bhfuil a dheich n-oiread daoine óga ag féachaint ar TG4 gach maidin.

Ar an meán, 8% de na daoine a bhí ag féachaint ar an teilifís an t-am sin den mhaidin is ag féachaint ar Cúla 4 ar Scoil a bhíodar.

Sciar 16% den lucht féachana a bhí ag an gclár scoile Gaeilge an lá is fearr a chruthaigh sé.

85,000 duine ar leith a d’fhéach uair éigin ar Cúla4 ar Scoil ó cuireadh tús leis ar an 20 Aibreán. De réir na bhfigiúrí TAM 6,000 duine ar an meán a d’fhéach ar an gclár ó cuireadh tús leis agus deirtear gur 3,000 duine eile a d’fhéach air ar sheinnteoir TG4. 12,200 duine a d’fhéach ar an gcéad eagrán den tsraith mí Aibreáin agus breis is 5,000 duine a d’fhéach ar an seinnteoir air.

De réir fhigiúirí TG4 36,500 amharc físe atá bainte amach ag an gclár scoil sa bhaile ar sheinnteoir ar líne an stáisiúin. 49% den lucht féachana a bhíonn ag féachaint ar chláracha ar an seinnteoir is ag féachaint ar chláracha do pháistí a bhíonn siad agus 144,000 amharc físe bainte amach ag cláracha do pháistí TG4 ó seoladh Cúla 4 Ar Scoil. Tá méadú mór tagtha chomh maith ar an dtrácht ar chaineál Youtube Cúla 4, mar a mbíonn ceachtanna na sraithe ar fáil.

Beidh Cúla 4 ar Scoil, a bhíonn á léiriú ag an gcomhlacht Fíbín, á chraoladh gach maidin go dtí an 26 Meitheamh. Dúirt Siobhán Ní Bhrádaigh, Eagarthóir Daoine Óga TG4, gur deas le TG4 an ceangal laethúil nua seo a bheith acu leis an lucht féachana agus a bheith ag tacú le tuismitheoirí agus múinteoirí. Dúirt sí gur léir ó na figiúirí “go bhfuil an lucht féachana ag baint taitneamh as freisin”.

Fág freagra ar 'Deich n-oiread páistí ag féachaint ar TG4 ó seoladh Cúla 4 Ar Scoil'