Dá mbeadh ceart le fáil ba in Wisconsin a bheinn inniu seachas ag baint scraitheacha in Uacthar Ard

Bhí easnamh de chineál éicint ionam i gcónaí nach bhfuair mé sásamh ceart riamh ar aon iomaíocht nach bhfaca mé os mo chomhair amach le mo dhá shúil féin

Dá mbeadh ceart le fáil ba in Wisconsin a bheinn inniu seachas ag baint scraitheacha in Uacthar Ard

Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Dá mbeadh ceart le fáil ba in Wisconsin Mheiriceá a bheinn ag oscailt mo chuid mogall an mhaidin Domhnaigh seo – is fadó an lá anois ó leag mé amach gurb é Comórtas Chorn Ryder an ócáid spóirt ab ansa liom a fheiceáil le mo dhá shúil féin i mbliana.

Faoin tráth seo bheadh cuid mhaith de sheachtain caite agam ag spaisteoireacht ar mhachaire gailf Whistling Straits – ag déanamh iontais d’fhad na mbuillí a bhí á mbualadh ag Dustin agus ag Rory, ag iarraidh áit seasaimh a fháil chomh gar agus ab fhéidir do Stricker agus do Pádraig agus iadsan ag déanamh seangán díobh féin ag deifriú fud an chúrsa ina gcuid bugaithe. Cuma na sástachta ar m’aghaidh, ach i mo chroí istigh mé dearg le fearg ag na pogaithe i mo thimpeall agus iad ag screadach ‘USA’…. ‘USA’.

B’in an t-aon locht a bheadh ar mo chás. Bheadh an ghoimh bainte as faoin am a mbeadh an bricfeasta slogtha – uibheacha lachan ‘over easy’, agus ‘biscuits & gravy’. Ceapaire ‘reuben-pastrami on rye’ i lár an lae agus fógairt luí na gréine le galúin den leacht a thuill clú agus cáil do chathair Milwaukee.

Ochón, Ochón. I leaba barr maise a chur ar mo bhliain, níl le déanamh le Corn Ryder faoin tráth seo ach é a chur leis an liosta imeachtaí spóirt eile a cuireadh de dhroim seoil ó dheireadh an Earraigh seo caite.

Ó chuimhním ceart air níl feicthe de spórt san achar sin agam le mo dhá shúil féin ach ceathrú huaire iománaíochta Sóisir C idir an Spidéal agus Bóthar na Trá agus aithris thruamhéalach ar an gcleachtas a bhí le bheith ar siúl in Whistling Straits nuair a thugaim féin agus triúr seanphinsinéirí eile píosa den lá ag baint scraitheacha i ngalfchúrsa Uacthar Ard.

Tá siad ann is measa ná mé agus is rímhaith a thuigim sin. Dá bhreátha é is beag an ghaire atá ag an radharc atá le fáil ar Loch Michigan as Whistling Straits ar an gceann a fuair mo chuid mogall ar Chuan na Gaillimhe ar maidin nuair a d’oscail mé iad. Agus ainneoin a laghad gaoil atá idir an tochailt a dhéanaim féin agus mo chomhghleacaithe in Uachtar Ard, tá de shólás againn nach féidir linn a bheith chomh dona céanna an tseachtain dár gcionn ach an tsláinte a bheith fágtha againn. Níos tábhachtaí fós ní air atá muid ag brath le greim a choinneáil inár mbéil. Dá mba ea bheadh muid chomh tanaí le slat.

Ar chúis éicint bhí easnamh de chineál éicint ionam i gcónaí nach bhfuair mé sásamh ceart riamh ar aon iomaíocht nach bhfaca mé os mo chomhair amach le mo dhá shúil féin. Fiú go mbraithim gur sop in áit na scuaibe a leithéid
ar an teilifís.

Faoin am a dtáinig Lá an Amadáin bhí na himeachtaí is mó a mheallann ón gclúid mé – Cluichí Chumann Lúthchleas Gael – imithe le gaoth na Cóibhide agus de réir a chéile scuab sí léi freisin, ceann ar cheann, na cinn a d’fhágfadh sínte ar an tolg mé – corrchluiche sacair, rugbaí, comórtas Mháistrí Augusta, rásaí capall agus na Cluichí Oilimpeacha.

Sna seachtainí ba thúisce tháinig tálach i mo mhéar ag brú cnaipí ag iarraidh a theacht ar spórt a bheadh beo nó leathbheo féin ar an teilifís. Ba chuma liom eatarthu é – boghdóireacht, babhláil, bobsleigh; curláil, cadhcáil, cuaisíneacht, cleas na bacóide, cleas an chait; damhsa na gcoiníní, ficheall, folach bíog, Formula 1 : lacrosse, luamhaireacht, lámháil faoi uisce; pionsóireacht, pelota, paidhceáil; saighid, sumo, surfáil, scipeáil.

Ní mba thúisce rud éicint aimsithe agam ná a shocródh lucht a eagair nach raibh aon rogha acu ach é a chaitheamh in aer.

Ba é Sraith Sacair na Bealarúise fhéin ba mhó a sheas dom agus mé ag cuartú sóláis – bhí sé sin fós á chraoladh amach faoi Bhealtaine nuair a bhí na Príomhranna i chuile thír eile curtha de droim seoil.

Thug mé scaitheamh ag breathnú air cé nár aithin mé oiread agus ceann amháin de na foirne – tá Dinamo Brest agus Dinamo Minsk ar phéire acu – níor chuala mé oiread tráchta orthu ón am a mbídís ag lucht na rothar agus mé ag éirí aníos fadó!

Shocraigh mé ansin gur dhóigh go mbainfinn beagán de sholamar sa mbreis as dá roghnóinn agus dá dtacóinn le foireann faoi leith. Ceann a bhfuil Gorodeya uirthi a tharraing mise chugam féin – an rud ba mhó a mheall mé ná gur facthas dom gur fheil a n-ainm an cás ina raibh mé – ‘Go bhfóire Dia’ .

Rinne mé beagáinín fiosrúcháin agus fuair mé amach gur baile beag go maith atá ann, tuairim 90k as Minsk. Le cosamar dhá chéad bliain faoi dhó a bhí sé faoi cheannas na Polainne, na Gearmáine agus Aontais na Sóivéide – sealanna eile faoi riail na Liotuáine agus Shár na Rúise.

Níorbh é an sacar ba chúis leis na hionraí ar fad ar chuma ar bith. Oiread agus cluiche amháin féin níor bhuaigh Gorodeya san achar a chaith mise ag breathnú orthu.
Ina dhiaidh a fuair mé amach go mba €3,500 sa mbliain a fhaigheann imreoirí príomhroinne na tíre ar meán.

Tá feabhas de bheagán ar chúrsaí le cúpla seachtain – ní iarrfá iomaíocht agus clabhsúr níos fearr ná a facthas i gCluiche Ceannais Iomána Thiobraid Árann Dé Domhnaigh seo caite.

Ach tharlódh nach fada uainn ‘Go bhfóire Dia’ arís. Aigesean féin atá a fhios ar taobh leis na 20 nóiméad agus leis an tsluaisteáil a bheidh mé faoin am a dtiocfaidh Oíche Chinn Bhliana.

Fág freagra ar 'Dá mbeadh ceart le fáil ba in Wisconsin a bheinn inniu seachas ag baint scraitheacha in Uacthar Ard'