Sáinnithe: Scéal Íobartaigh
Peadar G. Ó Máille
Cló Iar-Chonnacht, €15
Leabhar uafásach is ea é seo.
Nó ba chirte a rá, leabhar uafáis é. Nó leabhar a chuirfidh uafás ort.
Is amhlaidh atá toisc gur tuairisc lom gharbh amh den tslí ar baineadh mí-úsáid ghnéis as aon bhuachaill óg amháin, mar a chuaigh sin i bhfeidhm air i gcaitheamh a shaoil, fara cuntas cuimsitheach ar chúlra agus ar stair na mblianta léanmhara sin nuair a bhí bearta gránna á ndéanamh i bhfios agus i ngan fhios don saol. Scéal pearsanta aon duine amháin atá ann, agus é arna insint go coscrach agus go corraitheach agus go cróga i stíl shaibhir Ghaeilge a léiríonn go fileata (in ainneoin an ábhair) ar tharla dó, agus a raibh ar siúl sa tír ag an am céanna.
Sáinnithe: scéal íobartaigh le Peadar G. Ó Máille (Cló Iar-Chonnacht. €15.00) atá ann, lán 350 leathanach de. Buachaill óg é Peadar agus cónaí air sa Chlochán in iarthar na Gaillimhe, ach gurb as an Lochán Beag dá mhuintir, rud a fhágann gur buachaill Gaeltachta é sa bhaile mór. Níl aon amhras ná go raibh óige thar a bheith sona aige, spórt, spraoi, diabhlaíocht shoineanta bhuachaillí óga, teaghlach láidir grámhar, saoirse sráide is goirt, agus tá grianghrafanna a chomharthaíonn a leithéid sa leabhar. É seo go léir go raibh sé naoi mbliana d’aois agus é i rang a trí sa bhunscoil.
Níorbh é, gan amhras, gur magh meala a bhí sa scolaíocht. Tá sé admhálach ann, cé go raibh na mná rialta a bhí aige ar dtús ‘ceart go leor,’ seachas go raibh ‘an Creideamh agus an Peaca bailithe rud beag sa gcoiricín acu.’ Agus bhí an pionós corpartha go mór i réim go fairsing coitianta ionas gur tuigeadh gurbh fhéidir ábhar a bhualadh isteach i gcloigeann na hóige. Ba ghnáthnós é, deir sé linn, go bhfiafraítí de ghasúr – ‘An raibh tú ar scoil inniu? Cá mhéad clabhta a fuair tú inniu?’ Ba dhóigh leat gur cleachtadh gach n-aon ba ea é sin.
Níorbh amhlaidh don mhéid a tharla ina dhiaidh sin.
Tagann athrú stíle sa leabhar san áit ina ndéanann sé trácht ar an ngníomh gránna arbh éigean dó a bheith páirteach ann in aghaidh a thola. Is geall le sruth coinsiasachta é, abairtí géara gonta ag iarraidh smut den uafás a athchruthú dúinn i bhfoirm focal. Samhlaíonn tú giorra anála a bheith air, ar leith amháin ag iarraidh an méid seo a insint dúinn chomh fírinneach is a thig, ach ar an leith eile ag iarraidh go mbeadh sé thart agus an fhulaingt ghránna i leataobh. Tá an scríbhneoireacht, amh, nocht, lom, scanrúil, ar fhis. Tá seo ar chuid den tráchtaireacht is macánta agus is mó sceimhle a gheobhaidh tú i ndírbheathaisnéis ar bith de chuid na teanga.
Breis uafáis dúinne anois is ea gur tharla sé i lár an lae i mbunscoil bhaile le linn ceachta agus an saol ag dul ar aghaidh taobh amuigh. Go deimhin, tá grianghraf dá thuismitheoirí ina seasamh tamall ón scoil i dtreo dheireadh an leabhair ar fad, ach go bhfuil fuinneog an tseomra inar déanadh drochghníomhartha gnéis air le feiscint go soiléir laistiar díobh. Tá rud éigin a chuirfeadh dinglis fhuar trí chnámh do dhroma ag baint leis an ngrianghraf céanna.
Déanadh buachaill de shaghas eile de ar fad tar éis na heachtra, ní nach ionadh. Ní féidir leis súgradh i gceart, ná liathróid láimhe a imirt, na a chuid obair bhaile a dhéanamh, ná ithe i gceart, ná codladh gan uafás: ‘Ó a Dhia, nil mé in ann anáil a tharraingt. An phluid caite dhe leataobh. Tá mé ag ritheacht chuig an bhfuinneog len í a oscailt. Níl aer ar bith ag tíocht isteach anseo. Níl puth anála agam. Tá mé ag sloigeadh aeir, ní hé go bhfuil mé dhá tharraingt isteach le anáil mar is ceart. Tá mé líonraithe, scantraithe. Tá mo chroí ag bualadh mar a bheadh an diabhal ann.’
Mar bharr ar an líonrith agus ar an sceimhlithe tá náire air. Ach níl a fhios aige cén fáth a bhfuil náire air, agus gabhann seo go bun an truaillithe a déanadh ar an óige ag muca gránna de dhaoine a raibh údarás, agus dá réir sin, cumhacht acu an neamhurchóid a lot. Fágadh sa chaoi é, mar a deir sé, ‘go raibh mé cinnte dhe nárbh fhiú mo sheacht mallacht mé.’ Ina choinne sin, d’éirigh leis dul ar aghaidh sa tsaol toisc gur beirt in aon cholainn amháin a bhí ann, an duine poiblí a labhair le cách, agus an guth inmheánach cráite nárbh fhéidir a bhalbhú. Mar a tharla, is iad an bheirt sin atá ag caint linn sa leabhar, ach gurb é an dara guth is láidre go mór sa chuid is pearsanta agus is íogaire den scéal.
Tá cuid de stair shóisialta thréimhse a óige breactha tríd an insint, go háirithe maidir leis an urraim a tugadh don chléir agus leis an gcumhacht a bhí acu ar chuid de na daoine, go háirithe iad siúd a ghéill dóibh. Is geall le dochreidte anois dúinn an tslí go mbíodh ar an bpobal airgead oscailte a thabhairt don sagart go poiblí faoi shúile cháich nuair a léití an tAifreann sa teach.
Ní insint eile ar fad atá sna caibidlí déanacha den leabhar mar is d’aon uige amháin iad, ach is treise atá ar na scannail éagsúla ar fad a ráinig don eaglais Chaitliceach de dhroim na sagart agus na mbráthar a ghabh de ghránnacht le daoine a bhí faoina gcúram. Déantar athléamh anseo agus tugtar athchuairt ar na scannail b’iomráití díobh siúd fara na coimisiúin is na fiosrúcháin is na scrúduithe is na taighdí éagsúla a déanadh orthu – Tuarascálacha Fearna, McCollough, McCoy, Ryan, Murphy, Chluana – agus iad seo scrúdaithe go mion aige i dteannta na scannal ar déanadh iad a cheilt. Tá cuntais ar leith scanrúil aige ar chuid de na scoileanna tionsclaíochta, go háirithe Leitir Fraic (a bhfuil Leitir Bhreac aige air i dtuairim a athar) nach bhfuil ach deich míle siúil ón gClochán féin. Deir sé go lom: ‘Tá sé dodhéanta an méid drochghníomhartha gnéis a rinneadh ar bhuachaillí sna scoileanna dho bhuachaillí a thomhas.’
In ainneoin sin is uile, chuaigh sé le sagartóireacht agus chaith tamall i Má Nuad, áit ar fhoghlaim sé go leor eile faoin eaglais agus faoin saol. Is é atá láidir air, áfach, agus tugann seo le fios ar shlite éagsúla tríd an leabhar: ‘Níor mhaith liom go mbeadh an dallach dubh nó seachmall ar aon duine faoi seo agus ba mhaith liom a dhearbhú…nach bhfuil mé ar bhealach ar bith in aghaidh na cléire ná in aghaidh na hEaglaise.’ Is í an ‘Eaglais Institiúideach’ sprioc a chuid binbe, alltachta, crá, agus caithfear a rá, fuath chomh maith céanna.
Tagann na Pápaí faoina lasc le cách a chéile, go háirithe Eoin Pól II ‘agus a dhá shúilín ghoithneacha’, agus tugann aghaidh a chraois ar an stát as a bheith chomh faillíoch, neamheolgaiseach, bodhaire Uí Laoghaireach, malltriallach sa ghnó go léir. Agus níl oiread sin dóchais aige go mbeidh feabhas mór ar an scéal ach an oiread toisc gurb í an aidhm is mó atá acu ná ‘ainm agus dea-cháil an Stáit a choinneáil in airde’ chomh maith le sócmhainní agus maoin a shábháil. Focail mhilse, beannachtaí dea-mhéine agus sínteoireacht aimsire polasaí an stáit.
Tá aon mholadh amháin aige nár mhiste do dhaoine machnamh go domhain air. Pé fiosrúchán poiblí uileghnéitheach a dhéanfaí faoi na drochghníomhartha gnéis a tharla sna scoileanna, chaithfeadh ‘an té a bheadh ina bhun agus chuile bhall dhen phainéal fiosrúcháin a bheith ina n-eachtrannaigh,’ óir bheadh ár muintir féin ‘báite calctha i gcultúr na hÉireann’.
Ar fhianaise an leabhair chumhachtaigh phaiseanta seo, cé déarfadh a mhalairt?
WTF
Wow!