Cúirt an Mheán Oíche sa tSeapáinis

Seo é an chéad leagan den dán aistrithe ón nGaeilge go teanga nach Béarla í ó foilsíodh aistriúchán go Gearmáinis le Ludwig Stern i mBeirlín i 1905

???????????????????????????????

Cúirt an Mheán Oíche, dán grinn iomráiteach Brian Merriman, aistrithe ón nGaeilge go teanga nach Béarla í den chéad uair le hos cionn 100 bliain.

Tá an dán cáiliúil Gaeilge aistrithe go Seapáinis ag Cumann Taighde ar Theanga agus Litríocht na Gaeilge i gCiótó na Seapáine.

Bronnadh cóip de leabhar nua ina bhfuil an t-aistriúchán ar Ambadasóir na Seapáine chun na hÉireann, Atsumi,  i Leabharlann Chester Beatty.

Beirt de na scoláirí a d’fhoilsigh an leabhar a dhéanfaidh an bronnadh. Tá Cumann Merriman ag eagrú ócáid cheiliúrtha ina dhiaidh i gcomhar leis an Leabharlann.

Seo é an chéad leagan den dán aistrithe ón nGaeilge go teanga nach Béarla í ó foilsíodh aistriúchán go Gearmáinis le Ludwig Stern i mBeirlín i 1905, 110 bliain ó shin.

Is iomaí sin Éireannach a d’aistrigh an Chúirt go Béarla, ina measc Arland Ussher, Frank O’Connor, David Marcus , Thomas Kinsella , Seamus Heaney agus Ciaran Carson.

Tá beirt d’údair an tsaothair Seapáinise, an tOllamh Kuninao Nashimoto agus an tOllamh Emerita Takako Haruki, in Éirinn faoi láthair. Beidh siad ag freastal ar ócáidí eile atá á n-eagrú ag Cumann Merriman agus na ranna Gaeilge agus Seapáinise in Ollscoil Luimnigh i mBaile Átha Cliath agus Luimneach.

Reáchtáilfear ócáid chéiliúrtha Bhaile Átha Cliath ag 2.30 i Leabharlann Chester Beatty Dé Máirt.

Tá “ríméad” ar Chumann Merriman go raibh ar a gcumas tacú leis an bhfiontar seo a mhair seacht mbliana, ó 2007 go 201), agus cúis áthais ar leith do Chumann Merriman é gur chuireadar na scoláirí ón Seapáin in aithne don Dr Liam P. Ó Murchú, Scoil na Gaeilge, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, “a d’fhoilsigh an t-eagrán deifnídeach de Cúirt an Mheán Oíche sa bhliain 1982”.

 

Liam Ó Dochartaigh, Cathaoirleach, Cumann Merriman; An tOllamh Kuninao Nashimoto, Ollscoil Hosei, Tokyo; An tOllamh Takako Haruki; An Dr. Tom Hardiman, Leabharlann Chester Beatty; An Dr. Liam P. Ó Murchu, Ollscoil Chorcaí; Máire Ní Neachtain, Leas-Chathaoirleach, Cumann Merriman.
Sinéad Mac Aodha, Stiúrthoir Idirmhalartán Litríocht Éireann; Liam Ó Dochartaigh, Cathaoirleach, Cumann Merriman; An tOllamh Kuninao Nashimoto, Ollscoil Hosei, Tokyo; An tOllamh Takako Haruki; An Dr. Tom Hardiman, Leabharlann Chester Beatty; An Dr. Liam P. Ó Murchu, Ollscoil Chorcaí; Máire Ní Neachtain, Leas-Chathaoirleach, Cumann Merriman.

 

Fág freagra ar 'Cúirt an Mheán Oíche sa tSeapáinis'