Thug RTÉ sinn ar thuras maoithneach siar bóithrín na smaointe sa chlár Cúpla Focal (RTÉ1, Dé Máirt). Is mó macalla atá ag focail an teidil; úsáidtear é go measúil le cur síos a dhéanamh ar chumas Gaeilge duine ach is saghas mugadh magadh é freisin ag lucht ‘Is maith liom uachtar reoite’.
Ó thráth a bhunaithe go dtí an lá atá inniu ann tá gaol ait, mífheidhmiúil ag príomhchraoltóir seirbhíse poiblí na hÉireann le príomhtheanga oifigiúil na tíre. Tugann a chuid iarrachtaí Gaeilge a mhúineadh don phobal éachtaint ar ghné den ghaol sin. Gach deich mbliana nach mór cuireadh sraith nua os comhair an tsaoil: Buntús Cainte, Labhair Gaeilge Linn, Anois is Arís, Turas Teanga srl.
’Séard a bhí sa chlár leathuair an chloig seo ná turas maoithneach, éadraomchroíoch siar bóithrín na smaointe. Saghas Reeling in the Years ó thaobh sraitheanna theagasc na Gaeilge.
Earcaíodh meitheal cloigne cainte le luach a leathphingine a chaitheamh isteach. Ina measc bhí Mary Kennedy, Cormac Ó hEadhra, Sinéad Ní Uallacháin, Cárthach Bán Breathnach agus Ola Majekodunmi. Bhí cuid acu seo aníos nuair a bhí na sraitheanna seo á gcraoladh agus bhí ar an dream ab óige féachaint orthu den chéad uair. Labhair gach duine as Gaeilge agus bhí tráchtaireacht againn ó Ghary Mac Donncha.
Ba iad Buntús Cainte agus Labhair Gaeilge Linn na chéad iarrachtaí agus craoladh, an dá cheann acu den chéad uair i 1967. Cur chuige leamh, stiúideo-bhunaithe a bhí ag Buntús Cainte agus daoine gléasta i gcultacha ó ré Mad Men. Bhí míreanna snasta drámaíochta in Labhair Gaeilge Linn, agus bhí sé go deas Tom Sailí Ó Flaithearta a fheiscint i mbarr a mhaitheasa.
Gan amhras bhain na cláracha seo le ré eile agus ní haon ionadh go bhfuil an aois le brath ar ráitis áirithe. Carachtar fireann ag fógairt go neamhchúiseach ná féadfadh sé airgead a thógaint ar iasacht ó chomhghleacaí baineann óir nach raibh inti ach clóscríobhaí agus láithreoir ag maíomh go léireodh sé dá chomhghleacaithe baineanna cé air a bhí an treabhsar agus mír faisin á cur i láthair aige. Ní bheadh aon ghlacadh lena leithéid i ré seo na dúiseachta.
Bhí Pádraig Ó Méalóid, nó Marlin Brando na hÉireann, dar le Cormac ó hEadhra, ag teagasc trí Ghaeilge sa chlár Telefís Scoile. Tráchtadh chomh maith ar Dáithí Lacha, clár do pháistí a scannánaíodh i bhfoirm stiallghreannáin shocair agus Pádraic Ó Gaora i mbun scéalaíochta. Agus ní fhéadfaí dearmad a dhéanamh ar Dilín Ó Deamhas. Bhí cuma an-suimiúil ar Anois is Arís is é ag trácht ar “survival Irish” agus taispeánadh míreanna seoigh aite le leithéidí Frank Kelly, Dermot Morgan agus SBB.
Ceist ná cíoradh ná cad é an tionchar a bhí ag na sraitheanna seo. Ní fios ar éirigh le daoine aon slacht a chur ar a gcuid Gaeilge de thoradh na sraitheanna.
Is ábhar níos téagartha agus níos acadúla a bheadh i gceist ansin, is dócha. Níor deineadh aon trácht ach an oiread ar fhigiúirí féachana na gclár.
Rud amháin a rith liom ná go bhfuil seacht mbliana déag caite ó bhí an tsraith teagaisc teanga deireanach againn, b’in Turas Teanga. Tá Home School Hub againn ach is saothar de shaghas eile ar fad é sin. Taibhsíodh dom go ndein Cúpla Focal talamh slán de go mbaineann sraitheanna dá leithéid is aidhmeanna dá leithéid le ré eile? An é nach dtabharfaidh RTÉ, nó aon chraoltóir eile, faoina leithéid arís agus na meáin dhigiteacha ann chun cabhrú leis an iarracht?
Ábhar machnaimh.
Pádraig De Búrca
Tá sraith teagaisc nua i mBreatnais ar S4C faoi láthair. I ndáirire idir BBC Wales/BBC Cymru agus S4C, bíonn cláracha teagaisc teanga i gcónaí le fáil i gCymru ar chartlann BBC agus S4C. Cén fáth nach bhfuil an séirbhís againn anseo in Éirinn ar RTÉ/RTÉ radio/RnaG/TnaG? Is féidir le daoine Turas Teanga a fheiceáil arís ar seinnteoir RTÉ…..ach ní bheidh na cláracha le fáil tar éis 15 lá.
Tá gá le sraith teagaisc nua i Gaeilge idir raidío/Teilifs/idirlíon ar RTÉ/RTÉ radio/RnaG/TnaG, ach ceapaim nach bfuil suim da laghad ag na hÚdarais in RTÉ aon sraith teagaisc Gaeilge a chur ar bun i láthair na huaire.