The Pursuit of Perfection: The Life, Death and Legacy of Cormac McAnallen (Penguin) le Dónal McAnallen
Rugadh Cormac McAnallen i dTír Eoghain i 1980, d’imir sé peil do Thír Eoghain ag tús an chéid seo agus bhásaigh sé, gan choinne, i dTír Eoghain sa mbliain 2004. Ins an leabhar seo déanann Dónal, a dheartháir, cur síos ar a shaol agus ar a bhás in áit ar a dtugtar an Bréantar. Is minic go mbíonn cuntais spóirt thar a bheith leamh ach níl an ceann seo. Is scéal uilíoch atá sa leabhar, a bhuíochas sin do thaighde agus do chumas scríbhneoireachta Dhónail. Is duine tuisceanach, géarchúiseach é. Léifear an leabhar seo arís eile agus cuirfear suim ann fiú nuair atá chuile imreoir inti maol nó liath. Tá cúis leis sin. ’Sí an pheil atá i gcuislí an leabhair ach caidreamh Dhónail agus Chormaic, an cur síos ar an bpobal inar tógadh iad agus an cur síos ar iarrachtaí a muintire dul i ngleic le bás anabaí, croí an leabhair.
Go bunúsach tá trí théama sa leabhar. Déanann Dónal cur síos ar Chormac, an duine, an bheocht a bhí ann, an teannas agus an grá a bhí eatarthu mar fhir óga. Níorbh fhéidir iad a scaradh, iad chomh gar dá chéile is atá an t-aon don dó. Bhí siad ar fhoirne peile le chéile agus ar fhoirne do Thráthanna na gCeist. Go deimhin, bhuaileadar mé féin uair amháin agus muid ar an tsraith teilifíse Blackboard Jungle, dhá bhliain is fiche ó shin. Níorbh é sin éacht mór Chormaic, áfach. Peileadóir den chéad scoth a bhí ann. Sin an dara téama atá sa leabhar. Bhuaigh sé boinn Uile-Éireann, boinn Uladh, boinn shraithe, Sigerson, bonn contae le UCD. D’imir sé dá thír. Líonfadh na gradaim a bronnadh air an léirmheas seo astu féin. Bhí sé machnamhach, anailíseach agus d’fhág sé cuntais fhéinmheastóireachta ina dhiaidh. Baineann Dónal úsáid astu anseo. Cíortar cluichí agus foirne móra na linne. Turas taitneamhach ar bhóithrín na smaointe atá ann do lucht an spóirt ach ná cuireadh sé daoine eile dá mbuille. Tá an leabhar seo in ann freastal orthu araon. An tríú téama ná an laoch a bhásaigh go hóg. Ba laoch é, ní mar gheall ar an méid a bhain sé amach ar an bpáirc amháin ach mar gheall ar an obair a tharraing sé air féin ar son a phobail i dTír Eoghain agus CLG. Fear oibleagáideach, coinsiasach a bhí ann. Ró-oibleagáideach, róchoinsiasach a bhí sé, b’fhéidir.
Ansin, tagann muid go dtí an píosa is cumhachtaí dá bhfuil ann, a bhás. Dónal bocht a tháinig air. Tá sé deacair an píosa seo den leabhar a léamh agus ní fhéadfadh sé go raibh sé éasca ar Dhónal é a scríobh. Brón, éiginnteacht, ceisteanna, easpa freagraí. Sochraid ollmhór, buíochas fós dóibh siúd a thaistil i bhfad chun teacht agus ómós a thaispeáint, roinnt acu ar shlí na fírinne iad féin ó shin. Ach, ní chuirtear clabhsúr ar an leabhar ar bhealach éadóchasach. Dá fhad oíche a mhuintire tá gile na maidine sa gcaibidil dheireanach freisin. Déanann Dónal cur síos ann air féin, a bhean agus a chlann agus ar obair na carthanachta The Cormac Trust. Bunaíodh an cumann sin chun aird a tharraingt ar fhadhbanna croí i measc an aosa óig agus trealamh a chur ar fáil chun daoine a shábháil. Is maith ann iad.
Fillfidh mé ar an leabhar seo sna blianta atá amach romhainn. Bainfidh mé sásamh as chuile chuairt. Molaim an leabhar seo. Is fiú go mór é a léamh. Tá súil agam go léifidh níos mó ná lucht spóirt é agus go léifidh níos mó ná na hUltaigh é. Peaca a bheadh ann gan lucht léitheoireachta mór, náisiúnta a bheith aige. ’Sé an leacht cuimhneacháin a bhí tuillte ag an laoch óg uasal Cormac McAnallen é.
Fág freagra ar 'Cuntas iontach ar shaol Chormaic McAnallen ó pheann a dhearthár'