Deacrachtaí ag daoine le hainmneacha Gaeilge an dearbhán ‘ceannaigh go háitiúil’ a fháil

Cuireadh síneadh seachtaine leis an spriocdháta chun an dearbhán £100 a chaitheamh toisc deacrachtaí a bheith ag daoine an dearbhán a fháil

Deacrachtaí ag daoine le hainmneacha Gaeilge an dearbhán ‘ceannaigh go háitiúil’ a fháil

Tá deacrachtaí ag daoine a bhaineann úsáid as a gcuid ainmneacha Gaeilge an dearbhán ‘ceannaigh go háitiúil’ a fháil ó thuaidh.

Cuireadh síneadh seachtaine leis an spriocdháta chun an dearbhán £100 atá á thabhairt amach ag an fheidhmeannas ó thuaidh toisc deacrachtaí a bheith ag daoine an dearbhán a fháil. Tá go dtí an 14 Nollaig anois ag daoine an dearbhán a úsáid.

Tá an dearbhán á bhronnadh ar gach duine atá cláraithe le haghaidh vótáil ó thuaidh agus é mar aidhm leis spreagadh a thabhairt don gheilleagar áitiúil atá buailte ag an phaindéim.

I litir a scríobh an comhairleoir de chuid Shinn Féin, Barry McElduff, chuig an Roinn um Eacnamaíocht faoi cheist na n-ainmneacha, dúradh go raibh daoine, seandaoine ina measc “ag cailleadh amach” ar an dearbhán £100 mar gheall nach bhfuil glacadh lena gcuid ainmneacha i nGaeilge.

Dúirt an Comhairleoir do cheantar Fhear Manach agus na hÓmaí

gur próiseas “crua agus casta” a bhí ann dóibh siúd a rinne iarratas ar an dearbhán siopadóireachta agus a bhaineann úsáid as leagan Gaeilge dá n-ainm.

Baineann ceann de na deacrachtaí le daoine a bhfuil an t-ainm i mBéarla ar a dteastas breithe nó ar a gceadúnas tiomána ach a bhaineann úsáid as leagan Gaeilge dá n-ainm sa ghnáthshaol.

D’fhéadfadh sé go mbeadh deacrachtaí eile ag daoine a bhfuil leagan Gaeilge dá n-ainm ar a gcuntas bainc agus an leagan Béarla le feiceáil ar cháipéisí eile. I measc na n-ainmneacha a raibh deacrachtaí leo, bhí Seán, Cathal, agus Mairéad, a úsáideach mar leaganacha Gaeilge de John, Charles agus Margaret.

Dúirt an t-iarfheisire parlaiminte, Barry McElduff sa litir, atá feicthe ag Tuairisc.ie, go raibh an próiseas iarratais don dearbhán “neamhphraiticiúil don tsochaí agus don chultúr” ó thuaidh agus gur “fadhb ollmhór” é do dhaoine go háitiúil.

“Ní ar mhaithe le bheith ag tarraingt achrainn atá daoine, tá ainmneacha Gaeilge in úsáid go coitianta,” a dúirt sé.

Dúirt McElduff gur chóir don Aire Eacnamaíochta, Gordon Lyons, agus a roinn “níos mó solúbthachta agus céille” a bheith acu i gcás na ndearbhán.

Caithfear glacadh leis go mbíonn ainmneacha Gaeilge in úsáid, fiú i gcásanna gur ainm Béarla atá le feiceáil ar theastas breithe, a dúirt sé.

I ráiteas a chuir an Roinn um Eacnamaíocht ar fáil do Tuairisc.ie, dúradh go raibh “cur chuige is solúbtha” curtha i bhfeidhm acu maidir leis an eolas is gá do dhaoine a chur ar fáil don dearbhán ‘ceannaigh go háitiúil’.

“I gcás go bhfuil iarracht mhacánta déanta chun eolas a chur ar fáil agus go bhfuil sé soiléir ceangal a bheith idir an t-iarratasóir agus na cáipéisí a chuirtear ar fáil, agus go bhféadfaí a bheith réasúnta cinnte go bhfuil an t-iarratasóir i dteideal dearbháin, ba cheart go gceadófaí é,” a dúirt an t-urlabhraí ón Roinn um Eacnamaíocht.

Fág freagra ar 'Deacrachtaí ag daoine le hainmneacha Gaeilge an dearbhán ‘ceannaigh go háitiúil’ a fháil'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Tá’n saol ag athrú. Nach bhfuil cásanna calaoise ann agus daoine ag úsáid an leagan Gaeilge dá n-ainm le éileamh a dhéanamh ar rud inteacht agus ansin ag úsáid an leagan oifigiúil Béarla le éileamh a dhéanamh ar an rud céanna! – nó le éileamh a dhéanamh ar rud inteacht eile!

    Ní thuigim cad chuige nach gcloíonn daoine leis an leagan amháin agus bheith réidh leis. Má tá tú dáiríre fan Ghaeilg go agus faigh d-ainm athraithe go dlíthiúil go dtí’n leagan Gaeilg agus bíodh d’ainm Gaeilge ar achan cháipéis agat in áit an cuir i gcéill seo go bhfuil ainm Gaeilge in úsáid agat sa phobal ach is an leagan Béarla an leagan oifigiúil!! Amaidí!!