Tá cúrsa Gaeilge déanta ag an gCeann Comhairle Verona Murphy in Oideas Gael i nGleann Cholm Cille. Chaith Murphy coicís in iardheisceart Dhún na nGall agus í ag foghlaim na Gaeilge.
Dúirt sí i dteachtaireacht a chuir sí amach ar na meáin shóisialta go ndearna sí an cúrsa le hí féin “a thumadh i bhfoghlaim ár dteanga dhúchais”. Bhí sí ann an tráth céanna is a bhí Ambasadóir na Nua-Shéalainne chun na hÉireann, Trevor Mallard, a bhí ar chúrsa siúl sléibhe ansin.
Thug an Teachta Dála do Loch Garman gealltanas nuair a ceapadh ina Ceann Comhairle anuraidh í go gcuirfeadh sí feabhas ar a cuid Gaeilge.
Bhí easpa líofachta Gaeilge an Cheann Comhairle i mbéal an phobail i mí Feabhra mar gheall ar achrann a tarraingíodh sa Dáil nuair a dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur “ag insint bréaga” a bhí ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald. Nuair a rinne McDonald iarracht gearán a dhéanamh faoin méid a bhí le rá ag an Taoiseach fúithi, dúirt an Ceann Comhairle léi nár thug sí na focail.
“I can’t rule on what I didn’t hear. I accept that you believe it was said,” a dúirt Murphy le McDonald. “The Taoiseach has said he hasn’t said. We can look back [at the transcript].”
Dúirt Murphy sular ceapadh í go gcuirfeadh sí feabhas ar a cuid Gaeilge agus dheimhnigh sí arís agus an ról aici go raibh sé i gceist aici go mbeadh leibhéal líofachta aici a bheadh “ag teacht” lena ról nua.
Ó d’fhill sí óna tréimhse scolaíochta faoi scáth Shliabh Liag, tá níos mó Gaeilge á húsáid aici ar na meáin shóisialta. Agus í ag breathnú ar chomórtas Rós Thrá Lí, mar shampla, léirigh sí a tacaíocht d’ionadaí Loch Garman i nGaeilge.
“Comhghairdeas Clíona, bhí tú go hiontach anocht agus thug tú onóir do Loch Garman…cailín álainn, aoibh gháire álainn, glór álainn,” a scríobh sí.
Cúpla lá ina dhiaidh sin, ghuigh sí “gach rath” ar lucht na hArdteiste Lá na dTorthaí.
“Guím gach rath oraibh go léir inniu agus iad ag fáil a dtorthaí scrúdaithe ardteistméireachta,” a scríobh sí.
Ba í an Ghaeilge a bhí ag tús a teachtaireachta arís an tseachtain seo agus í ag cur fáilte roimh na Gardaí nua atá tosaithe ina contae dúchais an mhí seo:
“Ádh mór le hoiliúnaithe nua Garda Loch Garman,” a scríobh sí.
Is beag eolas atá tugtha ag an gCeann Comhairle ó shin faoi na céimeanna atá tugtha aici ó toghadh í le feabhas a chur ar a cuid Gaeilge ná faoi na spriocanna foghlama nó cáilíochta Gaeilge a bhí leagtha amach aici di féin.
Sular toghadh Murphy ina Ceann Comhairle mí na Nollag seo caite, dúirt a réamhtheachtaí Seán Ó Fearghaíl go raibh sé “riachtanach” go mbeadh Gaeilge ag cathaoirleach na Dála. D’aontaigh Catherine Connolly, iar-leasCheann Comhairle agus iarrthóir don uachtaránacht, le hÓ Fearghaíl agus dúirt go raibh sé “dochreidte” go gcuirfí duine gan Ghaeilge sa phost.
Thug Fianna Fáil agus Fine Gael tacaíocht do Verona Murphy mar chuid den idirbheartaíocht atá ar siúl acu leis an nGrúpa Réigiúnach Neamhspleách faoi chomhrialtas a bhunú, gníomh a mhaígh Ó Fearghaíl agus daoine eile a rinne mír mhargántaíochta de ról tábhachtach.
Is minic a bhíonn polaiteoirí ag tarraingt ar an gcoláiste aitheanta Gaeilge i nGaeltacht Dhún na nGall le feabhas a chur ar a scileanna teanga. D’fhreastail an t-iar-uachtarán Máire Mhic Giolla Íosa ar roinnt mhaith cúrsaí ann i gcaitheamh na mblianta agus is ann a chuaigh Joe McHugh nuair a ceapadh ina aire stáit don Ghaeltacht in 2004 é. Tá cúrsa amháin ar a laghad déanta ag Heather Humphreys le hOideas Gael ina n-ionad i nGleann Fhinne freisin.
Mícheál Ó Flaithearta
Is cinnte gur easpa nuachta é nuair a síltear gur díol spéise gur fhreastail bean mheánaosta ar chúrsa Gaeilge, fiú más í an Ceann Comhairle féin í agus atá ar an tuarastal is airde sa státchóras!