David Gough ceaptha ina réiteoir do chluiche ceannais peile na hÉireann

D’fhógair CLG tráthnóna gurb é David Gough a bheidh i mbun na feadóige do chluiche ceannais na hÉireann cé go raibh roinnt conspóide ann nuair a tuairiscíodh go bhfaigheadh sé an jab

David Gough ceaptha ina réiteoir do chluiche ceannais peile na hÉireann

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Ta David Gough roghnaithe chun réiteoireacht a dhéanamh ar chluiche ceannais peile na hÉireann idir Áth Cliath agus Ciarraí. D’fhógair CLG tráthnóna go bhfuil an cúram tugtha do Gough cé go raibh roinnt conspóide ann le cúpla lá anuas faoin scéal gurbh é a roghnófaí.

Bhí iarbhainisteoir Chiarraí Éamonn Fitzmaurice ina measc siúd a dúirt nár cheart do Gough a bheith i gceannas ar an gcluiche. Tá Gough, arbh as contae na Mí ó dhúchas dó, ina chónaí san ardchathair agus é ag obair in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Dúirt Fitzmaurice ar phodchraoladh CLG an Irish Examiner nár cheart go mbeadh aon réiteoir atá ina chónaí san ardchathair ina réiteoir ar chluichí Átha Cliath.

Ba é Gough a bhí i mbun na feadóige an uair dheireanach ar chas Ciarraí agus Áth Cliath ar a chéile sa chraobh, cluiche leathcheannais 2016. Bhí conspóid ann ag deireadh an chluiche sin nuair nár bhronn Gough cic saor ar Chiarraí tar éis do Dhiarmuid Connolly calaois a dhéanamh ar Peter Crowley in am cúitimh, tráth a d’fhágfadh cúilín amháin na foirne ar comhscór.

D’admhaigh Gough cúpla mí i ndiaidh an chluiche go ndearna sé botún.

In ainneoin na conspóide sin, is é Gough, a bhfuil ardmheas ag mórán air mar réiteoir, a bheidh i gceannas ar chluiche ceannais na hÉireann ag tús na míosa seo chugainn nuair a bheidh Áth Cliath ag gabháil don ráig ar chúig.

Is í seo an chéad uair go mbeidh Gough ag réiteoireacht ar chluiche ceannais na hÉireann.

Is é Noel Mooney atá ceaptha ina réiteoir do chluiche ceannais na mionúr idir Gaillimh agus Corcaigh.

Fág freagra ar 'David Gough ceaptha ina réiteoir do chluiche ceannais peile na hÉireann'

  • Mícheál

    Botún é a cheapadh agus é a fhógairt chomh luath seo. Conas a bhféadfadh sé a bheith neodrach agus é ina chónaí agus ag tuilleamh a shlí bheatha san Ardchathair. Cinneadh seafóideach agus conspóideach amach is amach.