D’áireofaí ‘Os Tambores de São Luís’ i measc chlasaicí na litríochta domhanda, murach…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Fadhb le gné theicniúil ar a dtugtar ‘cianúlas na hinsinte’ a dhéanann mainicín a gcrochtar mothúcháin anuas air as laoch mhórshaothar Josué Montello

D’áireofaí ‘Os Tambores de São Luís’ i measc chlasaicí na litríochta domhanda, murach…

Nach mór an trua nár aistríodh an leabhar seo go forleathan*, a shíl mé liom féin nuair a thug mé faoi Os Tambores de São Luís (‘Drumaí Móra Chathair São Luís’), mórshaothar an scríbhneora ón mBrasaíl, Josué Montello (1917-2006).

Go deimhin, tá an chéad cheathrú cuid den os cionn 600 leathanach atá sa leabhar máistriúil: cur síos atá ann, trí shúile buachalla óig darb ainm Damião, ar shaol theaghlach sclábhaithe atá ar a dteitheadh óna máistrí i ndufair thuaisceart na Brasaíle. Déantar an teaghlach a athghabháil agus tá an cur síos ar shaol na plandála cána siúcra chomh cumhachtach céanna; ní éireoidh liom radharc a ruaigeadh as m’aigne go brách ina bhfuil Damião, atá ina fhear óg faoin am sin, i mbaol a choillte.

Ach titeann an tóin as an úrscéal nuair a thagann an eaglais i gcabhair ar Damião agus nuair a thugtar go cathair São Luís é mar ábhar sagairt. Ní hé an casadh sin sa phlota an chúis go dteipeann ar an gcuid eile den úrscéal, áfach, ach fadhb le gné de chuid cheird na scríbhneoireachta ficsin ar a dtugtar ‘cianúlas na hinsinte’ agus a thagann i gceist go mór nuair a bhíonn scéal á insint sa tríú pearsa, mar a tharlaíonn i gcás an tsaothair seo.

Sa chéad chuid den scéal, nuair atá Damião fós ag fás aníos, luíonn sé le réasún go roghnódh an t-údar pointe féachana atá scoite amach go maith ón gcarachtar a bhfuil an scéal á fheiceáil trína shúile againn.

De bharr a óige, agus de bharr nach bhfuair sé mórán scolaíochta, ní bheadh an taithí saoil ná an friotal ag Damião a theastódh le go ndéanfaí cur síos, ó phointe féachana a bheadh fíorchóngarach dó, ar eachtraí áirithe.

Ar an drochuair, cloíonn an t-údar leis an bpointe féachana scoite amach céanna síos tríd an úrscéal ar fad, rud a fhágann an chuma ar chúrsaí go ndéanann an t-údar síocanailís ar laoch an scéil don léitheoir, ag insint dó céard a mhothaíonn Damião agus cén fáth, in ionad ligean do Damião a chuid mothúchán casta a chur i bhfocal é féin. I dtreo an deiridh, nuair atá an ceithre scór bainte amach ag Damião agus taithí saoil aige a mbeadh mórán in éad léi, níl ann, faraor, ach mainicín a gcrochtar mothúchán anuas air agus eachtraí stairiúla ar nós cealú na sclábhaíochta agus forógra na poblachta sa Bhrasaíl ag titim amach.

Is é an trua é, óir is seoid luachmhar é Os Tambores de São Luís ar chúiseanna eile. Ní raibh deireadh tagtha leis an sclábhaíocht sa Bhrasaíl ach le 25 bliain nuair a rugadh Josué Montello, agus is léir ón gcur síos fíormhionsonrach ar chuile ghné de shaol na nAfracach agus a sliocht sa Bhrasaíl sa saothar seo go raibh teagmháil phearsanta – agus go leor de – ag an údar le daoine ar sclábhaithe iad tráth dá saol. Lena chois sin, tugann an saothar seo lár stáitse do chuid de na háiteanna is iargúlta, is boichte agus is dearmadta sa Bhrasaíl, an stát Maranhão agus a phríomhchathair São Luís.

Níl dabht ar bith orm go n-áireofaí Os Tambores de São Luís i measc chlasaicí na litríochta domhanda murach an insint lochtach a fhágann go scoitear an léitheoir amach ó mhothúcháin laoch an scéil.

* De réir cosúlachta, go Fraincis agus go Gearmáinis amháin a aistríodh an saothar seo

Fág freagra ar 'D’áireofaí ‘Os Tambores de São Luís’ i measc chlasaicí na litríochta domhanda, murach…'