Curaidh na bliana seo roimh Mhaigh Cuilinn agus áit i gcluiche ceannais na Gaillimhe

Tá feachtais na gcumann Gaeltachta ar fud na tíre ag druidim chun deiridh ach tá cluiche mór ag peileadóirí Mhaigh Cuilinn amárach agus tá an Daingean ag iarraidh cluiche ceannais Chraobh Chiarraí Thiar a bhaint amach

Curaidh na bliana seo roimh Mhaigh Cuilinn agus áit i gcluiche ceannais na Gaillimhe

Gaillimh

Meastar gurb iad An Creagán-Maigh Locha agus Maigh Cuilinn an dá fhoireann is láidre atá fágtha i gCraobh Shinsir Peile na Gaillimhe agus tabharfaidh siadsan aghaidh ar a chéile sna babhtaí leathcheannais i mBóthar na Trá amárach.

Tá aithne mhaith ag na foirne seo ar a chéile, cluichí i gcoinne a chéile imeartha acu in 2020 agus 2021 agus chuaigh buaiteoirí na gcoimhlintí sin ar aghaidh chun craobh an chontae a bhaint – an Creagán-Maigh Locha anuraidh agus Maigh Cuilinn an bhliain roimhe sin.

Tá deireadh curtha ag na foirne le ceannas Chora Finne ar an gcraobh i nGaillimh agus fuair Maigh Cuilinn agus an Creagán-Maigh Locha an ceann is fearr ar iarchuraidh na hÉireann sa chraobh i mbliana.

Bua aon phointe amháin a bhí ag an gCreagán-Maigh Locha ar Chora Finne sna babhtaí ceathrú ceannais agus, tar éis dóibh an ceann is fearr a fháil ar an dá fhoireann eile sna babhtaí leathcheannais – Eanach Cuain agus Bóthar na Trá-Cnoc na Cathrach – meastar go bhfuil buntáiste acu ar fhir na Gaeltachta.

Tá peileadóirí den scoth ag an dá fhoireann agus scata acu mar chuid d’fhoireann shinsir na Gaillimhe. D’imir John Daly, James Foley, Billy Mannion, Eoin Finnerty agus Patrick Kelly do Ghaillimh sa chraobh i mbliana ach is é an t-iar-imreoir contae, Barry McHugh a fuair formhór na scóranna don Chreagán-Maigh Locha, eisean a d’aimsigh 2-45 sna sé chluiche a d’imríodar go dtí seo.

Chaith captaen na Gaillimhe Seán Kelly cuid mhaith ama thart ar lár na páirce go dtí seo sa chraobh ach d’fhéadfaí é a bhrú siar chun dul in iomaíocht le McHugh, Kelly nó Finnerty, cé gur chruthaigh leithéidí Neil Mulcahy, Conor Corcoran agus Aidan Claffey go maith go dtí seo i líne lánchúil Mhaigh Cuilinn.

Is é Dessie Conneely captaen agus naoscaire na foirne ar an taobh eile den pháirc ach tá Peter Cooke, Paul Kelly agus Eoghan Kelly ag imirt go maith freisin agus is mór an buntáiste é do Mhaigh Cuilinn go bhfuil Owen Gallagher tagtha chuige féin ó ghortú glúine.

Bhí Maigh Cuilinn ag brath rómhór ar Cooke sa chluiche leathcheannais a d’imir na foirne seo anuraidh ach má fhaigheann sé cúnamh amárach, beidh an-seans ag an gcumann Gaeltachta. Anuraidh a bhuaigh Maigh Cuilinn craobh an chontae den chéad uair le 35 bliain agus ní ghéillfidh siad go héasca.

Dé Domhnaigh, 23 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile na Gaillimhe
Maigh Cuilinn v An Creagán-Maigh Locha – Staid an Phiarsaigh, 3.45in

Ciarraí

Briseadh croí a bhí i ndán do pheileadóirí an Daingin an deireadh seachtaine seo caite. Dhíbir cúilín Paul Murphy Chiarraí Thoir ó bhabhtaí leathcheannais chraobh an chontae iad, ach tá deis fós acu corn a bhuachan i gCraobh Shinsir Chiarraí Thiar.

Is iad fir an Daingin rogha láidir na coitiantachta chun an ceann is fearr a fháil ar Abhainn an Scáil i gcluiche leathcheannais amárach agus An Ghaeltacht ag fanacht ar bhuaiteoirí an chluiche tar éis dóibhsean an ceann is fearr a fháil ar Chaisleáin Ghriaire.

Tá an Daingean tar éis an chraobh áitiúil a bhuachan le ceithre bliana anuas agus fágann cumas na foirne go bhfuil gach seans acu an cúigiú craobh as a chéile a thabhairt leo in 2022.

Dé Domhnaigh, 23 Deireadh Fómhair

Craobh Shinsir Peile Chiarraí Thiar
Abhainn an Scáil v Daingean Uí Chúis – Lios Póil, 2.30in

Fág freagra ar 'Curaidh na bliana seo roimh Mhaigh Cuilinn agus áit i gcluiche ceannais na Gaillimhe'