D’airigh mé uaim Máirtín Jaimsie agus mé ag féachaint ar ‘Black 47’

Cé nach é an sárshaothar atá dlite don ábhar, is táirge stuifiúil a dhóthain é ‘Black 47’, an scannán nua faoin nGorta Mór atá bunaithe ar ghearrscannán Gaeilge

D’airigh mé uaim Máirtín Jaimsie agus mé ag féachaint ar ‘Black 47’

Black 47

Stiúrthóir: Lance Daly

Cliar: James Frecheville, Hugo Weaving, Stephen Rea, Freddie Fox, Barry Keoghan, Moe Dunford, Sarah Greene, Jim Broadbant, Peadar Cox, Diarmaid de Faoite

Is gearrscannán Gaeilge, tathagach é An Ranger (2008) a dhíríonn ar shaighdiúir (Owen McDonnell) agus an scrios a dhéanann sé nuair a fhilleann sé ar an bhfód dúchais i gConamara i rith an Ghorta Mhóir. Ghlac sé le ‘scilling an Rí’ nuair a chuaigh sé sna Connaught Rangers agus chaith sé blianta i gcéin i mbun cogaíochta. Thug McDonnell agus Máirtín Jaimsie taispeántais bhreátha uathu sna príomhrólanna. Ní raibh mo ghoile sásaithe, áfach, agus taibhsíodh dom riamh gur leathscannán a bhí ann mar nár cíoradh cúlra nó todhchaí an tsaighdiúra chun mo shástachta.

Dar liom go bhfuil sárshaothar dlite don Ghorta Mór agus is ábhar iontais agam i gcónaí teirce na saothar faoi. ’Sé The Hanging Gale (1995) an t-aon táirge a ritheann chugam ó mhaoil mo chonláin.

Bhí uisce lem’ fhiacla mar sin nuair a chuala go rabhthas chun fadscannán a bhunú ar bhunchlocha agus carachtair An Ranger. Sa saothar seo déantar iarracht inmholta an Ghaeilge, nó ‘aboriginal gibberish’ faoi mar a thugann bithiúnach, Broadbant, uirthi, a shníomh isteach sa scéal. Tá comhráite iomlána as Gaeilge, i dtosach an scannáin ach go háirithe. In ainneoin go bhfuil Diarmaid de Faoite agus Peadar Cox agus a leithéidí i rólanna beaga, ní cainteoirí líofa/dúchais atá ann den chuid is mó. D’airigh mé uaim Máirtín Jaimsie.

’Sé an tAstrálach James Frecheville a thugann faoin bpríomhról. Tá teacht i láthair fisiciúil aige agus léiríonn sé Máirtín Ó Feinneadha mar dhuine beagfhoclach atá ciaptha ag a bhfuil déanta aige agus atá ar mire faoin méid atá ag tarlú sa mbaile. Nuair a tharlaíonn éagóir agus tubaiste eile téann Máirtín ar thóir an díoltais. Cé go ndeachaigh léiriú Frecheville i bhfeidhm orm, agus dhein sé gaisce leis an nGaeilge, d’airigh mé uaim McDonnell.

Carachtar nua é an saighdiúir, Hugo Weaving, fear eile atá suaite agus dainséarach. Diaidh ar ndiaidh, agus é sa tóir ar Ó Feinneadha, nochtar dúinn an aithne atá acu ar a chéile. Dar liom go bhféadfadh a thuilleadh adhmaid a bheith bainte as na carachtair thánaisteacha a bhí á léiriú ag Keoghan agus Rea. Ar shlí bhí an iomarca carachtar ann. Ba léiriú aontoiseach go maith a deineadh ar an tiarna talún, Broadbent, cé gur léir gur bhain an seanfhondúir sásamh as a bheith ag cur de go mínáireach tiarnúil.

Ní chuirtear fiacail sa léiriú a dhéantar ar an nGorta Mór agus déantar iarracht, go físiúil agus le dreasanna cainte, éachtaint a thabhairt ar uafáis na tréimhse. Bhraitheas go raibh seanmóireacht ag baint le cuid de seo ach fós féin cuirtear ainnise na tréimhse abhaile orainn. Trácht á dhéanamh ar na daoine a ghlac leis an ‘soup’ agus gan ach anraith neantóg ag cuid eile. Tagairtí don fhiabhras, tionóntaí a bheith á gcur amach ar thaobh an bhóthair agus daoine á ndíbirt chuig Van Diemen’s Land.

Cé go bhfuil an saothar míshlachtmhar, liobarnach in áiteanna; cuimhním ar ruathar Mháirtín ar an teach ósta, agus cé nach é an sárshaothar atá dlite don ábhar, is táirge stuifiúil a dhóthain é gur fiú féachaint air.

Fág freagra ar 'D’airigh mé uaim Máirtín Jaimsie agus mé ag féachaint ar ‘Black 47’'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Chonaiceas an scannán seo aréir. Tá sé déanta go maith agus is breá mar atá an ‘aboriginal gibberish’ fite fuaite tríd an scéal, go nádúrthach ar an gcuid is mó. Bhí Stephen Rea thar barr ina pháirt mar Thadhg an Dá Thaobh.

    Ach bhraith mé ag tíocht amach as an bpictiúrlann go raibh mé ag breathnú ar Western le Gorta Mór na hÉireann mar chúlra don scéal aiféiseach a bhí á inseacht faoi Mháirtín Ó Féinneadha ag filleadh ó Afghanistan, áit a raibh sé lonnaithe sna Connacht Rangers.

    Ach chuir sé olc orm go ‘spáintear an sean cliché, atá bunaithe ar bhollscaireacht an eaglais rómánach, nach raibh an soup kitchen ar oscailt ach amháin dóibh siúd a ghlac leis an bprotastúnachas i dtosach. Is cinnte gur tharla sé in áiteacha go raibh eagraíochtaí protastúnacha a bhí i mbun proslytisation roimh an Gorta ag baint usáid as cruachás na ndaoine, le daoine a mhealladh i dtreo an protastúnachais. Ní mar sin a bhí i bhformhór na cásanna ina ndearna ministéirí protastúnacha iarracht beatha a chur ar fáil do na daoine bochta a bhí ag fulaingt ón ocras le linn an Ghorta Mhóir. Tá fianaise ann gur beag spéis a léirigh an eaglais rómánach sna ceantair is boichte in Iarthar na hÉireann – cosúil le Conamara – go dtí go bhfaca siad ministéirí protastúnacha ag tíocht isteach sna ceantair sin ag oscailt misiúin.

  • Ruairi O Caisleain

    Munar sar- saothar scannanaiochta e ‘Black ’47’, cheapas go raibh sceal briomhar a leiriu ann agus go raibh cur i lathair eifeachtach maidir leis na radharcanna faoi fulaingt na gcosmhuintire. Ba cheart a cheart a thabhairt don stiurthoir maidir le stadas na Gaeilge sa scannan. Ar dtus, bhi me ag suil go n-iompofai ar an mBearla tar eis na cead ‘cupla focail’ sa radharc in a bhuaileann O Feinneadha lena chol ceathrar. Ach b’e an Ghaeilge priomh-theanga na gcarachtair nuair ba chui. Agus ni beag an rud e sin